Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Socheolaíocht na Gaeilge le Panu Höglund

Options
  • 19-11-2003 9:51pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,853 ✭✭✭


    Fionnlannach le Gaeilge den scoth a scríobh an t-alt seo "How's dear old Irish and where does it stand?: stepping stones into a sociolinguistics of the Irish language". Léigh cuid a haon agus cuid a .


Comments

  • Closed Accounts Posts: 10,730 ✭✭✭✭simu


    Nach deas é alt ciallmhar, suimiúil ar an nGaeilge a léamh!

    Caithfidh mé a rá go n-aontaím leis an méid a deir sé mar gheall ar an easpa féinmhuiníne atá ag muintir na tíre seo maidir le cúrsaí teanga agus an t-eagla atá orainn go bhfuilimid ró-chosúil leis na Sasanaigh. Thugas féin mo chéad-chuairt ar Shasana le déanaí agus thógas ceann de seo nuair a d'fhilleas ar an dtír seo.

    Is mór an trua go mbíonn Éireannaigh nach bhfuil Gaeilge acu chomh diúltach i leith na teanga i gcónaí - cén fáth ná bíonn altanna suimiúla den saghas seo i nuachtáin in oinead iriseoirí a bheith ag fógairt go bhfuil an teanga ag fáil bháis don milliúnú uair?

    Cen fáth go gcoiméadann siad leis an sean-íomhá don nGaeilgeoir coimeádach, cráifeach nuair atá sé soiléir d'aon duine a chuirfeadh suim i saol na Gaeilge nach mar sin a tá?

    Cén fáth nach mbacann Béarlóirí intleachtúla leis an litríocht iontach go léir atá á scríobh ag daoine sa Ghaeilge sa lá atá inniu ann? Cén fáth go nglactar leis go mbeadh daoine atá sáite sna hEalaíona sa tír seo ag léamh Jane Austen agus Shakespeare agus gan aon eolas acu ar thraidisiún liteartha na Gaeilge? Tá a fhios agam nach bhfuil sé ar a gcumas bús a bhaint as muna bhfuil Geailge acu (fós, tá aistriúcháin déanta ar chuid de m.sh is dóigh liom go bhfuil leagan den dTáin foilsithe ag penguin) ach ceapaim féim go ndeineann siad iarracht a shéanadh go bhfuil saol na Gaeilge sa tír seo chomh saibhir is atá - b'fhearr leo ligint orthu nach bhfuil fágtha ach cúpla sean duine ar leaba an bháis a labhrann an teanga agus nach bhfuil aon rud suaithinseach mar gheall ar litríocht na Gaeilge.


Advertisement