Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Reifrinn Neamhspleachas in Albain agus sa Chatalóin

Options
  • 06-08-2014 1:19pm
    #1
    Registered Users Posts: 5,803 ✭✭✭


    Bhí an chéad diospóireacht teilifís ar an reifreann Albanach craolta ag STV aréir, ach gan athrú ollmhór, ní dhéanfaidh sé mórán difríocht don vóta deireadh.De réir na pobalbreitheanna, tá an taobh "Níl" chun tosaigh le 45% den vóta (55% gan daoine nach bhfuil a meabhair déanta suas), cé go bhfuil argóintí na hAontachtóirí bunaithe ar fáthanna diúltach, seachas buntáistí an t-aontas.

    Mar codarsnacht, tá muintir na Chatalóin ag druidim i dtreo neamhspleachas, agus an sprioc dáta 9 Samhain ag teacht. Bhuaigh na páirtí náisiúnaigh sna toghcháin Eorpach agus iad I gcumacht sa Generalitat. Ait go leor, cé go bhfuil Barca mar siombol náisiúnachas, fanfaidh siad sa chóras peile Spáinneach, fiú má bunaíodh stát Chatalóin.


Comments

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Is dócha gur mó an seans go vótálfadh an Chatalóin ar son neamhspleachais ná Albain. Nach bhfuil deacracht ag an Catalónaigh sa mhéad is nach bhfuil rialtas Mhadrid sásta géilleadh dóibh agus nach féidir leis an Chatalóin, go bunreachtúíl, vóta neamhspleachais a bheith acu?

    Ní dóigh liom go mbeadh móramh ar son neamhspleachais in Albain.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Is dócha go mbeidh líon níos airde ar son an neamhspléachas i Albain ná a shlífear, ach fós nach mbeadh móramh acu.. An ceist mór ná an athróidh aon rud mar gheall ar an reifreann seo nuair a léirítear go bhfuil mionlach mór nach bhfuil sásta leis an Aontas..?

    San Chatalóin/Spáin tá an ceist níos suimiúil.. Ní mbeadh an Spáin sásta an Catalóin a scaoileadh saor.. An mbeadh trioblóid faoi sin?


  • Registered Users Posts: 5,803 ✭✭✭An Ciarraioch


    Cur Madrid cosc ar reifrinn i Tír na mBascach (Plean Ibarretxe), ach ní raibh aon socraithe deimhneach déanta sa chás sin. Tabharfaidh baillstat an AE aitheantas don cinneadh (féach ar Montenegro), mar sin, dá mbeadh an vóta i bhfábhar neamhspleachas, is dócha go mbeadh ar an Rialtas glacadh leis.


  • Registered Users Posts: 84 ✭✭kieran--f


    Tá súil agam a fheiceáil Albain neamhspleach, nach bhfuil sé dodhéanta.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Níl aon rud mar sin dodhéanta, ach beidh sé suimiúil.

    Má tá bua bheag ag an 'Níl', léiríonn sé go bhfuil éilimh mór ar néamhspléachas, go háirithe mar níl aon rud cinnte (An ola, and airgead srl) má roghnaíonn muintir na hAlban neamhspléachas.

    Beidh ar rialtas an Ríocht Aontaithe a thuile cumhacht a tabhairt chuig rialtas na hAlban pé scéal, agus an mbeidh sin neart dóibh? Tá lucht mór san Alban ag iarraidh a thuile cumhacht, ach gan an nasc a bhriseadh..


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,809 ✭✭✭CrabRevolution


    Bhí toradh "Níl" ar fáil ag 4/9 ó Paddy Power inné, airgead saor in aisce dár liom. Cuirfeadh mé gach aon cent atá agam air, ach má dheanfaidh mé é sin, bheadh an bhua an an taobh "Tá", sin an cineál ádh atá agam.


Advertisement