Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ardú pá don Taoiseach

  • 06-11-2007 6:37pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 6


    Ceard a ceapann sibh faoin ardú pá ollmhór don Taoiseach is na hAirí? Tá Bertie chun E38,000 sa bhreis a thuilleamh gach bliain. Tá sé sin i bhfad níos mó ná mo pá iomlán sa bhliain. Ceapam go bhfuil an sceal ar fad scannalach....


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Is é an ceannaire stáit is mó pá san Eoraip é anois mar gheall air. :rolleyes: Tá siad á chosaint trína rá gur bhronn foras neamhspleách an t-ardú pá orthu agus ní iad féin go pearsanta. Nó sin an leithscéal a bhí ag Bertie Bocht aréir ar an nuacht.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Tá súil agam go bhfuil sonas ar chuile dhuine a chaith vóta ar a son anois.
    Chuala mé mo mháthair ag gearáin faoi, an lá eile, chuir mé in iúl di ar an bpointe nach bhfuil an cead aici gearán a dhéanamh faoi Fianna Fáil go deo nó choíche ós rud é gur chaith sí vóta ar a son san olltoghchán.


  • Closed Accounts Posts: 6 yoyo_naofa


    Sin a duirt mise freisin! Ní thuigim an méid muinín a bhfuil ag muintir na tíre seo i Fianna Fáil. Tugann daoine amach futhú ach nuair a tiocfaidh an chéad olltoghchán eile timpeall, deanfaidh siad an rud ceannann céanna...


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    yoyo_naofa wrote: »
    Sin a duirt mise freisin! Ní thuigim an méid muinín a bhfuil ag muintir na tíre seo i Fianna Fáil. Tugann daoine amach futhú ach nuair a tiocfaidh an chéad olltoghchán eile timpeall, deanfaidh siad an rud ceannann céanna...


    Mar a dúirt an fear, is rud áitiúil í an pholaitíocht go léir. Ní maith liomsa FF ach an oiread, ach go minic bíonn na cumainn an-ghníomhach ag déanamh rudaí do dhaoine go háitiúil agus bíonn go leor daoine ag vótáil dá réir. Go minic ní thugann siad aird ar bith ar an scéal náisiúnta nuair a bhíonn siad ag vótáil.
    Ach ina ainneoin sin, tá FF i bhfad níos laige ná mar a bhí. Bhí an t-am ann nuair a bhí siad in ann rialtas a chruthú leo féin. Bhíodh sé mar bhunphrionsabal acu gan dul i gcomhrialtas. Ach tá an lá sin imithe i bhfad.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    http://www.rte.ie/news/2007/1108/economy.html
    The Taoiseach has called for wage restraint in the next round of talks on a National Wage Agreement, which is due to get under way in February.

    An fear grinn is fearr is ea é, níl aon amhras faoi.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Múinteoir wrote: »
    Is é an ceannaire stáit is mó pá san Eoraip é anois mar gheall air. :rolleyes:

    Ahahahahahahaha

    An pá is mó do gach ceann sa tír, nó an pá is mó lán stad?

    Parlathán Ó hEachtrain, ag fáil níos mó airgead ná Sarko nó Angela?

    Is tír ceart Flann-esque é Éire, sin a deirimse.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    CEU279.gif

    Is breá liom an graf seo thuas.
    Tugann sé léargas maith don pá áiféiseach

    Agus féachaigí ar an teideal ar bharr an ghraf "Small Place, Big Money". Náire orainn!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá grúpa (duine amháin?) éigin ag iarraidh agóid náisiúnta a eagrú ina choinne seo. Tá daoine feargach faoin ardú seo, ach ní dóigh liom go bhfuil siad chomh feargach sin.


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Ní athróidh faic muna dhéanann muid rud! Tá sé úfásach go tharlíonn na rudaí seo...

    Tá Bertie go hiomlan éillitheach (corrupt).


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Jesjes wrote: »
    Ní athróidh faic muna dhéanann muid rud! Tá sé úfásach go tharlíonn na rudaí seo...

    Tá Bertie go hiomlan éillitheach (corrupt).

    Le fírinne, bhí an deis ag daoine an rialtas a athrú i mí Bhealtaine agus ní dhearna siad é. Níl ionadh ar bith orm go bhfuil siad ag éirí sotalach anois tar éis deich mbliana agus cúig bliana eile os a gcomhair amach.


  • Advertisement
  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Níl aon ionadh orm... táthar ag fháil an rud a thuill siad ag cuir FF ar ais i gcumhacht. Ach, ag an am chéanna, is muidne ar fád mar tír a bhfuil ag fúiluint.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Is suimiúil an rud é gur tháinig laghdú ollmhór ar thacaíocht Fhianna Fáil (iontas na n-iontas!) sa dá phobalbhreith dheireanacha, ach nach ndearnadh dochar ar bith do thacaíocht na nGlasach (rud atá tar éis dul suas sa dá chás).


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Untitled+3.jpg

    Níl sé ag dhul go maith dó!


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Aithním an leithreas sin. Chonaic mé an leithreas ceannann céanna i mBeaumont. Bertie bocht, is cosúil go bhfuil sé costasach ag aisíoc na hiasachtaí go léir a fhuair sé thar na bliana.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    dranoel wrote: »
    Aithním an leithreas sin. Chonaic mé an leithreas ceannann céanna i mBeaumont. Bertie bocht, is cosúil go bhfuil sé costasach ag aisíoc na hiasachtaí go léir a fhuair sé thar na bliana.

    Seans ar bith go bhfuil leithreas chomh glan agus atá an ceann sin in aon ospidéal in Éirinn.


Advertisement