Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An mbíonn tú ag taisteal i bhfad ar obair?

  • 16-10-2007 1:13pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭


    Má tá post agat, an bhfuil tú i do chónaí gar do d'áit oibre nó an sclábhaí comaitéireachta thú amhail go leor de mhuintir na hÉireann?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Múinteoir wrote: »
    Má tá post agat, an bhfuil tú i do chónaí gar do d'áit oibre nó an sclábhaí comaitéireachta thú amhail go leor de mhuintir na hÉireann?

    Ní hea buíochas le Dia. Ach taistilím ón Rinn i mBleá Cliath go dtí Stigh Lorgan le haghaidh oibre. Bím ag dhul sa treo eile don trácht ar maidin agus sa tráthnóna, agus is féidir liom aghaidheanna na daoine bochta a fheiceáil sa trácht uafásach agus mé ag tiomáint síos débhealach Stigh Lorgan...he he, slán losers :cool:

    Céard fútsa fhéin?


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Déanaim 100km san iomlán, ann agus as :(, ach ar a laghad níl soilse tráchta ar an mbealach nó mórán tráchta ach an oiread.:) Ach déanaim a lán CO2 agus a lán astuithe eile :( ach is féidir liom éisteacht le RNAG :)


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    GaryOR wrote: »
    Ní hea buíochas le Dia. Ach taistilím ón Rinn i mBleá Cliath go dtí Stigh Lorgan le haghaidh oibre. Bím ag dhul sa treo eile don trácht ar maidin agus sa tráthnóna, agus is féidir liom aghaidheanna na daoine bochta a fheiceáil sa trácht uafásach agus mé ag tiomáint síos débhealach Stigh Lorgan...he he, slán losers :cool:

    Céard fútsa fhéin?

    Ní bhím. Bím ag obair ón mbaile tríd an idirlíon. :cool: Chaith mé seacht mbliana ag taisteal trí thrácht Bhaile Átha Cliath agus tá an ghráin dhearg agam air.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Múinteoir wrote: »
    Ní bhím. Bím ag obair ón mbaile tríd an idirlíon. :cool: Chaith mé seacht mbliana ag taisteal trí thrácht Bhaile Átha Cliath agus tá an ghráin dhearg agam air.


    Níl mé in ann mo shaghas oibre a dhéanamh ón mbaile. Bheadh an iomarca rudaí ag cur isteach orm ar aon nós, ní dhéanfainn faic.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Ní bhím. Bím ag obair ón mbaile tríd an idirlíon. Chaith mé seacht mbliana ag taisteal trí thrácht Bhaile Átha Cliath agus tá an ghráin dhearg agam air.

    á a dhuine, nach ámharach ceart thú. Ba bhreá liom a bheith in ann é sin a dhéanamh.
    Ach ag an am céanna má chaithim an iomarca ama ar an idirlíon mar atá sé faoi láthair nuair ba chóir dhom a bheith ag déanamh airgid do mo cheannasaí, déarfhainn, nach ndéanfhainn faic ach an oiread dá mbeinn ag oibriú sa mbaile.
    ach is féidir liom éisteacht le RNAG

    'Sea sin an rud is fearr faoin gcarr, féadtar éisteach le Adhmhaidin ar maidin agus an Glór Anoir sa tráthnóna.

    Faighim an Luas freisin mura bhfuil cruinniú agam agus mura bhfuil leisce, fuacht is tuirse orm ar maidin.
    Ní fhaighim an Luas mórán níos mó!


  • Advertisement
Advertisement