Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Cainteoirí Dúchasach

Options
  • 30-09-2004 11:45pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 69 ✭✭


    Cé agaibh atá ina gcainteoirí dúchasacha?

    An bhfuil mórán agaibh amuigh ansin, nó an mise an t-aon duine?!!! Níor fhoghlaim mé Béarla go ndeachaigh mé ar scoil.. Ceapann daoine go bhfuil dhá chloigeann orm nuair a deirim é sin! Deireann chuile dhuine an rud céanna.. “I wish I was like you.. it’d be great.. dya speak irish at home?”….. má dheireann duine amháin eile é seo liom maróidh mé iad! Ní freak show atá againn sa ghaeltacht ya know!

    Cheap daoine a tháinig anseo (RathCairn) uair amháin gur aisteoirí muid.. nach bhféadfadh a leithéid go rud is Gaeltacht a bheith ann.. im DEADLY serious.. thóg sí go dona é nuair a thosaigh mé fhéin agus mo chara ag gáire fuithi..

    basically.. tá mé ag iarraidh a fhail amach an bhfuil aon freak eile ar nós mise amuigh ansin :D


Comments

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Ní cainteoir dúchais mé ach is foghlaimeoir líofa mé(ceapaim)
    Chuala mise scéal mar sin ó chairde liomsa atá ina gcainteoirí dúchais. Daoine ón nGalltacht ag éisteacht leo ag caint as Gaeilge agus alltacht orthu, mar nár chreid siad go raibh aon daoine ann a labhraíonn Gaeilge i ndáiríre. Dochreidte! Ach tá daoine mar sin ann.
    Ach caithfear tusicint cheart a bheith ag gach duine ar céard is cainteoir dúchais ann. Is cainteoir dúchais Gaeilge é aon duine a tógadh le Gaeilge. Ní gá gurb as Conamara nó Tír Chonaill iad. D'fhéadfadh duine a shaol go léir a chaitheamh i mBÁC agus a bheith ina chainteoir dúchais Gaeilge. Tá aithne agam ar chúpla duine mar sin.


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Is cainteoir dúchais mise leis! Is bean Gaeltachta í mo mháthair, d'fhoghlaim m'athair Gaeilge agus tógadh sinne le Gaeilge.

    Ceapann daoine áirithe go bhfuil sé sin an-ait, mar a dúirt tú, Stoopidkid. Cuireann siad ceisteanna orainn cosúil le "Why do ye bother?" nó bíonn iontas orthu go bhfuil Béarla maith againn leis.


  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Níl ionam ach foghlaimeoir tuatach.

    Bhuel is iontach an rud é go bhfuil cainteoirí dúchasacha anseo mar cé go bhfuil iliomad suíomhanna ann ag baint leis an nGaeilge ní bhíonn Gaeilgeoirí dúchasacha ag freastal orthu don chuid is mó. N'fheadar canathaobh.

    Is maith liom a chloisint go bhfuil an Ghaeilge fós beo i Rath Cairn mar chun an fhírinne a rá cheapas go raibh an ghlúin óg iompaithe ar an mBéarla.


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Mísh&#225 wrote: »
    Níl ionam ach foghlaimeoir tuatach.

    Bhuel is iontach an rud é go bhfuil cainteoirí dúchasacha anseo mar cé go bhfuil iliomad suíomhanna ann ag baint leis an nGaeilge ní bhíonn Gaeilgeoirí dúchasacha ag freastal orthu don chuid is mó. N'fheadar canathaobh.

    Is maith liom a chloisint go bhfuil an Ghaeilge fós beo i Rath Cairn mar chun an fhírinne a rá cheapas go raibh an ghlúin óg iompaithe ar an mBéarla.

    Tá sé cloiste agam go minic go gcasann óige na Gaeltachta ar an mbéarla go minic nuair atá siad ina ndéagóirí chun éirí amach i gcoinne na dtuistí("teeny rebellion" de chineál éigin) ach go bhfilleann siad uirthi nuair a fhásann siad aníos agus nuair a thagann ciall chucu. :rolleyes:


  • Registered Users Posts: 33,519 ✭✭✭✭dudara


    Is cainteoir ó dúchais mé, rugagh agust tógadh mé i gCill na Marta, Co Chorcaí i Gaeltacht Mhúscraí. Anois, mór an truadh, níl mórán seans agam an Gaeilge a labhairt.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,377 ✭✭✭An Fear Aniar


    dudara wrote:
    Is cainteoir ó dúchais mé, rugagh agust tógadh mé i gCill na Marta, Co Chorcaí i Gaeltacht Mhúscraí. Anois, mór an truadh, níl mórán seans agam an Gaeilge a labhairt.

    A Dhudara, tá foram Gaoluinne ar www.peoplesrepublicofcork.com , cuir fógra ar sin agus b'fhéidir go mbeidh eolas ar fáil ansiúd ar saol na Gaoluinne i gCathair Corcaigh.


  • Closed Accounts Posts: 1,377 ✭✭✭An Fear Aniar


    stoopidkid wrote:
    basically.. tá mé ag iarraidh a fhail amach an bhfuil aon freak eile ar nós mise amuigh ansin :D

    Is freak mé, cinnte ach níl Gaeilge ó dhúchas agam, faraoir. Ceist agam duit. Arbh fhearr leat bheith ag labhairt Gaeilge nó Béarla, dá mbeadh an rogha agat?


  • Closed Accounts Posts: 2,089 ✭✭✭D!ve^Bomb!


    Gaeilge, gan aon dabht!


Advertisement