Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ainmnigh an tAmhrán Seo??

Options

Comments

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Fuair mé amach é...
    Is as Albain an t-amhrán seo o dhúchais,darb ainm Am Bothàn a Bh'aig Fionnghuala.
    Sa fógra teilifíse seo,déantar aistriúcháin Gaeilge de na liricí,agus an teideal Gaeilge ná An Bothán a Bhí Ag Fionnghuala.

    An cumadóir Seán Breathnach(John Walsh) a chum é go speisialta don fógra seo,agus sin é an chéad leagan Gaeilge don t-amhrán seo.

    Seo cúpla leagan iontacha Gàilig:





  • Registered Users Posts: 359 ✭✭DJP


    Is amhrán, agus fógra, den scoth é! :)


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Na liricí:

    An Bothán a Bhí ag Fionnghuala

    Dúirt an gabha "fanfaidh mé"
    's dúirt an gabha "fágfaidh mé"
    's dúirt an gabha leis an mearbhall
    A bhí air ag doras an sciobóil
    Go rachadh sé ag cúirtéireacht

    (curfá)
    's é oileán na mbothán,na mbothán
    Oileán na mbothán,na mbothán
    Oileán na mbothán,na mbothán
    An bothán a bhí ag Fionnghuala
    (x2)

    Bhéarfainn preab as éin mara
    Bhéarfainn preab as éisc mara
    Ainmhithe beaga na mara
    Thabharfadh sé tamaill an tarraing
    Má mhaireann na línte dúinn

    (curfá x2)

    Cha tada againnse anseo(x3)
    Thabharfadh sé tamaill an tarraing
    Má mhaireann na línte dúinn


    Am Bothàn a Bh'aig Fionnghuala

    Thuirt an gobha "fuirighidh mi"
    's thuirt an gobha "falbhaidh mi"
    's thuirt an gobha leis an othail
    A bh'air an dòrus an t-sàbhail
    Gu rachadh è a shuirghe

    (curfá)
    's ì eilean nam bothàn,nam bothàn
    Eilean nam bothàn,nam bothàn
    Eilean nam bothàn,nam bothàn
    Am bothàn a bh'aig Fionnghuala
    (x2)

    Bheirinn fead air fulmairean
    Bheirinn fead air falmairean
    Liuthannan beaga na mara
    Bheireamaid greis air an tarainn
    Na maireadh na duirgh dhùinn

    (curfá x2)

    Cha d'thuirt an dadan a'seo(x3)
    Bheireamaid greis air an tarainn
    Na maireadh na duirgh dhùinn


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,859 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Cheap mé go raibh sé deacair "Rocky Road To Dublin" a fhoghlaim, ach bheadh dúshlán den scoth i bhfoghlaim conas píosa mar seo a chanadh! :eek:


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    An File wrote: »
    Cheap mé go raibh sé deacair "Rocky Road To Dublin" a fhoghlaim, ach bheadh dúshlán den scoth i bhfoghlaim conas píosa mar seo a chanadh! :eek:

    Aontaím!!

    Tá na focail beagnach ar eolas agam ach,an t-amhrán seo a chanadh,sin scéal eile.....


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 359 ✭✭DJP


    Is é seo an fhógra oifigiúil ó Eir iad fhéin ar Youtube tá sé níos soiléire!


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Seo leagan beo ón Seó Late Late á léiriú ag Symphonic agus Inis:



  • Registered Users Posts: 280 ✭✭Bricriu


    Níl aon bhrí leis an dá líne seo as an leagan Nua-Ghaeilge den amhrán seo:

    Thabharfadh sé tamaill an tarraing

    Cha tada againnse anseo


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,859 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Bricriu wrote: »
    Níl aon bhrí leis an dá líne seo as an leagan Nua-Ghaeilge den amhrán seo:

    Thabharfadh sé tamaill an tarraing

    Cha tada againnse anseo

    Is ionann "cha" agus "níl", nach ea? Léighfinn an dara líne sin mar " Níl aon rud againn anseo".


  • Registered Users Posts: 16 petestan


    An bhfuil an 'remix' den amhrán seo feicthe agaibh? Do-chreidte. Aimsigh é ar YúTúb. SuperCéilí a rinne é.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    petestan wrote: »
    An bhfuil an 'remix' den amhrán seo feicthe agaibh? Do-chreidte. Aimsigh é ar YúTúb. SuperCéilí a rinne é.

    Chuala mé é ar Today FM Dé hAoine seo chaite.
    Cheap mé go raibh sé seafóideach,ach greannmhar ag an am céanna mar bhí sé an-tapaidh agus cosúil go raibh deifir orthu!!


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach




  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Agus éist leis an gceann seo!
    Tá fuaim beagáinín scanrúil ar an gcurfá,agus chomh maith le sin tá sé cosúil le go bhfuil siad go léir ar meisce!!



  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    An File wrote: »
    Is ionann "cha" agus "níl", nach ea? Léighfinn an dara líne sin mar " Níl aon rud againn anseo".

    Is ionann "cha" agus "ní"
    Is ionann 'chan fhuil' agus 'níl'.
    Seans go raibh 'chan fhuil' ró-fhada don líne.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Ní thaitníonn an leagan sa fógra na Nollag go mór liom.

    Is cosúil go bhfuil "Dúirt an gabhar" á chanadh ag an bpáiste.


Advertisement