Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Comhairliú Poiblí ar an gClann i mBunreacht na hÉireann

Options
  • 05-11-2004 9:08pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭


    COISTE UILE-PHÁIRTÍ AN OIREACHTAIS AR AN bBUNREACHT

    An Teaghlach
    Lorgaíonn an Coiste aighneachtaí i scríbhinn.

    Tá príomhfhorálacha Bhunreacht na hÉireann maidir leis an teaghlach le fáil in Airteagail 41, 42 agus 40.3.

    Tar éis achtú an Bhunreachta , forbraíodh reachtaíocht maidir leis an teaghlach faoi réir na nAirteagal sin agus tá sí soiléiríthe ag na cúirteanna i gcorpas substaintiúil cásdlí.

    Tá Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais, a bhfuil de chúram air an Bunreacht a athbhreithniú ina iomláine, i mbun na hAirteagail seo a scrúdú faoi láthair le féachaint cé chomh maith is a fhónann siad do leas an duine agus an phobail, d’fhonn cinneadh a dhéanamh an gcothódh athruithe orthu cothromaíocht níos fearr idir an dís.

    Is mian leis an gCoiste cuireadh a thabhairt do dhaoine aonair agus do ghrúpaí aighneachtaí a chur chuige i scríbhinn i dtéarmaí ginearálta nó i dtéarmaí saincheisteanna a leithéidí seo:

    • conas is cóir an teaghlach a shainiú?
    • conas is cóir cothromaíocht a bhaint amach idir cearta an teaghlaigh agus cearta bhaill aonair an teaghlaigh?
    • an féidir cosaint bhunreachtúil a thabhairt do theaghlaigh seachas teaghlaigh atá bunaithe ar an bpósadh?
    • an cóir ligean do chúplaí aeracha pósadh?
    • an tagairt sa Bhunreacht don bhean agus dá ‘saol sa teaghlach’, an bhfuil sé seanfhaiseanta agus an cóir é a athrú?
    • an cóir go mbeadh sainchosaint bhunreachtúil ag cearta na máthar nádúrtha?
    • cad iad na cearta is cuí don athair nádúrtha, agus conas is féidir iad a chosaint?
    • an cóir cosaint bhunreachtúil níos leithne a thabhairt do chearta an linbh?
    • an bhfuil gá le hathrú ar an mBunreacht de thoradh Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh?

    Is cóir go sroichfeadh aighneachtaí an Coiste ag an seoladh thíos roimh 31 Eanáir 2005[/i].

    COISTE UILE-PHÁIRTÍ AN OIREACHTAIS AR AN mBUNREACHT
    Urlár a Ceathair, Teach Phoenix,
    7-9 Sráid Laighean Theas
    Baile Átha Cliath 2
    Facs 01 662 5581
    r-phost: info@apocc.irlgov.ie


Advertisement