jkeaney wrote: » Rinne mé staidéár ar an dán Teilifís le Gabriel Rosenstock i rith mo chúrsa. Measaim go bhfuil an téáma cion ag an bhfile ar dhuine áirithe le feiceáil go soiléir sa dán seo. Insíonn an file dúinn faoi eachtra bheag a tharla nuair a bhí a iníon, Saffron, an-óg. Deir sé linn gur tháinig sí isteach chúige sa seomra codlata maidin amháin agus go ndúirt sí leis gur theastaigh uaithi dul síos an staighre chun clár teilifíse a fheiceáil. Bhí a fhios ag an bhfile nárbh fhiú dó diúlta don bhean bheag cheanndána seo agus thug sé cead a cinn dí. Ar a cúig a chlog ar maidin Theastaigh an téilifís uahithi. An féidir argóint le beainín Dhá bhliain go leith? Tá sé soiléir go raibh an file an-cheanúil ar a iníon agus gur chuir sé gliondar air a bheith ina cuideachta fiú ar a cúig a chlog ar maidin! Bhí sé an-fhoigneach agus tuisceanach cé nach raibh sé ina dhúiseacht fós ! Deir an file go ndeachaigh an bheirt acu síos an staighre le chéile agus gur shuigh siad sa seomra suí a bhi an-fhuar an fad. Chuir siad an teilifís ar siúl ach ní raibh aon chlár á chraoldadh fós. Bhí spotaí bána ar an scáileán ach shamhlaigh an naíonán go bhfaca sí sneachta agus roinnt ainmhithe agus ní dhearna a hathair neamhshuim de na rudái a bhí aimsithe aici: Ach chonaic sise sneachta Is sioráf trid an sneachta Is ulchabhán Artach Ag faoileáil Ós a chionn. Cruthaíonn an file pictiúr de pháiste óg neamhurchóideach a chuireann ionadh air ach is é an grá mór atá aige di an mothúchán is láidre sa dán.
juniorachiever wrote: » Hate to be a bother again but does anyone have notes on why I like The Early purges by Seamus Heaney as it is so descriptive?
Account Number wrote: » Anyone have nare an oul list of seanfhocail by any chance?