Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Beannachtaí na Cásca

Options
  • 20-04-2014 10:00am
    #1
    Registered Users Posts: 634 ✭✭✭


    Beannachtaí na Cásca oraibh go léir, a Bhordaithe na cruinne is nár chuire fuíollach seacláide masmas oraibh.

    An ghrian ag scoilteadh an tarmaic lasmuigh desna tithe stóinsithe anseo i Chetwynde Downs is na héiníni ag ceiliúradh an Aiséirí.

    Póit orm (arís) faraoir géar.


Comments

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Bhí an t-ádh orainn go léir ó thaobh na haimsire de ag an deireadh seachtaine. Daoine ag déanamh bolg le gréin agus ag ól a sáith. Daoine ar an trá agus ag dreapadh na sléibhte. Dar ndóigh beidh seachtain saoire ag go leor daoine an tseachtain seo. Is i ngaeltacht Thír Chonaill a bhí mise agus an aimsir go haoibhinn.


Advertisement