Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Tús leis an urraíocht nua

Options

Comments

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Níl aon urraíocht ag Gaelport anois.

    Ta taithí ag na daoine atá luaite leis an tionscadal, ach ní hiad na hiriseoirí is fearr liom. Tá súil agam go mbeidh siad in ann iriseoirí maithe a mhealladh.


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Ag cruinniú boird Fhoras na Gaeilge inniu fógraíodh gurb é an comhlacht Tuairisc.ie a bhain an conradh chun nuachtán Gaeilge ar líne a chur ar fáil. Tá Tuairisc.ie lonnaithe ar an Spidéal i gConamara agus tá taithí fhairsing ag na príomhaithe sna meáin. Is iad Seán Tadhg Ó Gairbhí, Micheál Ó Cinnéide, Seán Ó Mainnín, Emer Ní Dhomhnaill agus Ciarán Ó Súilleabháin stiúrthóirí an chomhlachta. Fuarthas sé iarratas ina iomlán faoin scéim seo agus cuireadh agallamh ar gach iarratasóir.

    An preasráiteas iomlán ar fáil anseo: http://gaeilge.ie/ForasNaGaeilge/headline-manager.asp?id=213

    Tá maoiniú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le haghaidh Gaelport go deireadh mí an mheithimh 2014. Ina dhiaidh sin is faoi Chonradh na Gaeilge a bhéas sé an leanfar le seirbhís Gaelport, ag braith ar na hacmhainní agus an deontas a chuirfear ar fáil dó mar cheanneagraíocht.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    drochscéal gan amhrás...

    Deireadh ag teacht le suíomh Gaelport:
    Tiocfaidh deireadh leis an nuashonrú ar Gaelport.com um Cháisc. Mairfidh an suíomh beo go dtí 30 Meitheamh 2014, ach tar éis an dáta sin, ní bheidh fáil ar an láithreán gréasáin, nó aon cheann de na mílte alt atá ar fáil faoi láthair sa chartlann ar an suíomh. Tiocfaidh deireadh le fostaíocht an tseisir ar fhoireann na Comhdhála ar an 30 Meitheamh 2014. - See more at: http://www.gaelport.com/nuacht/Deireadh-i-ndan-do-sheirbhisi-Gaelportcom/#sthash.zQ64SJx9.dpuf


Advertisement