Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
If we do not hit our goal we will be forced to close the site.

Current status: https://keepboardsalive.com/

Annual subs are best for most impact. If you are still undecided on going Ad Free - you can also donate using the Paypal Donate option. All contribution helps. Thank you.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.

Tá an samhradh tagtha

  • 18-04-2007 09:06PM
    #1
    Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭


    Lá iontach deas inniu ab ea é. Thosaigh mé ag smaoineamh go gcuirfinn bád ar cíos agus dul le sruth an tSionainn ar feadh deireadh seachtain. Ach bhain geit asam nuair a chonaic mé na praghsanna ar Emerald Star. B'fhéidir go bhfuil siúlóid níos sláintiúla agus níos saoire.

    Do na daoine a bhfuil suim acu sna héin, chonaic mé mo chéad clochrán den séasúr.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 11,440 ✭✭✭✭Piste


    Aw :) Béidh athas ar mo mháthair, tá sim mór aici sna héin! Lá iontach ab ea inniú, tá dath iontach orm anois, an-donn mar bhí mé ag luí sa gairdín!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,594 ✭✭✭Grudaire


    Díreach in am do mo bhéalthriail freisin! agus ansin béalthriail gearamáinis, agus ansin an rud ceart.... Is fuath liom an Ardtheist!


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Piste wrote:
    Aw :) Béidh athas ar mo mháthair, tá sim mór aici sna héin! Lá iontach ab ea inniú, tá dath iontach orm anois, an-donn mar bhí mé ag luí sa gairdín!
    w00t d'ailse chraicinn! ;)

    Deir siad gur drochrud é téamh domhanda, ach leis an aimsir bhreá seo ní fheicim cúis ghearáin.

    Fírinne mí-áisiúil? Fírinne deas dar liom! :p


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Nílimse féin ach dóite. Ah well.

    Aimsir scrúdaithe a tugtar ar an aimsir a bhfuil againn anois i measc mo cháirde. An ghrian ag taitneamh, na héin ag canadh, gach duine eile sa tír ag baint sult as agus muidne fágtha laistigh ag staidéir.

    Bhí mo bhéaltrial agam in oifig breá geal, áfach. Woop.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 11,440 ✭✭✭✭Piste


    JC 2K3 wrote:
    w00t d'ailse chraicinn! ;)


    Chuir mé mo bhainne gréine orm! Ach bhí sé trí bhlian d'aois...


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Piste wrote:
    Chuir mé mo bhainne gréine orm! Ach bhí sé trí bhlian d'aois...

    Níor mhair an dea-aimsir ar an drochuair, ach ar a laghad, tá seans agat anois buidéal nua uachtar gréine a fháil sula bhfilleann an ghrian!:)


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Óchón, óchón, cár imigh an Samhradh! :(


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Scairbhín na gcuach - deirtear go mbíonn an aimsir olc um an dtaca seo.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Diabhal Samhradh a bhí i ndeireadh na dála. :(


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Má mhaireann an aimsir seo bogfaidh mé chuig Óileáin Asóir.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Cúpla lá ag tús Meitheamh, cúpla lá ag deireadh Lúnasa agus faic eile.


    Tá sé imithe chomh fuar go tobann freisin. Is docha go mbeinn i mo ex-pat Gaelgóir i gceann cúpla bhliain ar aon nós.


  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel


    Tá mé éadmhar l'ainmhí atá in ann dul i ngeimhreachas. (Ba mhaith liom dúiseacht ag Lá Nollaig..sin a méid)



    geimhreachas - hibernation


Advertisement