Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Scannán Nua Stephen Rea

Options
  • 02-09-2004 1:24pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭


    Tá Stephen Rea chun páirt a ghlacadh i gearrscannán nua ó TG4

    Stephen Rea is to star in a new short film for TG4


    Scúp eile TG4 - Rea agus O’Hara

    14 duais a sciob Yu Ming Is Ainm Dom ar fud na cruinne.
    Agus anois, tá scannán leantach ón déantóir iltallannach, Daniel O’Hara, le craoladh ar TG4.
    An uair seo, tá an déantóir scannán óg is mó clú in Éirinn i ndiaidh dul i gcomhar leis an aisteoir is mó clú againn, Stephen Rea, i léiriú nuálaíoch eile.
    Fluent Dysphasia a theideal, scannán gairid a thugann muid, dála Yu Ming, isteach i ndomhan corrach dátheangach Éire uirbeach an lae inniu.
    Dar le Stephen Rea gur bhain sé an dúrud suilt as a dhéanamh.
    “Scéal idir thochtach agus ghreannmhar atá ann,” ar seisean.
    “Tá fadhbanna cumarsáide idir mo charachtar is a iníon.
    “Nuair a iarrann sise cuidiú lena hobair bhaile Ghaeilge, ní thig leis cabhrú mar níl focal Gaeilge aige.
    “Amach leis an oíche sin faoi choinne cúpla deoch ach ar mhúscailt dó an mhaidin dár gcionn, tá a chuid Béarla dearmadta aige – níl aige anois ach Gaeilge.
    “Tig biseach ar a chaidreamh lena iníon dá bharr nó ise an t-aon duine a thig cumarsáid a dhéanamh leis i nGaeilge.
    “San am céanna, tá a chuid compánaigh óil, ar mór leo breathnú ar shacar Shasana, faoi smúid cionn is nach dtig plé leis ar an ghnáthshlí.
    “Thaitin sé go mór liom an scannán seo a dhéanamh agus creidim go bhfuil dearcadh iontach deas, iontach folláin ag Danny agus na daoine eile anseo faoin Ghaeilge in Éirinn, an lá inniu.”
    Le tamall anuas, tá Stephen Rea féin ag foghlaim na Gaeilge agus chuir an Béal Feirsteach fáilte roimh an fhaill seo chun a chuid Gaeilge a chleachtadh is a snasú.
    “Rinne Stephen éacht sa scannán seo,” arsa Daniel O’Hara, “mar a rinne gach duine de na haisteoirí, go háirithe Jayne Stynes, cailín 15 bliana a bhfuil páirt na hiníne aici.
    “Scothaisteoir í a mbeidh cuid mhór cainte ann fúithi amach anseo.”


Comments

  • Closed Accounts Posts: 59 ✭✭*Sinéad*


    fuaimeann sé sin greannmhar.Déan cinte chun an ám léiriú a chuir suas más rud é go bhfuil sé ar eolas ag aon duine. Ach cogar, b'fhéidir gur cheapann tú gur oinseach ceart mé ach ce hé stevie rea?


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Is aisteoir cáiliúil é!
    picture1.jpg
    An aithníonn tú é anois?


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    *Sin&#233 wrote: »
    fuaimeann sé sin greannmhar.Déan cinte chun an ám léiriú a chuir suas más rud é go bhfuil sé ar eolas ag aon duine. Ach cogar, b'fhéidir gur cheapann tú gur oinseach ceart mé ach ce hé stevie rea?


    An bhfuil tú i do chónaí ar oileán leat féin gan teilifís ná raidió a stór? :(


  • Closed Accounts Posts: 59 ✭✭*Sinéad*


    Aithním, go raibh maith agat simu.

    [PHP]
    An bhfuil tú i do chónaí ar oileán leat féin gan teilifís ná raidió a stór?[/PHP]
    Níl, ach is minic nach gcloisim faoi rudaí eagsúla atá ar siúl agus bhí mé díreach ag cur ceiste ám leirithe a chur suas dá mba rud é go raibh sé ar eolas ag aon duine; a stór. :(


  • Registered Users Posts: 2,055 ✭✭✭snickerpuss


    Ní raibh a fhios agamsa cé a bhí sé fresin.
    Whoops.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    *Sin&#233 wrote: »
    Aithním, go raibh maith agat simu.

    [PHP]
    An bhfuil tú i do chónaí ar oileán leat féin gan teilifís ná raidió a stór?[/PHP]
    Níl, ach is minic nach gcloisim faoi rudaí eagsúla atá ar siúl agus bhí mé díreach ag cur ceiste ám leirithe a chur suas dá mba rud é go raibh sé ar eolas ag aon duine; a stór. :(

    Ah a Shinéad, ná bí mar sin! ;) Nílim ach ag magadh. Ach cuireann sé ionadh an domhain orm nár chuala tú féin agus Snickerpuss faoi Stephen Rea. Seo cúpla pictiúr eile de, as roinnt scannán cáiliúil:

    The Crying Game
    0060007.17.jpg

    The Butcher Boy
    39784a.jpg

    Michael Collins
    mic-col6.gif


Advertisement