Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Polaitíocht

  • 30-05-2007 9:05am
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭


    Níl mé róshásta le Lá tar éis an t-alt amaideach faoin IRA agus FARC a chuireadh ar an gcéad leathanach inné. Is cosúil nach bhfuil an nuachtán neamhspleách ar bith. Níl ach urlabhraí é ar shon Sinn Féin atá ag cosaint buamadóirí.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Tagaim leat go huile is go hiomlán faoi sin, ní fheicfear a leithéid in aon nuachtáin eile sa tír, cé is moite An Phoblacht, Irish News is seafóid eile dá leithéid.
    Agus gan amhras, caillfidh an nuachtán léitheoirí sa deisceart dá bharr.
    Ó am go ham cuireann Lá Nua frustrachas mhór orm mar gheall ar a sheasamh claonta chun an eite chlé.
    'Sé sin le rá, ní bhíonn aon chothromaíocht idir scéalta, agus cosúil le Sinn Féin is féidir leob a dhul i bhfad rófhada ar an eite chlé sin!

    Ach ar a laghad tá Foinse ann, agus níl an claonadh céanna acub chun Sinn Féin agus an triúr siúd a bhí bainteach le FARC mar a bhíonn ag Lá Nua.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    GaryOR wrote:
    Ach ar a laghad tá Foinse ann

    Ach chun an fhirinne a rá níl foinse chomh suimiúil, Bíonn sé déanach leis an nuacht (mar is nuachtáin seachtainiúil í) agus níl sé chomh sásúil ar an súil i ma thuaraim...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Tá a mbuanna féin ag an dá nuachtán is dóigh liom. Ach is cinnte go mbíonn claontas polaitiúil gan náire le feiceáil i Lá go minic, rud nach mbíonn le sonrú in Foinse.


  • Closed Accounts Posts: 5 Fionnan32


    Ní Aontaím i ndáiríre..

    Cad faoi mo dhuine Malcolm agus an lámh dearg a bhíonn le léamh sa nuachtán? Sin oráisteachas os rud é go bhfuil a leithéid ann...

    Rud amháin nach dtuigeann sibh b'fhéidir cás Lá Nua agus iad lonnaithe i mBéal Feirste.

    Tá Lady Sylvia Hermen MP & Co. ag obair go crua i gcoinne na teanga go ginéaralta sa tuaisceart (féach ar aighneachtaí i gcoinne Acht teanga TÉ mar shampla), agus tá siad FÓS ag iarraidh Lá Nua a dhúnadh!
    Mar sin an dóigh libh go mbeadh muintir Lá ag scríobh i bhfábhar na ndaoine seo? Ní hea.
    Glacaim leis go bhfuil sibhse ag scríobh anseo ó na 26 contae... Conaím i gcontae lú agus i nDeisceart Bhéal Feirste. Mar sin tuigim meon an dream ó dheas is ó thuaidh..

    Ní aontaím le nuacht aontaobhach de chineál ar bith.. Mholfainn go mór daoibh scríobh chuig an eagarthóir le do thuairimí a chur in iúl @ eolas@nuacht.com


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Aontaím le sin, tá cead ag gach nuachtáin a beidh tuairimiúil, go háirithe le an stair casta fuilteach atá ann ó thuaigh


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    An fhadhb is mó atá agam leis an alt thuas ná gur chuir an nuachtán píosa tuairime ar an gcéad leathanach i riocht nuachta. Tá sé tábhachtach ó thaobh inchreidteacht an nuachtáin de go bhfuil na fíricí loma agus meá le fheiceáil in aon píosa nuachta. Ach tá smaointe pearsanta an údair thar a bheith soiléir ann. Ba cóir a leithéid d’alt a bheith lonnaithe ar an leathanach tuairime.


  • Closed Accounts Posts: 5 Fionnan32


    An fhadhb is mó atá agam leis an alt thuas ná gur chuir an nuachtán píosa tuairime ar an gcéad leathanach i riocht nuachta. Tá sé tábhachtach ó thaobh inchreidteacht an nuachtáin de go bhfuil na fíricí loma agus meá le fheiceáil in aon píosa nuachta. Ach tá smaointe pearsanta an údair thar a bheith soiléir ann. Ba cóir a leithéid d’alt a bheith lonnaithe ar an leathanach tuairime.

    Aontaím leat nach scéal Lch1 atá ann. Ní bhíonn scéalta dá leithéid le léamh sna meáin eile áfach. Go háirithe toisc go bhfuil an chuid is mó acu faoi chumhacht an t-asal O Reilly...


Advertisement