MacGiobuin wrote: » Ceist GhastaCuirfear fáilte roimh aon chomairle! Tá na rudaí seo agam: Tá mé ag iarraidh oibre (ginideach) Tá mé ag iarraidh obair a dhéanamh (gan ginideach) ach cad é faoi seo Tá mé ag iarraidh obair a bheidh furasta Nó Tá mé ag iarraidh oibre a bheidh furasta (sílim seo) Cé acu i gceart a chairde? An ndéanann 'atá, a bheidh, a bheadh srl' difear?
haveabanana wrote: » Sílim gurb é 'ceann' a chuirtear ar 'end' sa gcomhthéacs sin. Ba chóir go mbeadh leagan Gaeilge oifigiúil ar an Canal End, ach níl mé in ann teacht air.
robman60 wrote: » Bhí me ag smaoineamh inniú, tá a fhios agam go bhfuil teidil an bhoird "Bord Bia". Cén fáth nach bhfuil sé "Bord Bí". Cheap mé go mbeadh sé sa tuiseal ginideach, mar tá dá ainmfhocal ag teacht le chéile. Agus cest amháin eile, an bhfuil a fhios agaibh cad é an focal as Gaeilge do "Pancake Tuesday. Is fear fiosrach é m'athair agus tá dearmad déanta aige air!
haveabanana wrote: » nó Máirt na bPancóga
haveabanana wrote: » Hi a chairde cupla ceist. An bhfuil sé mícheart 'bhí/bheadh sé níos fearr' a rá seachas 'bhí/bheadh sé ní b'fhearr'?
haveabanana wrote: » Cén fáth go bhfuil gáirdíní na lus ar Botanic Gardens? Feictear dom gur chóir go mbeadh Gáirdíní na Lusa nó na Lusanna a bheith ann. Ar an stíl céanna cén fáth go bhfuil Baile Átha Cliath ann seachas Baile Átha Cléithe nó Baile Átha Cliatha?
robman60 wrote: » Dia dhaoibh, ceist amháin atá agam. Tá an Ardteist ar siúl agam i láthair na huaire agus beidh mé ag scriobh faoi Mhaidhc Dainín Ó Sé agus a dírbheatháisnéis amárach agus táim tar éis cúpla nota a léamh faoi a shaol agus é óg. Tá sé scríofa ag mo mhuinteoir "le linn na dachaidí agus na caogaidí" ach cén fáth nach bhfuil sé "le linn na ndaichaidí agus na gcaogaidí"? Cuireann le linn urú de ghnáth. Táim cinnte dearfach de! Ba mhaith liom an fregra ceart a bheith agam amárach! GRMA
Micilin Muc wrote: » Tá an ceart agatsa a mhac! "Le linn na ndaicheadaí agus na gcaoagaidí". Más é sin an t-aon deacracht a bheas agat inniu, éireoidh go hiontach leat
gaiscioch wrote: » Tá ceist eile agamsa oraibhse. Tá a fhios agam go bhfuil 'Coláiste' firinscneach. Ach, chomh fada agus is eol dom tá ort 'h' a chur isteach nuair a bhíonn tú ag tabhairt leide go bhfuil ceangal laidir idir dhá ainmfhocail. Cén fáth nach bhfuil seimhiú sna focail i ndiaidh 'Coláiste' leis an sampla seo: Colaiste Pobail Bheanntrai, Colaiste Pobail Setanta agus a lán samplaí mar sin? (ní bhfuaireas ach 3 mhíle torthaí as Coláiste Phobail) Tá 'Baile' & 'Caisleán' firinscneach chomh maith, ach cuirimid 'h' isteach le hainmneacha dilse mar shampla 'Baile Phib', 'Caisleán Bhaile Átha Troim & rl. An féidir le héinne cad atá i gceist anseo?
Micilin Muc wrote: » Baineann cuid den cheist seo le rud ar a dtugaim "aonad brí", cuid eile le focail bhaininscneacha, agus cuid eile arís le hainmfhocail chinnte. An rud is fusa is ea ainmfhocail chinnte. Bíonn ainmfhocal ina ainmfhocal cinnte má tá "an" nó "na" roimhe, má tá ainmfhocal cinnte díreach ina dhiaidh, nó más ainm duine nó áit atá i gceist. Mar shampla, "an teach", "na tithe", "Áras an Uachtaráin", "Páirc an Fhionnuisce". Tá samplaí eile ann chomh maith. Focail bhaininscneacha - má thagann dhá ainmfhocal le chéile, agus más ainmfhocal baininscneach an chéad cheann díobh, is minic a bhíonn séimhiú ar an dara hainmfhocal. Mar shampla "bean chéile", uimhir theileafóin". Faraor, tá go leor leor eisceachtaí ann, níos mó ná 20 eisceacht dhifriúla! Eolas breise. Aonad brí - is aonad brí é aon chnuasach ainmfhocal a bhfuil brí ar leith ag baint leis. Má thagann trí ainmfhocal nó níos mó le chéile, caithfear an t-aonad brí aimsiú. Tá sampla maith in Gramadach Gan Stró, "Airport Police Station". Cén cineál Gardaí atá iontu? Gardaí Síochána, nó Gardaí an Aerfoirt (dhá eagraíocht ar leith). Más Gardaí Síochána atá iontu, tá "Stáisiún Gardaí an Aerfoirt" ceart. Más Gardaí an Aerfoirt atá iontu, tá "Stáisiún Ghardaí an Aerfoirt" ceart, mar is é "Gardaí an Aerfoirt" an t-aonad brí. Tóg do chuid samplaí féin, mar shampla (más féidir é sin a rá!) Bantry Community College - is é "community college" an t-aonad brí, mar sin tagann "Coláiste" agus "Pobal" le chéile mar "Coláiste Pobail" agus cuirtear séimhiú ar "Beantraí". Trim Castle - is é "Baile Átha Troim" an t-aonad brí agus cuirtear an séimhiú ar "Baile". Phibsborough - ainmfhocal cinnte is ea "Pib", ainm duine a bhí ann". Mar sin cuirtear séimhiú ar. Setanta Community College - drochshampla b'fhéidir. Tá claonadh ag cainteoirí Gaeilge gan séimhithe ar leith a fhuaimniú, mar shampla, is féidir "m'fhón" a scríobh, ach is beag duine a bhainfeadh ciall as agus an séimhiú a fhuaimniú. An rud céanna le "Shetanta". Ní bheadh tuairim dá laghad agam céard is brí le "Coláiste Pobail 'Hetanta'"!! Mura bhfuil tú in ann ciall a bhaint as a bhfuil scríofa agam, googlálaigí "Foirm an Ainmnigh in ionad an Ghinidigh". Is ceist dheacair í!
Micilin Muc wrote: » Tá "Bheadh sé go hiontach" ceart mar abairt iomlán, agus is féidir "Bheadh sé iontach an cluiche a fheiceáil" a rá, é mar abairt níos faide.
haveabanana wrote: » Mar gheall ar an tuiseal tabharthach (an tuiseal a leanann réamhfhocail cosúil le le, i, ar, ag, faoi etc.) sílim. Déanadh sé athrú ar an ainmfhocal ina dhiadh fadó ach ní dhéanann anois ach amháin i gcásanna eisciachtiúla, mar shampla, in Éirinn.