Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cad is "Éireannachas" ann?

  • 19-06-2007 1:32pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭


    i bhur dtuairimí cearta a Ghaelaigh cad is Éireannachas ann?
    Gan amhras beidh chuile dhuine ar an suíomh seo ag ceapadh go bhfuil an teanga is cultúr na nGael na rudaí is tábhachtaí a bheith ag déanamh cur síos ar Éireannachas.
    Ach conas a smaoiníonn na hÉireannaigh eile faoi, céard iad na tréithe a cheapann siad a bheith tábhachtach chun Éireannachas a mhíniú in bhur dtuairimí?

    Táim ag smaoineamh faoi seo mar tá alt ag Kevin Myers san Indo inniu faoi. Is léir ón alt go mbreathnaíonn Myers ar Éireannachas as a shúile fhéin, súile an Angla-Éireannaigh. Déanann chuile Éireannach an rud céanna, b'fhéidir? breathnaíonn siad ar Éireannachas as a súile fhéin nuair atáthar ag iarraidh é a mhíniú dóibh fhéin.
    http://www.independent.ie/national-news/be-careful-just-who-you-choose-for-your-paragon-of-irishness-704820.html

    bhur mbarúil


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá a chac ag Kevin Myers. Ní bhacaim lena chuid alt a léamh a thuilleadh.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    ó tagaim leat, níl ann ach cacamas de ghnáth, ach thosaigh an t-alt seo mé ag smaoineamh, sin an méid


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Kevin Myers - bhí an méid ceart de chonspóid as nuair a bhí sé ag scríobh don Times (an t-aon nuachtán laethiúil ar fiú léamh i ndáiríre) ach anois san Indo nua frithpoblachtánach, tá sé imithe go hiomlán. Níl ann ach an uncail a chuireann náire ar gach duine ag an mbainis lena ráitisí.

    Cad is Éireannach: Roinnim Éireannachas agus Gaelachas - is Éireannach é Kevin Myers. Ní Gael é áfach.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    GaryOR wrote:
    Gan amhras beidh chuile dhuine ar an suíomh seo ag ceapadh go bhfuil an teanga is cultúr na nGael na rudaí is tábhachtaí a bheith ag déanamh cur síos ar Éireannachas.
    Diúltaím do sin.

    Cultúr na nGael? An teanga? Tábhachtach? meh....

    Níl ann sa theanga Gaeilge ach airí atá deas le bheith againn toisc an féiniúlacht agus an mothúchán neamhspleáchas a spreagann sé.

    Ní raibh an t-alt suimiúil, ach aontaím leis a chur síos ar náisiúnachas:

    "a convenient fiction"


    Bheadh an domhain an-leadránach le dearcaidh shiniciúla bheith ag gach éinne, áfach.

    Níl ann san Éireannachas ach barrshamail bréagach a dtugann mothú "aontachas" dúinn ar fad san oileán seo agus níl ciall len' é a shainmhíniú.

    Ach tá gá leis....


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    JC 2K3 wrote:
    Diúltaím do sin.
    Cultúr na nGael? An teanga? Tábhachtach? meh....

    meh go cinnte.... suimúil
    Ní raibh an t-alt suimiúil, ach aontaím leis a chur síos ar náisiúnachas:
    "a convenient fiction"

    Cén fáth go bhfuil tú ar aon intinn leis an údar faoi sin?
    An gcuirfeadh an smaoineamh faoi Éireannachas isteach ort?
    An gcuirfeadh "náisiúnachas cultúrtha" isteach ort?


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Ní chuireann aon tuairim románsúl faoi chultúr nó náisiúnachas isteach orm.

    Mar a luaigh Karlusss, tá difríocht idir Éireannachas agus Gaelachas sa lá atá inniú ann.

    Is iad gníomhartha, iompar agus tuairimí na daoine a chonaíonn agus a chónaigh ar an oileán seo ná na toscaí is tábhachtaí le bheith ag labhairt faoi Éireannachas.

    Mar a luaigh Myers, ní raibh pobal na hÉireann riamh ar aon tuairim faoi mhórán - agus ní raibh siad ina nGael le fada.

    Is deas an teanga Ghaelach bheith á labhairt againn agus eilimintí den chultúr Gaelach a spreagadh i measc sochaí nua-aoiseach na hÉireann. Is cuid de cultúr na hÉireann é an Gaelachas cinnte. Ach an ionann Éireannachas agus Gaelachas? Ní hionann. An iad an teanga agus an cultúr Gaelach na rudaí is tábhachtaí a bheith ag labhairt faoi ag cur síos ar Ghaelachas? Ní hiad. Is ceist a bhfad níos casta agus teibí í ceist an Éireannachais.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Mar sin, breathnaíonn thú ar chultúr na nGael (Ceol, Spórt agus Teanga) mar rud éicint románsúl, éadrom agus gan chuspóir?

    Is féidir leat a rá go bhfuil difríocht idir "Éireannachas" 'gus "Gaelachas" inniu b'fhéidir! ach tá na Gaeil ag tabhairt Éireannaigh orthub fhéin ar feadh i bhfad 'gus na hÉireannaigh ag tabhairt Gaeil orthub fhéin ar feadh i bhfad freisin!.
    Níl aon difríocht eatarthu i ndáiríre, tagann an focal "Gael" as Breatnais, ach tagann an focal Éireannach as Gaeilge.
    Ciallaíonn an dá fhocal an rud céanna.
    So, más maith leat sainmhíniú a chur ar Éireannachas caithfidh tú breathnú ar Ghaelachas le haghaidh an fhreagra, nach gcaithfidh.
    Níl aon Éireannachas gan Ghaelachas is vise versa.

    Nó an bhfuil Éireannachas nua ann, ceann a tháinic ar na mallaibh i sochaí na tíre.
    Tíogar Cheilteachas.


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,774 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    An Volksgeist Ghaelach, in ea?

    Níl muidne in ann é a phlé toisc ná fuil an Volksgeist inbhraite go leor. Léiríonn sé na nithe a tagann Éireannachas dúinn - ach is coinsias na bpobal atá i gceist. Ceist simiúl dá ainneoin sinn.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Volksgeist: spiorad na haoise

    Níor chuala mé faoi sin roimhe, gura míle


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    GaryOR wrote:
    Mar sin, breathnaíonn thú ar chultúr na nGael (Ceol, Spórt agus Teanga) mar rud éicint románsúl, éadrom agus gan chuspóir?
    Gan cuspóir? Ní hea. Tá gá le rudaí románsúl, éadrom inár saolta le míniú agus féiniúlacht a thabhairt dúinn féin.
    GaryOR wrote:
    Níl aon difríocht eatarthu i ndáiríre, tagann an focal "Gael" as Breatnais, ach tagann an focal Éireannach as Gaeilge.
    Breathnaím ar Ghaelachas mar slí chun cur síos ar dhaoine a leanann traidisiún na nGael. Ní fheicim tromlach mhuintir na hÉireann ag labhairt Gaeilge, go bhfuil mórán suim acu i gceol agus damhsaí Éireannach srl. , áfach.
    GaryOR wrote:
    Nó an bhfuil Éireannachas nua ann, ceann a tháinic ar na mallaibh i sochaí na tíre.
    Tá Éireannachas nua ann, cinnte, tá an tír de shíor ag forbairt agus ag athrú.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    GaryOR tá difríocht soléir idir Gaelachas agus Éireannachas. Ní hionann iad ar chor ar bith.

    Éireannach - duine ó Éirinn, an tír.
    Gael - duine le Gaeilge (Éireannach, Manannach nó ón Albain) nó a leanann cultúr na Gaeil, muna bhfuil an deis acu an teanga a labhairt toisc polaitíocht.

    Dean faire ar chúrsaí teanga san Ind. Is "Indian" iad go léir, ach tá fós streit zu Hause toisc difríochtaí teanga - na ciréibí idir na Marathi agus Gujaratí mar shampla.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Mar sin i do thuairimse,chun a bheith i do Ghael caithfear a bheith in ann Gaeilge a labhairt!
    Ní fheicim an difríocht idir aon ghné den chultúr Gaelach/Éireannach idir spórt Ceol nósannaí agus teanga.
    Sin rud beag ardnósach nach ea a bheith ag rá nach bhfuil dhuine ina Ghael toisc nach bfhuil an teanga aige/aici.
    Céard faoi na mílte mílte daoine timpeall na tíre a imríonns Peil Ghaelach agus iomaíochta, nó liathróid Láimhe.
    Céard faoi na mílte daoine a chasanns ceol Gaelach?

    Nach bhfuil na hÉireannaigh siúd ina nGaeil freisin.
    tá difríocht soléir idir Gaelachas agus Éireannachas. Ní hionann iad ar chor ar bith

    Níl's agam faoi sin, sílim go bhfuil an dá fhocal in-idirmhalartaithe go huile is go hiomlán. go hairid i measc formhór muintir na tíre.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    GaryOR wrote:
    Mar sin i do thuairimse,chun a bheith i do Ghael caithfear a bheith in ann Gaeilge a labhairt!
    Gael - duine le Gaeilge (Éireannach, Manannach nó ón Albain) nó a leanann cultúr na Gaeil, muna bhfuil an deis acu an teanga a labhairt toisc polaitíocht.

    Más féidir an dá focal a usáid don rud céanna, an féidir "Éireannach" a glaoch ar Gael ón Albain?


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Karlusss wrote:
    Más féidir an dá focal a usáid don rud céanna, an féidir "Éireannach" a glaoch ar Gael ón Albain?

    i gcomhthéacs na tíre seo atáim ag caint faoi, ná bac le na hAlbanaigh srl


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Bhuel ní féidir é sin a dheanamh. Ní féidir gan Gaeil ó tíortha eile a chur san áireamh, mar is Gaeil iad díreach cosúil linne. Nílimid níos Gaelaí mar go bhfuil tír Gaelach iomlán againn (in ainm ar aon nós).


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Karlusss wrote:
    Bhuel ní féidir é sin a dheanamh. Ní féidir gan Gaeil ó tíortha eile a chur san áireamh, mar is Gaeil iad díreach cosúil linne. Nílimid níos Gaelaí mar go bhfuil tír Gaelach iomlán againn (in ainm ar aon nós).

    Níl aon ghné eile le Gaelachas seachas an teanga dar leat mar sin?

    An Francach mé má fhoghlaimím Francis? an tIodálach mé má fhoghlaimím Iodáilis?


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote:
    An Francach mé má fhoghlaimím Francis? an tIodálach mé má fhoghlaimím Iodáilis?

    Tá an t-ádh linn go bhfuil dhá focal againn: focal amháin le haghaidh náisiúntacht - 'Éireannach', agus focal eile le haghaidh claonadh cultúrtha - 'Gaelach'. Ní cheapaim go bhfuil a leithéid i bhFraincis; sé 'francophile' an t-aon focal a bhfuil mé in ann smaoineadh ar.

    Tá ceangal tréan idir 'Éireannach' agus 'Gaelach', ach is coincheapa difriúla iad.


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Tá ceangal tréan idir 'Éireannach' agus 'Gaelach', ach is coincheapa difriúla iad.

    Ní raibh sé sin fíor go dtí le déanaí!
    Céard a tharlaigh idir an dhá linn, go gcreidtear go bhfuil difríocht eatarthu anois?

    Céard faoin eaglais agus Caitliceachas, ba iad na tréithe is suntasaí chun cur síos a dhéanamh ar Éireannachas/Gaelachas cúpla bliain ó shoin, ach anois, 'bhfuil aon áit acub i saol na nGael a thuilleadh nó i bhféiniúlacht na nGael


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    http://ga.wikipedia.org/wiki/Gael

    Tá an focal "Gael" bainteach le cultúr agus le teanga. Táim tar éis é sin a rá níos mó ná uair amháin.

    Agus tá trí tíortha ar féidir an t-ainm a úsaid orthu, ní amháin Éireann. Mar sin, ní hionann Gaelachas agus Éireannachas.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    GaryOR wrote:
    Ní raibh sé sin fíor go dtí le déanaí!
    Céard a tharlaigh idir an dhá linn, go gcreidtear go bhfuil difríocht eatarthu anois?

    Céard faoin eaglais agus Caitliceachas, ba iad na tréithe is suntasaí chun cur síos a dhéanamh ar Éireannachas/Gaelachas cúpla bliain ó shoin, ach anois, 'bhfuil aon áit acub i saol na nGael a thuilleadh nó i bhféiniúlacht na nGael


    Le déanaí? Bhíodh Éireannaigh frithghaelach ann le céadta blianta anuas go háirithe ó thuaidh.

    Agus anois creideamh sa scéal - tá sé seo ag éirí an-chasta anois! :p Bhí sé i gcónaí mí-cheart ceangal a dhéanamh idir Caitliceachas agus Gaelachas. Bhí agus tá a lán daoine fíor-ghaelach agus ba/is Protastúnaigh nó de chreideamh eile iad.


  • Advertisement
Advertisement