Advertisement
Help Keep Boards Alive. Support us by going ad free today. See here: https://subscriptions.boards.ie/.
https://www.boards.ie/group/1878-subscribers-forum

Private Group for paid up members of Boards.ie. Join the club.
Hi all, please see this major site announcement: https://www.boards.ie/discussion/2058427594/boards-ie-2026

Ainm an Fhóraim seo

  • 07-03-2007 03:01PM
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭


    Bunaithe ar an snáth eile seo
    Aura wrote:
    Tá amhras orm faoin teideal Tar Éis na hUaire
    An mbeadh Iar-ama níos fearr mar aistriúchán bhféidir...

    Bhur tuairimí?

    A.

    Aontaím. Ní hionann an chiall atá leis agus 'After Hours'. Ba cheart ainm nua Gaelach a chruthú, ní aistriúchán glan ar an leagan Béarla. Céard faoi An Síbín Gaelach? Bhainfeadh sé sin le tithe tábhairne agus ól, caint agus craic agus ar ndóigh d'fhéadfadh ceangal a bheith ann idir é sin agus 'after hours drinking', mar atá sa Bhéarla. Tá sé i bhfad níos fearr ná Tar éis na hUaire, cibé ar bith. Céard a cheapann sibh?


Comments

  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators, Paid Member Posts: 18,830 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Mar a duirt mé cheanna, tá sé faoi scrúdú ag na modhnóirí ag an am seo. Tá fáilte romhabh moladh nó dó a thabhairt dúinn, ar ndóigh!

    Is "An Síbín Gaelach" an ceann is fearr darb fhaca mé.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 263 ✭✭Aura


    An-smaoineamh a mhúinteoir.
    Is Béarlachas atá sa cheann eile..

    An t-aon fadhb leis ná an focal Gaelach, seans go mbeidh daoine ó dtiortha eile á usáid..
    Nó an bhfuil mé ag dhul thar fóir le cúrsaí PC anseo??


    A.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Ba cheart moltaí anseo a scríobh anseo, agus ansin bíodh pobalbhreith ann chun an ceann is fearr a roghnú.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Aura wrote:

    An t-aon fadhb leis ná an focal Gaelach, seans go mbeidh daoine ó dtiortha eile á usáid..

    Ach má tá an áit in úsáid acu, nach daoine Gaelacha iad? :confused: Ní gá a bheith i d'Éireannach chun a bheith Gaelach. Tá go leor Éireannach ann nach bhfuil Gaelach in aon chor! :(


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators, Paid Member Posts: 18,830 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    M&#250 wrote: »
    Ba cheart moltaí anseo a scríobh anseo, agus ansin bíodh pobalbhreith ann chun an ceann is fearr a roghnú.
    Is dócha go mbíodh.
    GRMA.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 263 ✭✭Aura


    Níor thuig mé go gclúdaítear cainteoirí Gaeilge nach Éireannaigh iad leis an bhfocal Gaelach..
    Coinnigh oraibh mar sin.
    Is deas an nath é..


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Déarfainnse go bhfuil aon duine atá báigiúil don nGaeilge agus do chultúr na Gaeilge Gaelach.

    Pé scéal é, b'fhearr i bhfad "An Síbín Gaelach" mar theideal ar an bhfóram dar liom ach má tá moltaí eile ag daoine, d'fhéadfaimis pobalbhreith a dhéanamh mar a dúirt Múinteoir.


  • Closed Accounts Posts: 235 ✭✭antSionnach


    An Sibín Gaelach an bua a fháíl!!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 32,132 ✭✭✭✭is_that_so


    Céard faoi "Cúl an Tí" mar shampla? Narbh dán de Sheain Ó Riordáin é. Nílim cinnte faoin focal "Géalach".

    "Tá Tír na nÓg ar chúl a tí ...."


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    An bhfuil aon mholtaí eile agaibh? Anois an t-am! Agus beidh vótáil againn ansin!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    is_that_so wrote:
    Céard faoi "Cúl an Tí" mar shampla? Narbh dán de Sheain Ó Riordáin é. Nílim cinnte faoin focal "Géalach".

    "Tá Tír na nÓg ar chúl a tí ...."


    Céard faoi 'Tír na nÓg' féin? Ba cheart í sin a chur ar liosta na roghanna chomh maith.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Sin 3 rogha - an bhfuil aon chinn eile agaibh?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Inis Fáil (Ainm fileata ar Éirinn)

    Teach na nGealt (The Nut House)


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    M&#250 wrote: »

    Teach na nGealt (The Nut House)

    :D

    Ach an bhfuil sé "ceart go polaitiúil"?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    Mise ar son an Síbín Ghaelaigh!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,149 ✭✭✭ZorbaTehZ


    An Síbín Gaelach gan dabht. Níl morán craic ag baint leis na gcinn eile i mo thuarimse.


  • Closed Accounts Posts: 16,786 ✭✭✭✭Hagar


    An tinteán. ?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,085 ✭✭✭wow sierra


    ZorbaTehZ wrote:
    An Síbín Gaelach gan dabht. Níl morán craic ag baint leis na gcinn eile i mo thuarimse.

    Vótáil don cheann sin uaimse freisin:) :)


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    simu wrote:
    An bhfuil aon mholtaí eile agaibh? Anois an t-am! Agus beidh vótáil againn ansin!

    An gá dúinn fanacht ar Bhertie chun an Dáil a scor, sular féidir linn an vótáil seo a dhéanamh? :confused:


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu




  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Is breá liom "Teach na nGealt"


Advertisement