Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ríomhaireacht as Gaeilge

  • 21-01-2008 3:10pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭


    Tá mé tar éis suíomh nua a thosú chun na áiseanna Gaeilge atá le fáil do ríomhairí a chur i láthair: Má tá suim ag éinne san suíomh seo é

    Riomhaireacht trí Gaeilge

    Agus má tá aon smaointí agaibh (agus ceartúcháin) abair liom. Agus Tá a fios agam go bhfuil mo chuid litriú go hannais!


Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Maith thú a Chliste, an áisiúil ar fad agus tá áthas orm Gaeilge a fheiceáil mar phríomhtheanga ar an tsuíomh.:)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ah bhuel tá an iomairce suíomh as Béarla faoin Gaeilge ar aon nós!


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Cliste wrote: »
    Ah bhuel tá an iomairce suíomh as Béarla faoin Gaeilge ar aon nós!

    Aontaím leat!

    Tá cúpla ceartúchán agam duit, is féidir Gaelspell a fháil saor in aisce do MS Word nuair a roghnaítear Gaelspell gan thacaíocht theicniúil.
    Tá nasc go Focal.ie ag feidhmiú gan fhadhb ach tá mí-litriú beag agat ann. Sílim freisin go bhfuil gá le nóta beag breise ag míniú nach bhfuil ach XP as Gaeilge le fáil ó Mhicrosoft mar chóras oibriúcháin faoi láthair.

    Ní raibh a fhios agam go raibh 'Open Office' le fáil i nGaeilge, beidh mé ag baint triall as chomh luath is féidir liom.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Go raibh míle Draneol- tá mé ag ceartú iad anois!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Cliste wrote: »
    Tá mé tar éis suíomh nua a thosú chun na áiseanna Gaeilge atá le fáil do ríomhairí a chur i láthair: Má tá suim ag éinne san suíomh seo é

    Riomhaireacht trí Gaeilge

    Agus má tá aon smaointí agaibh (agus ceartúcháin) abair liom. Agus Tá a fios agam go bhfuil mo chuid litriú go hannais!


    Tá cuma an-mhaith air. Maith thú! Seo cúpla ceartúchán don leathanach:
    Fáilte chuig mo suíomh nua. Tá mé ag irí na deiseanna ríomhaireachta pearsanta atá as gaeilge a chuir i láthair, Ná bí ró crua- tá an suíomh fós faoi obair. Mar ar deirim treasna Ní suíomh é seo chun an Gaeilge a fhoghlaim- ach má thuigeann tú é seo ní beidh fadhb ar bith agat. Tá nasc eile le fáil thíos

    Fáilte chuig mo shuíomh nua. Tá mé ag iarraidh na deiseanna ríomhaireachta pearsanta atá as Gaeilge a chur i láthair. Ná bí ró-chrua orm - tá an suíomh fós á fhorbairt. Mar a deirim thall, ní suíomh é seo chun an Ghaeilge a fhoghlaim - ach má thuigeann tú é seo, ní bheidh fadhb ar bith agat. Tá naisc eile le fáil thíos.

    Is é 'fóram' (iolra - fóraim) an Ghaeilge ar 'forum'. Bíonn ceannlitir ar 'Gaeilge/Gaelach' i gcónaí.

    Agus cuir an nasc seo ar an suíomh chomh maith: http://www.peoplesrepublicofcork.com/gaeilge/


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Cliste wrote: »
    Tá mé tar éis suíomh nua a thosú chun na áiseanna Gaeilge atá le fáil do ríomhairí a chur i láthair: Má tá suim ag éinne san suíomh seo é

    Riomhaireacht trí Gaeilge

    Agus má tá aon smaointí agaibh (agus ceartúcháin) abair liom. Agus Tá a fios agam go bhfuil mo chuid litriú go hannais!

    Maith thú Cliste


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Múinteoir wrote: »
    Seo cúpla ceartúchán don leathanach:

    Ceartaigh mé na botún sin! Agus chur mé an nasc isteach, cé nach dócha go raibh duine ar bith ó Corcaigh ar an suíomh (Ach freisin deirean mo statcounter go bhfuil Westport ina cathair!)

    Go raibh míle maith agat a Mhúinteoir, agus freisin a Stollaire.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Níl a bhuíochas ort a Chliste. Molaim do chuid iarrachtaí. Cúpla ceann eile:
    Fós ag fás, ach an soiléir

    Fós ag fás, ach an-soiléir (Is gá fleiscín (-) a úsáid i gcónaí nuair a bhíonn an chiall very leis an bhfocal an.)
    Do sibhse i gCorcaigh

    Daoibhse i gCorcaigh
    (íochta)

    íoctha. Ach le fírinne, b'fhearr táille le híoc a úsáid. Tugann íoctha le fios go an t-airgead íoctha cheana féin ag an duine!

    Maidir leis an nasc le politics.ie, an bhféadfá nasc díreach a dhéanamh leis an bhfóram Gaelach ansin, in áit an naisc le príomhleathanach an tsuímh féin? Bail ó Dhia ar an obair! :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Go raibh míle maith agat, ach níl myspheres ag obair anois.... :-/

    Smaointí do host saor eile éinne??


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir




  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 984 ✭✭✭NextSteps


    Níl an nasc ag obair domsa.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Yea- Tá brón orm gach duine- seo é ag obair anois - (Tá go leor ceartúcháin nach bhfuil i láthair...) Bhíos ana gnóthach le deanaí agus Tá mé ar ais san Ollscoil.

    Go raibh míle míle maith agat a Mhúinteoir arís, Tá freewebs.com ana ana mhaith, agus easca freisin!

    An nasc ná:

    http://riomhaireacht.webs.com/


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Audacity le fáil i nGaeilge freisin. Is eagarthóir fuaime é agus tá sé saor!


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Rinne Goibhniu www.gaelix.org


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Poll Dubh wrote: »
    Audacity le fáil i nGaeilge freisin. Is eagarthóir fuaime é agus tá sé saor!

    Yea, caithfidh mé obair ar an suíomh, bhíos ó ríomhairí ar feadh tamall:(

    Go raibh míle, beidh sé ann (an seachtain seo geallaim:D)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá réimse maith clár ar an liosta luaite ag dlofnep ach ní raibh seans agam triail a bhaint astu go fóilleach.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Chonaic mé é sin freisin, déanfaidh mé iarracht iad a chuir suas inniu freisin....

    Argh obair, tá mé ar mo laethanta saoire damn é:D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Déanta!

    Féach ar tux Paint (naisc ag Gaeilix.org nó riomhaireacht), is spraoi mór é!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Maith thú! Tá sé dochreidte an méid clár atá le fáil anois as Gaeilge.

    Ba bhreá liom leagan Gaelach de Vista a bheith agam ach níor chuala mé aon trácht faoi fhorbairt a leithéid.


Advertisement