Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Alice in Irish!

Options
  • 21-11-2003 10:15pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭


    PREAS-RÁITEAS

    Aistriúchán den scoth le Nicholas Williams!

    EACHTRAÍ EILÍSE I dTÍR NA nIONTAS
    Lewis Carrol a scríobh
    John Tenniel a mhaisigh
    Nicholas Williams a d'aistrigh go Gaeilge
    eilis.jpg
    Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2003.
    Baile Átha Cliath: Evertype, 2003. ISBN 1-904808-00-X (crua), ISBN 1-904808-01-8 (bog)

    Leathanach lín ag http://www.evertype.com/gram/eachtrai-eilise.html

    Is seoid de litríocht na bpáistí an leabhar Béarla Alice’s Adventures in Wonderland a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1865. Is iomaí sin teanga a bhfuil aistriúchán den scéal le fáil inti. Foilsíodh aistriúchán Gaeilge le Pádraig Ó Cadhla (1875-1948) sa bhliain 1922 ach ní fhacthas leagan ar bith eile i nGaeilge go dtí anois. Is aistriúchán nua ar fad an leagan seo thíos. K. Verschoyle a rinne na léaráidí le haghaidh aistriúchán Uí Chadhla. Is iad na pictiúir cháiliúla a rinne Sir John Tenniel agus a bhí sa chéad eagrán Béarla atá le feiceáil sa leabhar seo.

    Is ainm cleite ainm an údair Lewis Carroll. Charles Lutwidge Dodgson a bhí air go fírinneach agus is oide le Matamaitic i gColáiste Christ Church in Oxford a bhí ann. Cuireadh tús leis an scéal an 4 Iúil 1862, nuair a rinne Dodgson turas i mbád rámhaíochta ar abhainn na Thames in Oxford in éineacht leis an Oirmhinneach Robinson Duckworth, le hAlice Liddell (deich mbliana d’aois) iníon Dhéan Christ Church agus lena beirt deirfiúracha, Lorina (trí bliana déag), agus Edith (ocht mbliana). Mar is léir ón dán ag tús an leabhair d’iarr an triúr cailíní scéal ar Dodgson agus go doicheallach ar dtús thosaigh sé ar an gcéad leagan den scéal a aithris dóibh. Is iomaí tagairt leathfholaithe don chúigear a bhí sa bhád i dtéacs an leabhair féin.

    =====

    “An bealach sin,” a dúirt an Cat agus é ag bagairt a lapa dheis, “tá cónaí ar Haitéir: agus an bealach sin,” agus é ag bagairt an lapa eile, “tá cónaí ar Ghiorria Márta. Tabhair cuairt ar cibé duine acu is mian leat: tá siad as a meabhair beirt.”

    “Ach nílim ag iarraidh dul i measc daoine atá as a meabhair,” a dúirt Eilís.

    “Níl leigheas agat air sin, arú,” a dúirt an Cat. “Táimid go léir as ár meabhair anseo. Tá mise as mo mheabhair. Tá tusa as do mheabhair.”

    “Conas atá a fhios agat go bhfuil mise as mo mheabhair?” a d’fhiafraigh Eilís.

    “Caithfidh go bhfuil tú as do mheabhair,” a dúirt an Cat, “nó ní thiocfá anseo sa chéad áit.”


Comments

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Bainfidh leanaí (agus leanaí fásta suas leis!) taitneamh as sin!

    Tá an sean-leagan ag mo thuismitheoirí sa bhaile!


  • Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭Yoda


    Tá an t-aistriúchán seo déanta as an nua le Nicholas Williams. Tá sé ar fheabhas, an véarsaíocht san áireamh!


  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Is cuimhin liom, nuair a bhíos níos óige, bhíodh fear ag cur fógraí san Irish Times ag lorg leagan Gaeilge den leabhar seo mar theastaigh uaidh cóip de a bheith aige i ngach aon teanga ina ndeineadh aistriú air... beidh sé sásta an scéal seo a chlos!:)


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Níl an bun-leagan Béarla léite agam. B'fhéidir go n-iarrfaidh mé ar Dheaidí na Nollag leagan na Gaeilge a thabhairt dom!:D


Advertisement