Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

300

  • 18-04-2007 1:48pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭

    Cad cheap sibh faoi 300, Cé gur scannán iontach é bhí sé ró foireigeanach don teoreainn aoise a fuair sé.

    Ach bhí na cogaí ana-maith...

Comments

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Cliste wrote:
    Cad cheap sibh faoi 300, Cé gur scannán iontach é bhí sé ró foireigeanach don teoreainn aoise a fuair sé.

    Ach bhí na cogaí ana-maith...

    Bhí mé ag smaoineamh faoi sin freisin, fuair sé grádú 15 in ainneoin go raibh a lán foréigin ann.
    ar aon nós cheap mé go raibh sé ana-mhaith agus bhain mé sult as...

    Ar chreid tú go raibh aon chiníochas agus meon frith-homaighnéasach ag baint leis?
    Toisc go raibh a lán cainte faoi sin insna meáin le déanaí agus iad ag rá gur scannán frith-Ioslamach agus xenofóibeach araon atá ann .

    Ar ndóigh is féidir le chuile dhuine a dhul thar fóir leis an gcirte pholaitiúil na laethanta seo.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Cliste wrote:
    Cad cheap sibh faoi 300, Cé gur scannán iontach é bhí sé ró foireigeanach don teoreainn aoise a fuair sé.

    Nár chuala tú? Tá siad tar éis leagan do pháistí a chruthú. Féach anseo. ;)

    Maidir leis an mbunscannán é féin, chuala mé go bhfuil roinnt de na línte ann go huafásach.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Níl 300 feicthe agam fós ach tá mé tar éis leathuair a chaitheamh ag féachaint ar réamhbhlaiseadh. Tá stíl shuntasach aige. Rachaidh mé go dtí pictiúrlann an tseachtain seo chugainn chun é a fheiceáil, ansin tabharfaidh mé mo léirmheas díobh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 11,440 ✭✭✭✭Piste

    Ni fhaca mé 300 fós ach ba mhaith liom, ach chuala mé go raibh a lán fola ann...

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    GaryOR wrote:
    Ar chreid tú go raibh aon chiníochas agus meon frith-homaighnéasach ag baint leis?
    Toisc go raibh a lán cainte faoi sin insna meáin le déanaí agus iad ag rá gur scannán frith-Ioslamach agus xenofóibeach araon atá ann .

    Chun an fhirinne a rá níor cheap mé go raibh. Dúirteadar gur meafar é an scannán don cogadh san Iaraic freisin, leis na baineadh ceann, ach is í mo thuraim gur rinne siad an scannán seo chun a beidh fóreigeanach, agus nuair atá foréigean, caithfear namhaid a chruthú chun cailliúint san deireadh. San dara dul síos ní raibh Xerces fiú Moslamach....

    Bhí na sean Spartans ag chur an homo ghnéiseach chun cinn i measc na saighdiúirí, ach níor léirigh an scannán é sin... San céad dul síos ní cheap mé go raibh saighdiúir ar bith homognéiseach, ach ba iad na laochanna maith na Spartans...

    Is scannán den scoth é, té muna fhaca tú go fóil é!

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss

    Níl ciníochas ag baint leis ar chor ar bith. Sin propaganda ó Tehran, tá an scannán bunaithe ar leabhair a bhfuil bunaithe ar an scannán seo - cén suim a bheadh ag stiúrthóirí agus aisteoirí liobrálach i drochléiriú na sean-Pheirsigh ar aon nós?

    An Ghréig /= Meiriceá, freisin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,649 ✭✭✭Catari Jaguar

    Ó mo Dhia! Is brea liom 300! Tá na fir chomh gnéasach, go háirithe Gerard Butler. Is aoibhinn liom a charachtair. Bhí sé chomh uasal agus paiseanta agus cróga. *sigh*

    Bhí an ceol go hiontach, agus na troid ar fheabahs. Bhí an choreography an suntasach. Agus na graphics freisin, bhí sé cosúil le a bheith ag feicint ar ealain. Chonaic mé é dhá huaire agus táim ag dul arís.

  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Cé go raibh 300 áiféiseach agus chomh fuilteach le seamlas, bhí sé stíleach agus corraitheach. Bunaíodh ar scéal fíor, ach is scannán fantaisíochta é. Níor chuir sléacht na Peirsigh, a bhíodh cosúil le carachtair cartúin, isteach orm ar chor ar bith. Bhí mé ag féachaint ar ‘The Wind That Shakes the Barley’ an oíche roimhe, agus ní raibh aon rud i 300 chomh huafásach leis an radharc céasadh agus an baint iongan.

    Ní fhaca mé aon fo-théama ciníoch. Mo chnámh spairne ná go raibh na Spartain i gcónaí ag caint go raibh siad ag troid ar son saoirse. Ach ina tsochaí bhíodh saoirse ag an aicme gaiscígh amháin. Chun an stíl bheatha Spartach a chothú bhí na mílte mílte sclábhaí ag freastal orthu.....

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    dranoel wrote:

    Tá go leor de Braveheart le sonrú ann, déarfainn. Baintear freanga asam anois má bhíonn aon charachtar sna scánnáin ag caint faoi 'shaoirse'. :rolleyes:

  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR

    Céard a cheapann sibh faoin script uafásach, bhí cúpla (agus nuair a deirim cúpla ciallaím an script go léir beagnach) líne ann a chuirfeadh fonn buinneach ort!!

    Seachas an foréigean , ní raibh mórán ann i ndáiríre.
    Ní féidir libh a rá go raibh sé ar an leibhéal céanna le Braveheart is a leithéid.

    Chonaic mé aríst é ar chóip fhoghlaithe ní raibh mé chomh tógtha leis, caithfear a rá.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 531 ✭✭✭dranoel

    Gan dabht, bhí an comhrá níos cosúla le Heartbreak RidgeHenry V... hoooahhh!!

  • Closed Accounts Posts: 19 JohnnyFilters

    Cheapas gur scannán siamsúil é ach ní raibh a lán smaoineamh ag baint leis, ní raibh sé ceann de na scannáin is fearr a fhaca mé riamh ach tá sé ceart go leor chun cúpla uair a chaitheamh air nuair a bhíonn tada le déanamh.

    FRC

  • Closed Accounts Posts: 3 Poncán Áirithe

    Bail ó Dhia oraibh.

    Chonaic mé an scannán seo i dteannta le mo mhac, agus cheapamar araon go raibh sé go maith. Ní dóigh liom go bhfaca mé an méad sin corpán i scannán ar bith eile, ámh. Cartún a bhí ann, i ndáiríre, ach ceann a bhaineann le stair agus sean-litríocht na nGréagach. Ní rud olc oideachas ar bith a scaipeadh mar sin. Nós iontach é seo chun an oidhreacht sin a choimeád beo, dar liom.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ach bhí sé díreach búnaithe ar cartún

    Aon t-aon rud atá fíor ann ná go raibh troid, agus gur bhuaigh na Persians tar éis troid dona.....

    Ní ach spraoi é i mo thuraim..

  • Closed Accounts Posts: 3 Poncán Áirithe

    Cliste wrote:
    Ach bhí sé díreach búnaithe ar cartún...

    Cinnte, ach tá níos mó ann. Seo alt an-suimiúil faoi, dar liom:
    http://article.nationalreview.com/?q=YWNhNjViZWE5NGNjNzBkMjQ1M2E2ZjdhYjhkYTU3MDk=

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Is alt maith é sin a chara, Tá sé amadach go bhfuil fearg ar na Iranians faoin scannán, mar níl ach scéal aibhéiseach atá siad ag léiriú san scannán....

  • Closed Accounts Posts: 3 Poncán Áirithe

    Scéal a bhaineann le poll mór sa talamh? :confused:

Advertisement