Grudaire wrote: » Daoine a bíonn ag gearán faoin geimhreadh agus báisteach go ginerálta.. :pac:
Paz-CCFC wrote: » An rud fén bháisteach ná go mbíonn daoine ag dul thar fóir. Ní bhíonn sé chomh mhinic ná mar atá ar aigne ag roinnt daoine. Agus, ar an iomlán, níl sé chomh throm sin. Is beag an t-am ina mbíonn sé ró-fhliuch le siúl.
craoltoir wrote: » Go leor daoine ní bhíonn éadach oiriúneach acu chun fanacht tirim sa bháisteach. Mar sin ní bhíonn siad sásta!
Míshásta wrote: » Na mná san a pháircealann an tralaí taobh le taobh le tralaí eile i lár an phasáiste san ollmhargadh is a chuireann bac ar shiopadóirí eile dul thart. Is cuma cé mhéid spás oscailte a bhíonn ann chaithfidís an bleidí cosán a bhlocáil don slua. Cuireann san le báiní mé. :mad:
Paz-CCFC wrote: » Na fotheidil ar TG4.
An gal gréine wrote: » An rud céanna nuair atá triúir acu ag siúil gualainn ar ghualainn ar na cosáin agus tusa ag teacht ina dtreo, bhal, rachaidís go fíoríochtar ifrinn ná spás a dhéanamh duit.
An File wrote: » :P
Grudaire wrote: » Bhí orm an ainm a athrú - nílim chomh suas mo thóin sin go ceapaim go bhfuil mé cliste... geallaim díobh!
Seasan wrote: » Is fuath liom daoine atá i ngrá leo fhéin agus a cheapann siad go bhfuil gach éinne eile i ngrá leo freisin.... Daoine a cheapann go bhfuil an ceart acu i gcónaí..... Agus cuireann sé isteach orm go mór nuair nach bhfuil daoine ábalta m'ainm Gaeilge "Séasán" a rá i gceart..... :-(
Míshásta wrote: » Ní nach ionadh, an dtuigeann tú cad is "seasán ann??? Dá mba mise tusa, d'athróinn an t-ainm san, a mhic.
Acciaccatura wrote: » Daoine ar traeinacha nach suíonn isteach in aice leis an bhfuinneog agus a chuireann a gcuid stuif ar an suíocháin in aice leo, go háirithe nuair a mbíonn na traeinacha chomh plódaithe, ní dheánann sé aon chiall Chonaic mé seanfhear ag tabhairt amach do dhéagóir inné ag déanamh é seo, is breá liom drámaíocht ar iompar phobail :P
Paz-CCFC wrote: » Tá cuid againn ró-ard dos na suíocháin fuinneoige - níl aon rogha ach suíocháin an phasáiste a úsáid, le cos ag gobadh amach!
hullaballoo wrote: » ^^^Aontaím le sin ó thaobh bheith ag obair leis an bpobal. D'oibreas i dtithe tabharna ó am go ham ar feadh deich mbliana. Ní chreidfeá an sotal!