Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Droch-chomharthaí Gaeilge

Options
  • 30-06-2010 12:34pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭


    Is dóigh liom go bhfuil a snáithe féin tuillte acu, ós rud é go bhfuil an oiread sin acu chomh greannmhar. :rolleyes: Aon samplaí ag éinne? Ba dheas an rud é dá mbeadh grianghraf agat, ach is leor an litriú a scríobh amach anseo.

    Seo scéal faoi chomórtas a bhí ar siúl ceithre bliana ó shin chun an droch-chomhartha Gaeilge is measa sa tír a aimsiú. Bhí an bua ag 'Garnimh' (Gaillimh):

    http://www.intercelt.ie/index.php?page=clippings&id=1024&viewby=date

    Tá na comharthaí Gaeilge go dona ar mhótarbhealach nua an M3. Déanfaidh mé iarracht cúpla grianghraf a ghlacadh agus iad a thaispeáint anseo go luath. Bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé de cheart againn gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga faoina leithéid.


Comments

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Fitzgibbon Street/Sráid Mhic Giobúin
    (Sráid Mhic Globúin)

    Drumcondra Road/Bóthar Dhroim Conrach
    (Bóthar Droim Courach)

    Firhouse/Teach na Giúise
    (Gleann Cuilinn)

    Alexandra Villas/Bailtíní Alexandra
    (Alastríona Bailtíní).

    Look Right/Féach ar dheis
    (Feach an cheart).

    Comhartha Luas Look both ways/Féach an dá threo
    (Féach gach treo, samhlaigh an Gaeilgeoir ag féachaint síos ar an talamh, suas sa spéir &rl)


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Tá mé díreach i ndiaidh cuimhneamh ar an gcomhartha sin ar a bhfuil Sráid Theach Laibhean (Laighean) scríofa air.

    teach_laibhean.jpg

    Tá cuid mhaith samplaí eile i mBaile Átha Cliath ag Séamus Ó Brógáin ar a leathanach anseo.


Advertisement