Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cumas ilteangach agus an Ghaeilge

  • 02-06-2015 9:42pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,806 ✭✭✭


    Agus mise ag déanamh iarracht an Ghaeilge a chosaint san ollsnáthaid i AH, bhí dhá phríomhcáinte ag teacht suas an t-ám ar fad: Uimhir 1 - go bhfuil athchóiriú le teastáil sa chóras múinteoireachta i leith na Gaeilge (aontaím), uimhir 2 - go mbeadh sé níos fearr an bhéim a chur ar teangacha iasachta (ní aontaím). Ach, agus na maslacha ag dul anonn is anall, bhí ollcheist nach raibh pléithe ar chor ar bith - an gcabhraíonn cumas sa Ghaeilge le líofacht a fháil i dteangacha eile. Tá a fhios againn go rialaíonn cúinne san inchinn cursaí maidir le teangacha, ach an gciallaíonn san go bhfuil ceangal le cumas i teanga amháin agus simplíocht i foghlaim teangacha eile?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm


    Níl ach teanga amháin agamsa gurbh féidir liom a rá go bhfuil an teanga líofa agam, ach i mo thuraimse, cabhraíonn an Gaeilge dul i gcion ar teangacha eile.

    Mar shampla, deireann na saineolaí go bhfuil bhaint mór leis na fuimeanna a chloiseann an leanbh sular bhfuil sé i gceann seacht mbliana d'aois leis an neart iarracht is féidir leis teanga nua a fhoghlaim.

    Chomh maith le sin, múineann an teanga don pháiste foighne a dhéamamh le coincheap nua, mar shampla, le téarmaí ghrammadach nua nach bhfuil as béarla.

    Rinne mé an comparáid ar an snáth i AH leis na "caseanna" a bhfuil sa Laidineach agus na Tuiseal Ghaelach. Ní raibh mórán chlú agam faoin coincheap sin sular d'fhéach mé ar teangacha eile ach d'aithin mé é ó na laethanta sa sheomra ranga ar scoil!.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,914 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Chuala mé go n-úsáidtear tuisil éagsúla sa Phoirtingéilis freisin. B'fhéidir an Ghearmáinis chomh maith, ach nílim ró-chinnte fuithi!

    Ar a laghad, nuair a bhíonn níos mó ná teanga amháin ag an duine bíonn an coincheap sin aige/aici go mbíonn níos mó ná "ainm" amháin ag (beagnach) gach uile focal. Cosúil le stór focal leathan sa Bhéarla, ach le tuiscint go mbíonn pátrúin difriúla ann i dteangacha eile.

    Sin an fáth go dtaitníonn réimíreanna ón Laidin agus ó Ghréigis liom sa Bhéarla freisin.


  • Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭Dughorm




Advertisement