Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Cártaí Nollag

  • 30-11-2007 04:41PM
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭


    Tá sé am anois a bheith ag scríobh cártaí Nollag go háirithe má tá gaolta/cairde thar lear agat. Seo thíos cúpla frása chun blas Gaelach a chur orthu más mian leat:

    Nollaig shona - Happy Christmas

    Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise daoibh/duit - Happy Christmas and a prosperous new year to you (plural/singular)

    Beannachtaí an tSéasúir - Season's greetings


Comments

  • Closed Accounts Posts: 3,243 ✭✭✭kelle


    Go raibh maith agat, a dhranoel!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    But anyone reading it who needs those things translated won't be able to understand the first sentence??

    Yeah sorry I'm not even gonna try write in Irish.


    A mhodhnóirí, glanaigí amach an teachtaireacht seo agus an ceann thíos faoi le bhur dtoil. Tá mé lán-sásta déileáil le daoine a bhfuil Gaeilge lag acu, ach níl meas ar bith agam ar dhaoine a thagann isteach san fhóram seo agus gan iad fiú sásta iarracht a dhéanamh. Gníomh maslach dúinn é amach is amach. :mad:


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Is cosúil nach bhfuil mórán spiorad Nollag ag mo dhuine thuas. Sheol mé géarán go dtí na modhnóirí leis an triantán dearg sa bhun-cúinne den phost.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Seo daoibh cúpla ceann eile ó smaointe.com, comhlacht sa Tuaisceart a dhíolann cártaí éagsúla le teachtaireachtaí as Gaeilge:

    Go raibh suaimhneas 's sonas na Féile ort agus ar do mhuintir... - May the peace and happiness of the Season be with you and yours....

    Go mbeirimid uile beo ar an am seo arís - May we all be here this time again

    Ag smaoineamh oraibh/ort um Nollaig - Thinking of you (plural/singular) at Christmas


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Tá an ceart ag mo dhuine thuas ansan, ní bheidh aoinne in ann teanga ár sinsear críonna a thuiscint, mar sin de ghnáth liom, cuirim "beannachtaí" eile iontu!

    Go lí Santaí do Mhamaí

    Go n-ithe Santaí do bhall fearga

    Go salaí an Triúr Saoithe do chuid fo-éadaigh

    srl srl....


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 14,330 ✭✭✭✭Amz


    Táim ag iarraidh Cártaí Nollag as Gaeilge, an bhfuil fhios ag aon duine cén siopa(í) atá siad ar fáil?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Amz wrote: »
    Táim ag iarraidh Cártaí Nollag as Gaeilge, an bhfuil fhios ag aon duine cén siopa(í) atá siad ar fáil?

    Má tá tú i do chónaí i gceantar Bhaile Átha Cliath, is féidir iad a cheannach i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge. Mura bhfuil tú i ngar dó sin, d'fhéadfá iad a cheannach ar an idirlíon ag www.smaointe.com


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 14,330 ✭✭✭✭Amz


    Go raibh maith agat Múinteoir.


Advertisement