Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An Béarlachadas

  • 08-03-2007 5:01pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭


    An forbairt é béarlachadas atá mar páirt lárnach do gach teanga, nó an fadhb mór é don gaeilge? Tá shamplaí maith ó:

    Ó' Ciuv

    go

    'Oh mo Dh-hia' (cuala mé é!)


Comments

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Cad atá mícheart le "Ó Mo Dhia"?. Ní hé sin sampla rómhaith de Bhéarlachas.

    Muna bhfuil sé mícheart ó thaobh gramadaí de is cuma liom faoi.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ceart go leor, cuala mé é ó cáilíní as D4,
    tagann sé díreach ó 'Oh My God...'

    Ach freisin duirt siad
    Brónsies (Tá brón orm)
    Leidies (Le do thoil)
    Gurbhsies (Go raibh maith agat)


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    lol

    Is as Baile Átha Cliath mé agus d'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge anseo. Mar sin, cé go bhfuil mé cruinn ar thaobh na gramadaí de, agus bheadh mo scríbhneoireacht go maith, uaireanta d'úsáidfainn roinnt Bhéarlachais i mo Ghaeilge cainte agus ní bheadh nathanna cainte traidisiúnta á úsáid agam. Is cuma liom, áfach. Dar liom is díreach canúint éagsúla é.

    Ar aon nós, ní cháinfeá dhuine as ucht béarlagair neamhfhoirmeáilte a úsáid as Béarla. Cad tá cearr le focal ar nós "Brónsies" i gcaint neamhfhoirmeáilte chairde?


  • Closed Accounts Posts: 315 ✭✭gigglingrat


    Ceart go leor, cuala mé é ó cáilíní as D4,
    tagann sé díreach ó 'Oh My God...'

    Ach freisin duirt siad
    Brónsies (Tá brón orm)
    Leidies (Le do thoil)
    Gurbhsies (Go raibh maith agat)

    AGOS. Sin an rud a tarlaíonn nuair a bíonn daoine óga ag labhairt aon teanga ar bith! Scrioseann siad é le béarlagair...na focail is fearr liom ná "cailleadóir" agus "cúmhail!" ....Nilim cinnte conas a litrigh iad.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 829 ✭✭✭zam


    Bhí mé ag léamh leabhar tuaireasoireacht(litrigh??) ó Meiriceá agus bhí "cúpla focail". Duirt sé gur féidir leat "go raibh" a rá le haigh "go raibh maith agat"!!???!

    Níl sin bearlaachadas...ach..meh.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    B'fhéidir go nglactar leis i gceantar éigin i nGaeltacht éigin....


  • Closed Accounts Posts: 310 ✭✭curliq


    Níl rudaí dá leithéid 'oh mo dhia' mícheart, ach níl siad fíor-ghaeilge.
    D'fhoghliam mé 'A Dia', 'A thiarcais', agus 'A Mhaighdean' in ionad 'Oh mo Dhia', ach úsáidim Oh mo Dhia, mar tá an nós agam anois.

    Níor chuala mé Brónsies, Leidies, nó Gurbhsies riamh! goa (gáire os ard - béarlachadas! =p)
    Nuair a bhí mé sa ghaeltacht, bhain muid úsáid 'go raibh míle Síle' agus 'i ndáiríre Ciara?'


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,774 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Ó thaobh teangeolaíocht de, is féidir fás sa teanga á chruithiú, ná féidir?

    Mar sin, beidh an teanga meascaithe avec teangacha eile. (Ar fhaca sibh cad a rinne mé ansin?)


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    curliq wrote:
    Níl rudaí dá leithéid 'oh mo dhia' mícheart, ach níl siad fíor-ghaeilge.
    D'fhoghliam mé 'A Dia', 'A thiarcais', agus 'A Mhaighdean' in ionad 'Oh mo Dhia', ach úsáidim Oh mo Dhia, mar tá an nós agam anois.
    meh

    "Ó a Dhia" = "Oh God"
    "Ó mo Dhia" = "Oh my God"

    Tá "Ó a Dhia" nó "Ó a Thiarcais" níos tradaisiúnta, ach ní bhacaim leis an ráiméis faoi a leithéid de "Ó mo Dhia" gan bheith ina bhfíorGhaeilge. Fásann agus athraíonn teangacha.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Agus cad a cheapainn sibh faoi úsáid an litir v agus z, an masla é sin?

    I mo thuirimse caithfinn glacadh le cúpla forbairt, ach níl siad go léir maith, is féidir 'bh' a úsáid do 'v'.....


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Cliste wrote:
    An forbairt é béarlachadas atá mar páirt lárnach do gach teanga, nó an fadhb mór é don gaeilge? Tá shamplaí maith ó:

    Ó' Ciuv

    Má bhí an scoláire mór Brian Ó Cuív sásta leis... :)

    Is dóigh liom gur rud nádúrtha ar shlí é an Béarlachas, ó thaobh na foclóra de, pé scéal é - is tríd an mBéarla is mó a shroicheann coincheapa nua lucht labhartha na Gaeilge agus ní haon iontas é má chloínn siad leis na focail Bhéarla ar na coincheapa seo. Ní bheifeá ag súil go bhfanfaidís ina dtost go dtí go gcuirfeadh an coiste téarmaíochta focal oifigiúil Gaeilge amach! Ar chóir dúinn iarracht a dhéanamh ansin na téarmaí nua-chumtha a úsáid nuair a thagann siad? Ceist chasta! Úsáidim féin meascán de ghnáth, braitheann sé ar an gcomhluadar ina bhfuilim. Cad a dheineann sibhse?

    Rud eile ar fad, dar liom, is ea nathanna cainte agus struchtúir ghramadaí a aistrítear díreach ón mBéarla agus ná fuil ag dul le comhréir na Gaeilge - is dóigh liom go dtaibhsíonn siad seo an mhí-nádúrtha agus chomh maith leis sin, de ghnáth bíonn slí ann cheanna sa Ghaeilge leis an rud céanna a rá. Caithfimid a chinntiú nach ndéanfar pidgin don nGaeilge! Caithfimid glacadh leis go mbeidh tionchar éigin ag an mBéarla ar an nGaeilge ós rud é go bhfuil Béarla ag gach aon duine a labhrann Gaeilge nach mór, ach gan dul thar fóir leis!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Caithfear a bheith soiléir faoi rud amháin. Ní litreacha Béarla iad v,x,y,z. Is litreacha Rómhánacha iad, cosúil le a, b, c, d srl. Agus bhí an seanchló Gaelach go hiomlán bunaithe ar an aibítir Rómhánach. B'fhéidir nach raibh na litreacha sin sa Ghaeilge go stairiúil, ach ní féidir a rá gur Béarlachas atá i gceist leo.

    Chomh maith leis sin, tá an ceart ag simu. Ní ceart féachaint ar fhocail iasachta cosúil le staighre, nó teilifís nó sacar mar Bhéarlachas. Is focail iasachta iad. Tá focail iasachta ag teacht isteach sa Ghaeilge leis na mílte bliain! Tá focal iasachta sa Ghaeilge ón Laidin, ón bhFraincis, ón mBreatnais, ón Lochlainnis agus ón mBéarla.

    Is an rud atá i gceist le Béarlachas ná struchtúr nó comhréir(syntax) nó nathanna an Bhéarla á n-aistriú go díreach isteach sa Ghaeilge, focal ar fhocal. Samplaí maithe iad "Ó mo Dhia" nó "Tá sé fear" nó "Tá an duine sin fuaim."

    Seo an méid a dúirt an tAthair Peadar Ó Laoire (Peadar Ua Laoghaire) faoi, ag tús an 20ú haois:
    By far the most important matter in connection with the revival of our language is the syntax. If the syntax be good, we have good Irish, even if half the words were foreign. If the syntax be bad, the language is not Irish at all, even though each separate word be the purest Irish.


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    M&#250 wrote: »
    Chomh maith leis sin, tá an ceart ag simu. Ní ceart féachaint ar fhocail iasachta cosúil le staighre, nó teilifís nó sacar mar Bhéarlachas. Is focail iasachta iad. Tá focail iasachta ag teacht isteach sa Ghaeilge leis na mílte bliain! Tá focal iasachta sa Ghaeilge ón Laidin, ón bhFraincis, ón mBreatnais, ón Lochlainnis agus ón mBéarla.
    Aontaím leat go pointe, ach ní mhaith liom focail atá aistrithe díreach ón mBéarla nuair atá focal eile oiriúnach ann cheana i nGaeilge.
    M&#250 wrote: »
    Is an rud atá i gceist le Béarlachas ná struchtúr nó comhréir(syntax) nó nathanna an Bhéarla á n-aistriú go díreach isteach sa Ghaeilge, focal ar fhocal. Samplaí maithe iad "Ó mo Dhia" nó "Tá sé fear" nó "Tá an duine sin fuaim."
    Ach ní úsáidtear an Bhéarla mar a d'úsáideadh a thuille chomh maith. Tá na nathanna cainte traidisiúnta an-shean agus ní féidir bheith ag súil go n-úsáidfeadh ógra na tíre iad ina gcaint as Gaeilge chomh maith le nach féidir leat bheith ag súil go n-úsáidfeadh siad Béarla Shakespeare ina gcuid gnáthchainte.

    Tuigim nach chóir glacadh le gramadach uafásach ar nós "tá sé fear", áfach.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    JC 2K3 wrote:

    Ach ní úsáidtear an Bhéarla mar a d'úsáideadh a thuille chomh maith. Tá na nathanna cainte traidisiúnta an-shean agus ní féidir bheith ag súil go n-úsáidfeadh ógra na tíre iad ina gcaint as Gaeilge chomh maith le nach féidir leat bheith ag súil go n-úsáidfeadh siad Béarla Shakespeare ina gcuid gnáthchainte.

    Tuigim nach chóir glacadh le gramadach uafásach ar nós "tá sé fear", áfach.

    Tá athraithe tagtha ar an mBéarla ó aimsir Shakespeare ach is ón mBéarla féin a tháinig na hathraithe sin don gcuid is mó - is cuid d'éabhlóid nádúrtha na teangan iad. An fhadhb atá ann leis an nGaeilge ná gur ón mBéarla seachas ó éabhlóid inmheánach na Gaeilge féin atá an chuid is mó de na hathraithe ag teacht anois.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    M&#250 wrote: »
    Caithfear a bheith soiléir faoi rud amháin. Ní litreacha Béarla iad v,x,y,z. Is litreacha Rómhánacha iad, cosúil le a, b, c, d srl. Agus bhí an seanchló Gaelach go hiomlán bunaithe ar an aibítir Rómhánach. B'fhéidir nach raibh na litreacha sin sa Ghaeilge go stairiúil, ach ní féidir a rá gur Béarlachas atá i gceist leo.

    Ceart, ach is tionchar mínádúrtha é ar an gaeilge, Tá an aibítir bunaithe ar an aibítir Rómhánach, ach níor tháinig an guta fada ón aibítir Rómhánach... Agus freisin, is ó tionchar an Béarla a úsáidtear na litreacha seo, ní ó tionchar na Rómhánaigh ar ár tír aúsáidtear Béarla go forleathan!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    steiréitíopa

    De réir Karluss i snáth eile, (http://boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2055252349) níl san fhocal sin ach "Béarlachas dochreidte!"

    Ní hea, b'fhéidir nach é an focal is aoibhinne i dteanga chomhaimseartha na nGael ach níl ann ach focal iasachta.

    Mar a mhínigh Múinteoir anseo "Is an rud atá i gceist le Béarlachas ná struchtúr nó comhréir(syntax) nó nathanna an Bhéarla á n-aistriú go díreach isteach sa Ghaeilge, focal ar fhocal. Samplaí maithe iad "Ó mo Dhia" nó "Tá sé fear" nó "Tá an duine sin fuaim."

    Mhol Poll Dubh téarma eile Ó Focal.ie - "Buanchruth". B'fhéidir gurbh fhearr é ach cé mhéid duine a thuigfeadh an focal gan dul i muinín an fhoclóra - ní úsáidtear é. 'Sé "steiréitíopa" an focal atá in úsáid go forleathan cheana.

    Sa chiall nua-aimseartha "íomhá caighdeánaithe buanbhunaithe" níl stereotype i dteanga na Sacsan le fada fiú. Ní gheobhfá é sna sean-fhoclóirí. Ba théarma é ó thionscal na clódóireachta ar dtús. Fuair na Béarlóirí é ar iasacht osna Francaigh sa naoú haois déag. Tháinig "stereo" ón Sean-Ghréigis; ba fhocal Fraincís é "type" cheana a tháinig ón Sean-Ghréigis tríd an Laidin.

    Anois, cuirigí san i bhúr bpíopaí agus bígí ag smócáil libh - más ceadmhach dom Béarlachas ceart a úsáid. ;)

    Uainn go léir anseo in ~37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall.

    FRC


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Aon rud ag tarlú i Chetwynde Downs an bhliain seo?


  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Ach, ní focal é "steiréitíopa". Is cuma liom go bhfuil sé ar Focal.ie. Tá dhá focal ann leis an ciall "stereotype" ann:

    1.steireaphláta
    2.buanchruth

    Ní bhacaim le focla gur léir gur chruthadh iad díreach chun bearnaí a líonadh i bhfoclóir, le daoine a bhí ró-leisciúil seiceáil an raibh focal ann cheana. Agus tá na mílte ann!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    JC 2K3 wrote: »
    Ní bhacaim le focla gur léir gur chruthadh iad díreach chun bearnaí a líonadh i bhfoclóir, le daoine a bhí ró-leisciúil seiceáil an raibh focal ann cheana. Agus tá na mílte ann!

    Táim leat faoi sin a chara, Tá an iomairce -áil á úsáid mar slí éilithe freisin (msh. surfáil)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    JC 2K3 wrote: »
    Ach, ní focal é "steiréitíopa". Is cuma liom go bhfuil sé ar Focal.ie. Tá dhá focal ann leis an ciall "stereotype" ann:

    1.steireaphláta
    2.buanchruth

    Ní bhacaim le focla gur léir gur chruthadh iad díreach chun bearnaí a líonadh i bhfoclóir, le daoine a bhí ró-leisciúil seiceáil an raibh focal ann cheana. Agus tá na mílte ann!

    De réir an Uasail Gúgail: -

    Torthaí 1 - 10 as timpeall 46 le haghaidh steiréitíopa
    Torthaí 1 - 3 as 3 toradh le haghaidh buanchruth
    Torthaí 1 - 5 as 5 toradh le haghaidh steireaphláta

    Ní féidir focail a phiocadh ó fhoclóir gan an comhthéacs a chur san áireamh. Is léir gur téarma teicniúil atá i steiréaphláta. Fiú leis an ciall san níl an focal in úsáid - níl ach iontráil iontaofa amháin.

    Níl ach dhá foinsí ag Google do 'buanchruth'.

    Dála an scéil is téarmaí nuachumtha iad steireaphláta agus buanchruth.

    Ar an lámh eile tagann an céad iontráil de steiréitíopa ó pheann Bhrendan Delap. Seo CV beag:

    "Rugadh Breandán Delap i nGaoth Dobhair i 1965. Tá céim san Oideachas aige ó Choláiste Naomh Muire na Trócaire, Carysfort, agus Máistreacht sa Ghaeilge ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Má Nuad. Iriseoir, léirmheastóir agus údar is ea Breandán. Bhí sé ina chéad eagarthóir ar Foinse ó 1996 go 2003. Ina Chlar-Eagarthóir le Nuacht TG4 faoi láthair. Bronnadh Gradam 'Iriseoir na Bliana' air faoi bhrat duaiseanna náisiúnta iriseoireachta an ESB i 2003 de bharr iniúchadh a rinne sé ar ionsaithe gnéis i gcoláistí samhraidh thar tréimhse dhá scór bliain. Bronnadh Gradam IFTA air don chlár faisnéise Mad Dog Coll i 2000 agus bhuaigh sé príomhdhuais don iriseoireacht chlóite in Oireachtas 1998. Tá cónaí air sa Spidéal. Léirmheastóir drámaíochta freisin é ag The Irish Times in iarthar na hÉireann."

    Fear, is dócha, "a bhí ró-leisciúil seiceáil an raibh focal ann cheana."

    Agus na scoláirí go léir atá ag obair do Acmhainn.ie agus do Focal.ie - nílid ach ag cumadh téarmáí "díreach chun bearnaí a líonadh i bhfoclóir".

    Ambaist, agus ná fuil jab breá bog acu. Ó hanamandiail, ar scrígh mé 'jab' - áááííí - sure níl aon 'j' sa Ghaeilge. Ní focal ceart ceart é 'JAB' in ao'chor. "Post" a bhí i gceist agam dar ndóigh. Ach fan soicind, nach focal iasachta é 'post' freisin - ag teacht ó Bhéarla gránna na nGall gan dabht - ÁÁÁÁ! 'gan amhras' a ba chóra dhom a rá.

    Á! tá m'inchinn ina meascán mearaí. Táim ag dul go dtí an pub - úúps - tigh/teach tábhairne - i gcómhair cúpla pionta chun na nearóga a cheansú beagáinín. Ó! anamandiail, féach ar an gclog - tá sé thar am dúnta. Táim tar éis an oíche go léir a chaitheamh amú ag gúgláil is ag surfáil - Ó! - ga'mo leithscéal - ag scimeáil.

    Sibhse is bhur focain stereotypes. :mad:

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

    FRC


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3


    Míshásta wrote: »
    Agus na scoláirí go léir atá ag obair do Acmhainn.ie agus do Focal.ie - nílid ach ag cumadh téarmáí "díreach chun bearnaí a líonadh i bhfoclóir".
    Ná déan buanchruthú orthu ar fad!


    Ar aon nós, is cuma faoi an méad iontrál atá ar Ghoogle. Nach cheapann tú go gcloiseann "buanchruth" a bhfad níos Gaeilí agus nádúrtha ná "steiréitíopa"?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    JC 2K3 wrote: »
    Nach cheapann tú go gcloiseann "buanchruth" a bhfad níos Gaeilí agus nádúrtha ná "steiréitíopa"?

    Aontaím leat go huile is go hiomlan faoi sin.

    Is fágaimíd siúd mar atá sé.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Beidh mé ag úsáid buanchruth i ngach post agam as seo amach chun scór Google níos fearr a thabhairt do.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Athbeocháin an focal atá ar siúl agat! Is buancruth thú do Gaeilge Nazi ;-)


Advertisement