Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

An rud is fearr faoi TG

  • 06-04-2008 11:32AM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Sílim féin go bhfuil an rud is fearr faoin bhfóram seo ná go bhfuil mé in ann Gaeilge a úsáid gan daoine frith-ghaelach ag caitheamh anuas orm.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Aontáim le sin!


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Táim ag éirí bréan den áit seo, chun an fhírinne a rá.

    Ní thuigim an meon, "labhraimid Gaeilge, nach iontach muid!?".

    Is maith liom labhairt as Gaeilge, seachas faoin nGaeilge agus ní thaitníonn bheith ag tabhairt amach faoi dhaoine "frith-Ghaelach" liom ar chor ar bith.

    Níor tháinig mé ar éinne riamh a chaith anuas orm toisc go bhfuil Gaeilge agam. Tuigim agus tá meas agam ar dhearcaigh daoine eile. Déanfaidh mé díospóireacht leo agus cuirfidh mé mo thuairim chun cinn, ach ní cháinfidh mé iad trí mheán nach féidir leo a thuiscint.

    Fásaigí suas.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    JC 2K3 wrote: »
    Is maith liom labhairt as Gaeilge, seachas faoin nGaeilge agus ní thaitníonn bheith ag tabhairt amach faoi dhaoine "frith-Ghaelach" liom ar chor ar bith.

    Is féidir comhrá a beidh againn faoi pé rud ba mhian leat, ach is í an Gaeilge saghas "common factor" dúinn.
    JC 2K3 wrote: »
    Ní tháinig mé ar éinne riamh a chaith anuas orm toisc go bhfuil Gaeilge agam. Tuigim agus tá meas agam ar dhearcaigh daoine eile. Déanfaidh mé díospóireacht leo agus cuirfidh mé mo thuairim chun cinn, ach ní cháinfidh mé iad trí mheán nach féidir leo a thuiscint.

    Ag caint faoi Conchubhar?

    Ag an am céanna bhíos fhéin i scoil rugbaí agus bhí an meon frith-gaelach ann. Bhí daoine cinnte go raibh mé páirteach do Óige Sinn Féin, bhí ráflaí láidir ann.

    Déanaim comhrá faoi rudaí, ach má maslaítear mé, nílim chun luí síos.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    JC 2K3 wrote: »
    Táim ag éirí bréan den áit seo, chun an fhírinne a rá.

    Ní thuigim an meon, "labhraimid Gaeilge, nach iontach muid!?".

    Is maith liom labhairt as Gaeilge, seachas faoin nGaeilge agus ní thaitníonn bheith ag tabhairt amach faoi dhaoine "frith-Ghaelach" liom ar chor ar bith.

    Ní tháinig mé ar éinne riamh a chaith anuas orm toisc go bhfuil Gaeilge agam. Tuigim agus tá meas agam ar dhearcaigh daoine eile. Déanfaidh mé díospóireacht leo agus cuirfidh mé mo thuairim chun cinn, ach ní cháinfidh mé iad trí mheán nach féidir leo a thuiscint.

    Fásaigí suas.

    An teideal ar an snáithe seo ná "An rud is fearr faoi TG". Níl aon bhac ort do snáithe féin a tosú ar "An rud is measa faoi TG". Cé gur maith leat bheith 'ag labhairt as Gaeilge', feicim nach bhfuil snáithe ar bith tosaithe agat anseo le bliain anuas.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Ní thosaím snáithí go minic, in aon fóram, ní amháin anseo. Is dóigh liom gur chuid do mo phearsantacht é díreach snáithí eile a fhreagairt seachas iad a thosú. Ní cheapaim go bhfuil aon baint ag sin le báilíocht mo thuairim.

    (Ach, ós rud é go ndúirt tú é, bfhéidir tosóidh mé snáithe anois)


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    JC 2K3 wrote: »
    Ní thosaím snáithí go minic, in aon fóram, ní amháin anseo. Is dóigh liom gur chuid do mo phearsantacht é díreach snáithí eile a fhreagairt seachas iad a thosú. Ní cheapaim go bhfuil aon baint ag sin le báilíocht mo thuairim.

    (Ach, ós rud é go ndúirt tú é, bfhéidir tosóidh mé snáithe anois)

    Chonaic mé do snáithe, ach bhí mé ag tnúth le rud suimiúil nach raibh "faoin nGaeilge". B'fhéidir go mbeifeá in ann teacht suas le smaoineamh éigin i gceann bliana eile.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    B'fhéidir go mbeadh....


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Poll Dubh wrote: »
    Sílim féin go bhfuil an rud is fearr faoin bhfóram seo ná go bhfuil mé in ann Gaeilge a úsáid gan daoine frith-ghaelach ag caitheamh anuas orm.

    Búúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúú!

    Síos leis an Ghaeilge.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Karlusss wrote: »
    Búúúúúúúúúúúúúúúúúúúúúú!

    Síos leis an Ghaeilge.

    A dhiabhal, níl aon éalú!:D


  • Banned (with Prison Access) Posts: 31,119 ✭✭✭✭snubbleste


    An bhfuil aon tuairaimi ag éinne faoi cannuint Chaoimhe Ni Choncoille a bhionn ag léamh an nuacht ar RTÉ is ag tabhairt tuairisci ar Nuacht TG4?
    Ceapaim go labhraionn si an-mhall (ró-mhall fiu) is go dtógainn si an iomarca ama an scéal a chuir trasna, is ba mhaith liom bualadh lei go pearsanta uair éigin le fail amach an ba sin an bealach cainte ata aici i gconai!


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,436 ✭✭✭Suaimhneach


    Bíonn plé ar rudaí a bhfuil bainteach leis an Gaeilge, is maith liom sin. Freisin bíonn roinnt craic ann anois is arís.

    An bhfuil aon duine eile sub-scríofa le nuacht litir Gaelcultur, tá sé iontach ar fád.


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    Cliste wrote: »
    Is féidir comhrá a beidh againn faoi pé rud ba mhian leat, ach is í an Gaeilge saghas "common factor" dúinn.



    Ag caint faoi Conchubhar?

    Ag an am céanna bhíos fhéin i scoil rugbaí agus bhí an meon frith-gaelach ann. Bhí daoine cinnte go raibh mé páirteach do Óige Sinn Féin, bhí ráflaí láidir ann.

    Déanaim comhrá faoi rudaí, ach má maslaítear mé, nílim chun luí síos.

    ah

    cuir ceist ar mo. . .


Advertisement