Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Lá Mór na Gaeilge - 15ú Feabhra

  • 09-02-2014 6:43pm
    #1
    Registered Users Posts: 148 ✭✭


    Beidh an mórshiúil is tábhachtaí don Ghaeilge les na blianta ar siúl an Sathairn seo chugainn ag a 2 i.n. ag tosú ó na Gáirdíní Cuimhneacháin, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath. Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil slua mór ann chun ár mí-shásamh a léiriú don Rialtas. Bí ann, scaip an scéal faoi agus tóg amach do chairde, is cuma más Gaeilgeoirí nó Béarlóirí iad. Baineann an ceist seo linn uilig. Beidh pobal labhartha na Gaeilge imithe sna Ghaeltachtaí i gceann 15 bliana muna dhéantar gníomh láithreach. Seo é ár deis chun ár féiniúlacht agus oidhreacht a shábháil.


    Tír gan Teanga, Tír gan Anam


    The most important march for the Irish language in years will be on this coming Saturday at 2 p.m. starting from the Garden of Remembrance, Parnell Square, Dublin. It is very important that there is a big crowd there, to show our dissatisfaction with the Government on its Irish Language Policy. Be there, spread the word and bring out as many friends as possible, be they Irish speakers or not. This question involves everyone in society. The Irish speaking community will be gone from the Gaeltacht in about 15 years if there is nothing done. This is our chance to save our national identity and heritage.


    A Country without a Language is a Country without a soul


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 428 ✭✭Acciaccatura


    Nasc don leathanach eachtra ar Facebook: https://www.facebook.com/events/531981476900881/540625249369837/?notif_t=plan_mall_activity

    Scaipigí an scéal! #BeathaTeanga #Tírghrá


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    Míle buíochas libh as ucht é seo a chur chun chinn-beidh lá saor agam Dé Satharn agus bhí mé ag smaoineamh ar dul go Luimneach,ach b'fhéidir go rachaidh mé go Baile Átha Cliath in ionad.

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Chuala mé go raibh slua mór ann - an bhfuil tuaraisc ag aon duine?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    Grudaire wrote: »
    Chuala mé go raibh slua mór ann - an bhfuil tuaraisc ag aon duine?

    10 míle!!

    Ag deireadh an mórshiúl agus ag an ceolchoirm,dúirt an fear abhí ar an stáitse/ardán lena ceoltóirí agus é ag labhairt lena sluaite,nach raibh míle,dhá mhíle nó trí mhíle-ach deich míle ann ó thuaisceart,deisceart,iarthar agus oirthear na hÉireann.Agus go h-an árd a dúìrt sé sin!!

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,869 ✭✭✭CrabRevolution


    Dar le RTÉ bhí cúig míle daoine i láthair. Slua maith gan amhras, ach níl a fhios agam conas a bhfuair sibh 10'000, difríocht mór ansin..... Ar thug na Gardaí aon uimhir?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    Dar le RTÉ bhí cúig míle daoine i láthair. Slua maith gan amhras, ach níl a fhios agam conas a bhfuair sibh 10'000, difríocht mór ansin..... Ar thug na Gardaí aon uimhir?

    Geallaimse,bhí mé ann agus dúirt an fógróir ar an stáitse go bhfuil 10míle ann tar éis an gceist ".....an gceapann sibh go bhfuil míle....nó dhá mhíle....nó trí mhíle ann inniu?"
    Agus dúirt sé é breis agus dhá uair os árd.
    "Thàinig sibh ó Cúige Uladh,ó Cúige Mumhan,ó Cúige Connacht agus ó Cúige Laighean inniu............
    Tá bualadh bos mór tuilte ag gach éinne agaibh go léir...."

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    Dar le Nuacht TG4:

    "Deirtear go ghlac suas le 7míle duine páirt i Lá Mór Na Gaeilge i mBaile Átha Cliath inniu."

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,869 ✭✭✭CrabRevolution


    Seasan wrote: »
    Geallaimse,bhí mé ann agus dúirt an fógróir ar an stáitse go bhfuil 10míle ann tar éis an gceist ".....an gceapann sibh go bhfuil míle....nó dhá mhíle....nó trí mhíle ann inniu?"
    Agus dúirt sé é breis agus dhá uair os árd.
    "Thàinig sibh ó Cúige Uladh,ó Cúige Mumhan,ó Cúige Connacht agus ó Cúige Laighean inniu............
    Tá bualadh bos mór tuilte ag gach éinne agaibh go léir...."

    Íontach, níor cheap mé go mbeadh an méid sin ann. Ní raibh mé abálta dul mé féin-cinneál gafa le obair coláiste le déanaí (is leithscéal lag é, ach leithscéal fíor).


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    Íontach, níor cheap mé go mbeadh an méid sin ann. Ní raibh mé abálta dul mé féin-cinneál gafa le obair coláiste le déanaí (is leithscéal lag é, ach leithscéal fíor).

    Mise freisin-níor cheap mé go mbeadh slua chomh maith agus abhí sé-ach bhí an áit plódaithe.

    B'fhéidìr nach raibh do chorp ann inniu-ach bhí d'anam agus do chroí ann ;-)

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 148 ✭✭marnie d


    Bhi me ann, dar leis na gardai Bhi 7 mile ann, ach duirt maor go raibh nios mo na sin agus sileann se go raibh 10 mile ann, turnout iontach Maith a Bhi se.

    Beidh leirsiu I mbeal feirste ar an 12 aibreann, ma ta suim agaibh. Beidh me fein ann!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Maith sibh a chairde a uilig a bhí ann inné - go mór mór na daoine a thaisteal ón thaobh eile den tír. Ní rabhas féin ann ós rud é go raibh mo shocruithe féin le déanamh agam, agus is mór an trua nach raibh. Is léir gur mhórshiúl thar a bheith éifeachtach agus cabhrach a bhí ann. Do bhíos féin ag ceapadh gur mhaith líon na ndaoine é dhá nó trí míle. Tá 7-10 míle ar fheabhas ar fad. Thar barr!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    marnie d wrote: »
    Bhi me ann, dar leis na gardai Bhi 7 mile ann, ach duirt maor go raibh nios mo na sin agus sileann se go raibh 10 mile ann, turnout iontach Maith a Bhi se.

    Beidh leirsiu I mbeal feirste ar an 12 aibreann, ma ta suim agaibh. Beidh me fein ann!

    Ba bhreá liom é-an bhfuil tuilleadh eolas ar bith agat faoi Lá Mór Gaeilge i mBéal Feirste?

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    Cinnlínte ann in Albain freisin:

    http://www.bbc.co.uk/naidheachdan/26188282

    B'fhéidir go ndéanfaidh lucht na Gàilig rud éigin cosúil le lucht na Gaeilge,ar son na Gàilig agus na Gàilteachdan-ceapaim go bhfuil na fadhbanna seo in Albain freisin.

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    12 Aibreán a bheas an léirsiú i mBéal Feirste de réir RnaG. Féach anseo chomh maith. http://www.bbc.co.uk/news/uk-northern-ireland-26223106 Cinnte go gcloisfear níos mó faoi. Is trua gur ag díriú ar an earnáil phoiblí amháin atá an feachtas seo faoi láthair. Ba cheart go mbeadh ar chomhluchtaí móra príobháideacha, ar nós na mbancanna agus comhluchtaí teileachumarsáide freasatal ar phobal na gaeilge ina dteanga féin chomh maith. Cé chomh deacair is a bheadh sé bancéireacht ar-líne a chur ar fáil i ngaeilge mar shampla?


  • Registered Users Posts: 148 ✭✭marnie d


    Níl mórán eolas agam fá lá mór na Gaeilge i mBéal Feirste, d'inis na Feirtigh dom an dáta agus dúirt siad go gcaithfaidh mé dul ann. Dúirt siad go mbeidh oíche sóisíalta ann níos moille san oíche fosta, ní cuimhin liom gur an G-Spota nó, Blasta atá ann.

    Tá súil agam go mbeidh neart daoine ann as na 26 chontae, mar bhí a lán daoine as na sé chondae ann i mBaile Átha Cliath dé Sáthairn.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    marnie d wrote: »
    Níl mórán eolas agam fá lá mór na Gaeilge i mBéal Feirste, d'inis na Feirtigh dom an dáta agus dúirt siad go gcaithfaidh mé dul ann. Dúirt siad go mbeidh oíche sóisíalta ann níos moille san oíche fosta, ní cuimhin liom gur an G-Spota nó, Blasta atá ann.

    Tá súil agam go mbeidh neart daoine ann as na 26 chontae, mar bhí a lán
    daoine as na sé chondae ann i mBaile Átha Cliath dé Sáthairn.
    Má tá lá saor agam an lá seo,déanfaidh mé socrú as ucht taisteal ó Thiobraid Árann go Béal Feirste-le mo bhratach,m'fháinne airgid,m'fhógra,agus mo bhodhrán bheag!!

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users Posts: 148 ✭✭marnie d


    Maith thú, caithfidh mé féin an focail a chur amach i mBÁC, fá choinne tacaíocht a thabhairt dóibh!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    Thug mé iarratas do mo shaoiste san áit a oibríonn mé um thráthnóna,ag iarraidh an seachtain 7ú-13ù de mhí Aibreán a bheadh agamsa mar laethanta saoire an earraigh.
    Anois,níl le déanamh agam ach fanacht ar freagra go mbeadh féidir nó nach féidir leis....

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users Posts: 148 ✭✭marnie d


    Tá sé ar facebook go mbeidh siad ag bualadh le chéile dé domhnaigh seo i Spidéal, ní bheidh mé féin ann, beidh mé ag obair, ach b'fhéidir go bhfuil suim ag duine ar bith eile anseo.
    Lá deiridh Sheáin Uí Chuirreáin ina ról mar Choimisnéir Teanga, máirseálfaidh daoine ó oifig an Choimisinéara Teanga sa Spidéal soir chomh fada le Roinn na Gaeltachta sna Forbacha.

    Beidh muid ag bailiú ag Oifig an Choimisinéara, áit a thabharfar litir ar lámh do Sheán Ó Cuirreáin ag glacadh buíochais leis. Beimid ag máirseáil linn an 5 km. soir chomh fada le Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta le litir a fhágaint ann do Dinny Mc Ginley, ag cur ár míshástacht in iúl faoin mbealach a chaitheann an státchóras le pobal na Gaeilge agus le pobal na Gaeltachta agus ag iarraidh air chomh maith stop a chur leis an gCur i gCéill, a bhíonn ar bun aige féin agus ag a Roinn.

    Bain úsáid as #SlánSeán mar haisclip ar twitter!

    Mórshiúlóid ag tosú Oifig an Choimisinéara Teanga, An Spidéal.
    23 Feabhra 2014: Am: 2.00 Iar Nóin
    Go dtí Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta, Na Forbacha.
    Ansin sos sóisialta le ceol agus craic ag Tí Phadhraicín, Na Forbacha.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,693 ✭✭✭An Riabhach


    Seasan wrote: »
    Thug mé iarratas do mo shaoiste san áit a oibríonn mé um thráthnóna,ag iarraidh an seachtain 7ú-13ù de mhí Aibreán a bheadh agamsa mar laethanta saoire an earraigh.
    Anois,níl le déanamh agam ach fanacht ar freagra go mbeadh féidir nó nach féidir leis....

    Tá sé agam!
    Is féidir liom an seachtain seo a thógadh mar laethanta saoire.....
    Haigh Béal Feirste-táim ag teacht agus "tá mé dearg...dearg le fearg"!!! :-):-)

    Siúl leat, siúl leat, le dóchas i do chroí, is ní shiúlfaidh tú i d'aonar go deo.



  • Registered Users Posts: 134 ✭✭An Sionnach Glic


    Maidir leis an líon daoine a bhí i láthair, caithfear cuimhneamh go bhfuil a chlár oibre féin ag gach dream. Tá lucht na Gaeilge ag iarraidh a chur in iúl go raibh 10,000 i láthair agus tá lucht an Bhéarla ag iarraidh a chur in iúl go raibh sé i bhfad níos lú ná sin. Seo an fhianaise is fearr is féidir a úsáid, dar liom:

    Ronan-Mac-Aodha-Bhui-460x306.jpg

    1888740_10152244525579759_1440613402_n.jpg


Advertisement