Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Bás na gaeilge/gaeltachta

Options

Comments

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    craoltoir wrote: »
    De réir an taighde a deineadh ar an gcumas dátheangach ag páistí sa ghaeltacht níl ach 1,000 páiste ar cainteoirí dúchasacha iad ag freastal ar scoieanna gaeltachta. An féidir leis an ghaeltacht maireachtáil i bhfianaise an méad seo? An bhfuil gaeltacht ar bith ann i ndáiríre níos mó?

    http://www.rte.ie/news/2014/1120/660919-native-irish-speakers/
    http://tuairisc.ie/reabhloid-phobail-de-dhith-i-bhfianaise-taighde-gaeltachta/

    Tá gaeltacht fós ann go pointe de réir mar a thuigim. Tá áiteanna i gConamara, go háirithe timpeall na Ceathrún Rua agus na n-oileán ina labhraítear í go forleathan, fiú i measc daoine óga go bhfios dom, ach bheadh an-chuid Béarla sa chaint acu. Níl mórán taithí agam ar na Gaeltachtaí eile. An méad sin ráite, tá baol mór ann go bhfaigheadh sí bás mar theanga phobail thar na 20 -50 blian atá amach romhainn. Ná bí ag súil go ndéanfaidh an rialtas seo tada faoi.

  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    . Ná bí ag súil go ndéanfaidh an rialtas seo tada faoi.

    Bhuel táid ag caitheamh na mbilliún ar oideachas agus deontaisí flaithiúla ar son an iliomad eagrachtaí agus tionscnamh.

    Cad is féidir leo a dhéanamh muna bhuil daoine sásta An Ghaeilge a úsáid agus í a thabhairt dá gclann.

    Ní féidir leo faic a dhéanamh - is iad muintir na tire a thréig an teanga.

    Is é Béarla teanga an aosa óig sa cheantar a thugtar Gaeltacht air sa lá atá inniu ann.

    Gaeltacht - RIP

  • Registered Users Posts: 1,085 ✭✭✭wow sierra

    Tá siad ag caint faoi bás na Gaeltachtaí agus bás na Teanga a feadh na blianta agus beidh. Chaith mé dhá saoire sa Ghaeltacht i mbliana agus bhí an Ghaeilge mar gnáth teanga na ndaoine inti.

    Cinnte tá na Gaeltachtaí dá-theangach - tá go leor Béarla ann. Sin an saol - sin mar a bhíonn. Ach níl an Teanga ag fáil bháis.

    Téigh go dtí na Gaeltachtaí - caith do chuid am agus do chuid airgead ann. Labhair an Teanga tú fhéin - stop ag caint faoin Teanga. Labhair í.

    Tá an saol aithrithe ina iomláin de bharr and idirlín, de bharr an méid taistil a dhéantar srl. Bíonn tionchar ar na rudaí sin ar an teanga labhartha - ach i ndáiríre tá an iomarce ráite faoi bás an Teanga.

    Tá sí agus beidh sí ceart go leor.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    wow sierra wrote: »
    Tá siad ag caint faoi bás na Gaeltachtaí agus bás na Teanga a feadh na blianta agus beidh. Chaith mé dhá saoire sa Ghaeltacht i mbliana agus bhí an Ghaeilge mar gnáth teanga na ndaoine inti.

    Cinnte tá na Gaeltachtaí dá-theangach - tá go leor Béarla ann. Sin an saol - sin mar a bhíonn. Ach níl an Teanga ag fáil bháis.

    Téigh go dtí na Gaeltachtaí - caith do chuid am agus do chuid airgead ann. Labhair an Teanga tú fhéin - stop ag caint faoin Teanga. Labhair í.

    Mar a bhí le déanamh agam sa Daingean Uí Chúis,Oileàin Árainn,Conamara,Gaoth Dobhair agus an ceannceathrú Gaeltachta i mBéal Feirste.

    Agus le lucht na Gaeilge i mo cheantair féin,agus gach Gaeilgeoir a bhualann liom i gcónaí.

    Níl an focal deireanach ag an Rialtas faoin Gaeilge-tàim cinnte nach ligfidh na mílte Gaeil bás air.Ach sinne is cúis le sláinte nó bás ár dteanga,agus mà tá sé againn,labhair é chomh minic agus is féidir.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,034 ✭✭✭dalta5billion

    As na daltaí scoile atá ar aithne agamsa a bhfreastalaíonn ar gaelscoileanna, ní úsáideann aon duine astu Gaeilge ar an idirlíon - nil sé cool, nil sé inghlactha i measc a gcairde.

    Nílim cinnte cad atá ag teastáil chun é seo a réiteach afách.

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    As na daltaí scoile atá ar aithne agamsa a bhfreastalaíonn ar gaelscoileanna, ní úsáideann aon duine astu Gaeilge ar an idirlíon - nil sé cool, nil sé inghlactha i measc a gcairde.

    Nílim cinnte cad atá ag teastáil chun é seo a réiteach afách.

    An fadhb ná go gcaithfidh an athrú sin a teacht go nádúra. Ta Bach iarracht faoi láthair uarraithe on Foras, agus go ginerálta déanta ag Gaelgeoirí (seachas na daoine óige).

    Dar liom an fadhb is mó ná an easpa postanna atá Le fail as Gaeilge. Aistreoir nó Múinteoir an rogha atá Ann.

Advertisement