Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

An Árdteist

  • 15-08-2007 11:06AM
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭


    An bhfuil torthaí faighte ag éinne eile?

    Tá meangadh mór orm fós tar éis mo thoradh Gaeilge a léamh.

    Inseoidh mé an fhírinne, a Bhoards, is tusa is cúis leis an A. Tusa agus tusa amháin...


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Comghairdeachas leat a Karluss. Tá súil agam go bhfuair tú do rogha cúrsa ollscoile chomh maith. Is cinnte gur iontach an áis í an t-idirlíon i gcoitinne chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, má tá tú cliste go leor chun leas a bhaint as.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Karlusss wrote:
    An bhfuil torthaí faighte ag éinne eile?

    Tá meangadh mór orm fós tar éis mo thoradh Gaeilge a léamh.

    Inseoidh mé an fhírinne, a Bhoards, is tusa is cúis leis an A. Tusa agus tusa amháin...

    bhí tú ag baint úsáide asainn...... braithim salach.....

    ar aon nós, comhghairdeachas leatsa, toradh iontach iontach maith is ea é. :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Fuair mé A2 san Gaeilge, tá mé chomh sásta, mar ní chuirtear béim ar an Gaeilge san scrúdú, tá orainn aistí a scríobh faoi stair agus dánta, agus caitear an iomarca t-am ag múineadh iad....


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,161 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Fuair mé A2 freisin. Táim beagáinín mí-shásta leis, cheap gach duine go mbeidh A1 agam. Ní maith liom Paipéir 2! :(;)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Fuaireas A1. Táimse an-sásta leis sin.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    An Fhile wrote:
    Fuair mé A2 freisin. Táim beagáinín mí-shásta leis, cheap gach duine go mbeidh A1 agam. Ní maith liom Paipéir 2! :(;)

    Céard a bhí cearr leis?


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Fuair mé A1, go nádúrtha.

    Bhí mé ar TG4 ag caint faoin Ardteist agus mo 570 pointe :p

    http://www.tg4.ie/Webt/webt.htm

    Táim ar "Nuacht TG4 15/8", timpeall 6 nóiméad istigh, an duine leis an seaicéid leathair.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 31,161 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    M&#250 wrote: »
    Céard a bhí cearr leis?

    Dhéanainn praiseach den bpáipéir sin gach uair (ahem, stair na litríochta, ahem...;) ) Táim cinnte go raibh mo bhéal triail, mo chluas tuiscint agus Páipéir 1 den scoth i Mí Meitheamh! :D


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    An bhfuil tú chun dul isteach chun féachaint air?


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Maith sibh go léir, fuair mé D nuair a rinne mé í. Ní raibh mórán suim agam sa teanga ag an am.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    dranoel wrote:
    Maith sibh go léir, fuair mé D nuair a rinne mé í. Ní raibh mórán suim agam sa teanga ag an am.

    Tá tú cosúil leis an mac drabhlásach, dranoel. Bhí sé caillte ach anois tá sé fillte orainn. ;)


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    dranoel wrote:
    Maith sibh go léir, fuair mé D nuair a rinne mé í. Ní raibh mórán suim agam sa teanga ag an am.

    Fuair mé D sa ghnáthleibhéal freisin


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    M&#250 wrote: »
    Tá tú cosúil leis an mac drabhlásach, dranoel. Bhí sé caillte ach anois tá sé fillte orainn. ;)

    Tá mé ag dul sa treo ceart anois, ceapaim. Is maith an rud é go bhfuil an fóram anseo mar thugann sé deis dom an teanga a úsaid agus a cleachtadh ar bhonn laethúil. Táim buíoch duit agus na boardies eile a choinneáil an fóram seo beo bríomhar (agus a thugann neamhaird ar mo bhótúin gramadaí!).


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,195 ✭✭✭Corruptedmorals


    Fuair mé b2 sa Gaeilge. Táim chun an grád sin a achomharc. Ní bhfuair mé mo rogha cúrsa ollscoile b'fhearr liom, ach fuair mé mo dara rogha, Staidéar nGaeilge i gColáiste na Trionóide agus táim ag féachaint in aghaidh leis.


  • Closed Accounts Posts: 428 ✭✭Selphie


    obl wrote:
    Fuaireas A1. Táimse an-sásta leis sin.

    Mise freisin. Bhí ionadh an domhain orm, mar fuair mé B2 sna reámhscrudaithe!
    JC2KE wrote:
    Bhí mé ar TG4 ag caint faoin Ardteist agus mo 570 pointe
    Ní féidir liom é sin a fheiceáil, ach wow!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,152 ✭✭✭carlowboy


    Fuair mé A2 agus ní raibh mé sona sásta nuair a chuala mé gur bhfuair mé 89% sa scrúdú scríofa agus cluaistuiscint.


  • Closed Accounts Posts: 9,878 ✭✭✭Rozabeez


    B3 domsa, ní raibh mé 100% sásta leis, ach ní dhearna mé morán staidir don Ghaeilge, sin cic sa thón dom.


Advertisement