Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Bainisteoir Nua?

  • 29-11-2007 6:21pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 6


    Agus Paul Jewell ina bhainisteoir ag Derby anois, síltear gurb é Terry Venables an duine amháin ag an nóiméad arbh'fhéidir leis an FAI a cheapadh don fhoireann sacair. Níl aon tuairim agam féin faoi, toisc go raibh sé roimh mo linn, ach tá a lán taithí aige is dócha, rud a bhí ar iarradh le Steve Staunton. Ní maith le hEamonn Dunphy é, agus ní cheapfadh é Terry, ar aon nós, ach cad a gceapann sibh féin? Cé mhaith leat a bheith ina bhainisteoir, más aon duine?

    Bhí mé ag éisteacht le hOff The Ball ar Newstalk aréir, agus bhí Dúitseach ag rá gur mhaith leis a bheith ina bhainisteoir dúinn, ach níor rug mé ar a ainm. Ar aon nós, tá áthas orm go bhfuil an FAI ag fancht, nach ag brostú agus ag ceapadh as bharr a gcloiginn, agus go bhfuil siad ag lorg tuairim na peilideoirí, nach iad amháin. Bhí John Giles ag déanamh iarracht an post a mhíniú do Phaul Jewell, agus ba mhaith liom é a bheith mar bhainisteoir dúinn, murar dheachaigh sé chuig Derby, mar bíonn sé an-mhaith le hachmhainní teoranta, go háirithe imreoirí atá óg, ach a bhfuil potential acu, mar atá againne féin.

    Beidh iarrthóirí eile, ar ndóigh, agus go dtaga an fear ceart chugainn.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Faoiseamh wrote: »
    Beidh iarrthóirí eile, ar ndóigh, agus go dtaga an fear ceart chugainn.

    Tá súil agam go mbeidh tú ceart. Tá an FAI ag tógáil a gcuid ama ar roghnaíocht an bhainisteoir nua ach tar éis an cluas muca a dhéanamh siad le Stan níl an dara suí sa bhuaile acu. B'éigean dóibh íomhá a chruthú go bhfuil cumas acu bainisteoir maith a fháil don fhoireann. Gan dabht tá an príomhfheidhmeannach John Delaney ag mothú an teas, ceapaim go mbeadh a phost i mbaol mura aimsíonn sé duine feiliúnach. An bhfuil El Tel an fear ceart chun Éirinn a chur ar ais ar an léarscáil? Ní bheadh sé féin ag cur an liathróid i gcúl an lín, braitheann sé ar na himreoirí ar an bhfaiche freisin.


Advertisement