Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Aire Nua na Gaeltachta

Options

Comments

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Tá rud éigin faoin agóid seo nach dtaitníonn liom.

    Tá sé níos tábhachtaí go mbeadh tuairimí dearfacha i leith na Gaeilge ag an Aire Gaeltachta, ná díreach cumas Gaeilge a bheith aige. Ta an tAire nua tar éis clárú le haghaidh cúrsa Gaeilge - nach meon dearfach é sin?


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá rud éigin faoin agóid seo nach dtaitníonn liom.

    Tá sé níos tábhachtaí go mbeadh tuairimí dearfacha i leith na Gaeilge ag an Aire Gaeltachta, ná díreach cumas Gaeilge a bheith aige. Ta an tAire nua tar éis clárú le haghaidh cúrsa Gaeilge - nach meon dearfach é sin?

    Aontaím leat I bealach amháin, cosúil le Trappatoni a roghnú mar bainisteoir tá rudaí níos tábhachtach ná an teanga...

    ACH

    An rud speisialta faoi na nGaeltachta ná an teanga.. Is rud bunúsach é cumarsáid don Aire, agus beidh ar na stáit séibhísí Béarla a labhairt leis..

    Dá mbeadh smaointí maith nua, taithí bainistíochta, taithí ar teanga agus ceantar a forbairt beidh mé sásta go leor.

    Is masla é seo dúinn, agus léiríonn seo nach raibh an tAire nua ag tnúth leis an phost seo..


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Lá eile anonn agus anois tá mé den tuairim gur scigmhagadh é an scéal seo!

    Níl Gaeilge ag an Aire Gaeltachta ...


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Níl an scéal chun athrú thar óiche :pac:


  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Agus beidh Preisbitéarach againn inár chéad Pápa eile.

    Arragh! fad is a bheidh dearcadh dearfach aige i leith a chúraim agus scileanna bainistíochta aige, cén dochar.

    Is féidir é a sheoladh ar dhianchúrsa Samhraidh chun an cúpla focal Laidin a fhoghlaim de ghlan-mheabhar le haghaidh searmanais oifigiúla.

    Aire na Gaeltachta agus an tAire Beag gan Ghaeilge - Há-Há-Há!

    Níl ann ach jóc Éireannach.

    Ach faraoir is jóc Éireannach é leis coincheap na Gaeltachta - agus an teanga tréigthe ag an glúin óg sna geiteóanna úd.


  • Advertisement
Advertisement