Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Tá an Geimhreadh buailte linn...

  • 14-11-2007 5:49pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭

    Fuar, dorcha agus fliuch....:(

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer

    Éiríonn sé chomh-dorcha chomh-luath le déanaí. Níl mé abhaile ón scoil ach leathuair agus tá an grian imithe. Bleh.

    Ar an taobh eile, is leithscéal maith é scairf a chaitheamh.

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach

    Yeah, bhí mé ag fanacht ar an mbus le haghaidh timpeall 15 nóimead agus d'athraigh an lá go hoíche comh tapaigh sin!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Nuair a chuirtear na cloig siar uair amháin i Mí Dheireadh Fómhair, déanann sé difear mór do sholas an lae.

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach

    Cinnte. Bíonn a lán daoine in ísle brí mar thoradh ar.
    Ní chuireann sé isteach orm go mór, comh bhfád is go bhfuil cupán tae agam agus an teas ar súil.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,649 ✭✭✭Catari Jaguar

    Ta san nioclas ag teacht anois anuas an similear! Oh! bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go leir!

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Lil Kitten wrote: »
    Ta san nioclas ag teacht anois anuas an similear! Oh! bualadh bos, bualadh bos, bualadh bos go leir!

    Feicim go bhfuil tú go mór faoi thionchar fhógraíocht na siopaí cheana féin. :rolleyes:

  • Closed Accounts Posts: 649 ✭✭✭Jeebus

    Bain me a lan taitneamh as an Geimhreadh seo, mar cheannaigh me tri scairf nua ar an Samhradh, agus ta se go halainn ar fad !!

    Ta sceal maith ag baint le scairf amhain, nuair a chuaigh me isteach an siopa chun an scairf a cheannaigh, cheap an siopadoireacht go raibh me an an daithiuil ar fad !! Ach...fear is ea an siopadoireacht !! :(

    ;) Gabh me leithsceal ar me gaelige :p

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Báiste, báiste, báiste inniú.

    Táim ag síneadh don ghunna.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Fan linn a Kharlusss!

    Olc liom an aimsir ghruama; cuireann sé isteach go géar ar shláinte mo chinn. Chaith mé tréimhse le déanaí sa Fhrainc, agus is mór an maitheas a rinneadh do'm mheon. Is dóigh liom go bhfuil SAD agam (nó go bhfaighim é, deirfinn nach bhfuil mórán difir) mar chuile gheimhreadh bím in ísle bhrí - i bhfad níos measa ná mar a bhím le linn an tsamhraidh. Tá suim agam fáil amach an bhfuil daoine eile ar nós mé fhéin ann.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Níl sé chomh dona sin, nach bhfuil Nollaig ag teacht go gairid. Is breá liom go mór am Nollag (seachas an chóisir oifige). An t-am is measa domsa ná tar éis an Athbhliain nuair a scaipeann mo chairde agus mo mhuintir ar ais go dtí na ceithre hairde. Ach faoin am sin bíonn an lá is giorra tharainn agus cúpla gealltanas úr agam nach bhfuil briste fós.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dranoel wrote: »
    Níl sé chomh dona sin, nach bhfuil Nollaig ag teacht go gairid. Is breá liom go mór am Nollag (seachas an chóisir oifige). An t-am is measa domsa ná tar éis an Athbhliain....

    An easpa airgid. :(

  • Closed Accounts Posts: 6 Faoiseamh

    Bhí smaoineamh craiceáilte agam le linn na tSamhraidh go mbeadh sneachta againn an Nollag seo : ach ag smaoineamh faoinár n-ádh, ní féidir. Ní raibh an ghrian ag taitneamh agus bhí báisteach ag titim go minic, agus de bhrí sin, bhí sé níos fuaire mar a bhíonn sé de ghnáth sa tSamhraidh.

    De réir na h-eolaithe, súíonn an fharragie teas na grian agus coinníonn é, ag scaoileadh aisti de réir a chéile go dtí an Geimhridh - agus deireann siad gurb é an fáth go bhfuil áiteanna in aice an chósta níos the ná lár na tíre sa Gheimhridh, ach níos fuaire sa tSamhraidh. Anuraidh, bhí Samhraidh fhada the againn, agus lean sí tríd an bhFomhar. Bhí Geimhridh níos the againn an bhliain seo. Bhí mé ag ceapadh go mbeadh an teas go léir imithe agus Geimhridh níos fuaire againne - ach stad an teocht de h-ísliú, an drochrud! Bhí súil agam go mbeadh sneachta againne...

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Faoiseamh wrote: »

    Fáilte Uí Cheallaigh romhat a Núíosaigh! Tá súil againn go mbeidh tú ina dteannta anseo le linn an Gheimhridh fhuair fhada. :)

  • Closed Accounts Posts: 3,243 ✭✭✭kelle

    Tá suil agam go mbeidh sneachta againn an geimhreadh seo. Taréis an Samhradh gruama a bhi againn, tá aimsir nios taitneamhach ag teastáil uainn. Is cuma liom cé chomh fuar a bhfuil an aimsir fad is nach bhfuil sé ag cur baisti!

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Toisc go mbíonn sé chomh dorcha, chomh luath, na laethanta seo bíonn na soilse lasta ar na carranna is mise ag tiomáint abhaile. Agus de ghnáth bíonn amadán nó óinseach eicínt ag tiomáint leis na lán-léasacha (full beams)ar a gcarranna. Cuireann sé sin isteach go mór ormsa.

    Sin an rud is measa faoin nGeimhreadh.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    B'fhearr liom Lá Nollag deas liath - saor ó sneachta. Tá an tír seo fuar go leor!

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    GaryOR wrote: »
    Toisc go mbíonn sé chomh dorcha, chomh luath, na laethanta seo bíonn na soilse lasta ar na carranna is mise ag tiomáint abhaile. Agus de ghnáth bíonn amadán nó óinseach eicínt ag tiomáint leis na lán-léasacha (full beams)ar a gcarranna. Cuireann sé sin isteach go mór ormsa.

    Sin an rud is measa faoin nGeimhreadh.

    Agus cad faoi cheannsoilse maolaithe? Uaireanta ceapfá go bhfuil siad dírithe d'aon ghnó ar do scáthán siar. Cuireann sé iontas orm an méid carranna le ceannsoilse nach bhfuil in ord ceart (in ainneoin ár gcairde ag an NCT).

  • Closed Accounts Posts: 6 Faoiseamh

    Múinteoir wrote: »
    Fáilte Uí Cheallaigh romhat a Núíosaigh! Tá súil againn go mbeidh tú ina dteannta anseo le linn an Gheimhridh fhuair fhada. :)

    Maith agat, agus feicim go bhfuil fógraíocht na Nollaig neartaithe le déanaí - ach níos déanaí ná anuraidh, bealach ar bealach éigin. Ar thug aon duine eile faoi deara gur thosaigh sé níos déanaí an bhliain seo?

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Faoiseamh wrote: »
    Maith agat, agus feicim go bhfuil fógraíocht na Nollaig neartaithe le déanaí - ach níos déanaí ná anuraidh, bealach ar bealach éigin. Ar thug aon duine eile faoi deara gur thosaigh sé níos déanaí an bhliain seo?

    'Sea tá siad ag iarraidh níos mó a bhaint asainn i mbliana. Tá sé ag oibriú freisin, thosaigh a lán daoine ag déanamh a siopadóireachta cheana

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Ag caint faoi fhógraíocht ag tosú níos luaithe ná riamh, cad faoin Seó Bréagán óiche amárach ar an Late Late. In ainm Dé, tá sé fós Mí na Samhna!

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    dranoel wrote: »
    Ag caint faoi fhógraíocht ag tosú níos luaithe ná riamh, cad faoin Seó Bréagán óiche amárach ar an Late Late. In ainm Dé, tá sé fós Mí na Samhna!

    Caithfidh mé a admháil, is breá liom an Seó Bréagán!!
    Ach is fuath liom na Billy Barry amadáin nó aon ghasúr óg ag rapáil nó ag casadh amhráin.... nó an tslat adhmaid fhéin, mo dhuine Pat.... nó an fíric nach n-oibríonn aon ní le linn an chláir!

    Déanta na fírinne.. is focain fuath liom é!

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Beidh mé ag féachaint air gan dabht. Níl an meon Nollag agam fós (b'fhéidir toisc go bhfuil sé fós Mí na Samhna!) agus tá súil agam go gcuirfidh an seó gliondar an tséasúir orm. Mura gcuirfidh tá seans ann go gcaithfidh mé an teilifís amach an fhuinneog.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    GaryOR wrote: »
    Caithfidh mé a admháil, is breá liom an Seó Bréagán!!
    Ach is fuath liom na Billy Barry amadáin nó aon ghasúr óg ag rapáil nó ag casadh amhráin.... nó an tslat adhmaid fhéin, mo dhuine Pat.... nó an fíric nach n-oibríonn aon ní le linn an chláir!

    Déanta na fírinne.. is focain fuath liom é!

    Níor fhéach mé ar Sheó na mBréagán i gceart ó d'imigh Gaybo, caithfidh mé a rá. Níl mé in ann glacadh le PK sa ról sin.

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Múinteoir wrote: »
    Níor fhéach mé ar Sheó na mBréagán i gceart ó d'imigh Gaybo, caithfidh mé a rá. Níl mé in ann glacadh le PK sa ról sin.

    á, Sheó na mBréagán

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Tá cur síos greannmhar searbhasach déanta ag mac léinn bocht míshásta ar a chuid mothúcháin faoi Am Nollag anseo ina bhlag Gaeilge. Bah humbug...

Advertisement