Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Tá Toghcháin Dé hAoine!

Options
  • 18-05-2014 4:11pm
    #1
    Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭


    Cé acu a mbeidh sibh ag tacú le?

    An bhfuil tionchar ag an teanga ar an rogha sin? (Ná déan dearmad nach bhfuil na Chomhairle Áitiúla ag chur gach seirbhís ar fáil as Gaeilge go fóill..)



    Chun a beidh go hiomlán ar oscailt is ball don Chomhaontas Ghlais mé. Cé nach bhfuil Gaeilge ag an iarrthóir áitiúil agam tá fios agam go bhfuil sé tacú leis an teanga.


Comments

  • Registered Users Posts: 542 ✭✭✭GaelMise


    Grudaire wrote: »
    Cé acu a mbeidh sibh ag tacú le?

    An bhfuil tionchar ag an teanga ar an rogha sin? (Ná déan dearmad nach bhfuil na Chomhairle Áitiúla ag chur gach seirbhís ar fáil as Gaeilge go fóill..)



    Chun a beidh go hiomlán ar oscailt is ball don Chomhaontas Ghlais mé. Cé nach bhfuil Gaeilge ag an iarrthóir áitiúil agam tá fios agam go bhfuil sé tacú leis an teanga.

    Don todhcháin áitiúil, ní bíonn baint mór ag an partaí le mo rogha. Níl mórán (nó go leor) cumhacht ag na n-Údaráis Áitiúl agus mar sin bím ag amhairc don chuid is mó ar an leas ata bainte ag an té as an deis atá acu mar comhairleoirí (más comhairleoirí iad) nuair a bhí siad ar an gcomhairle chun feabhas a dhéanamh, agus más iarrthóirí nach comhairleoirí iad, bím ag amhairc ar an méid ata déanta acu mar duine aonar. Mar sin ní bíonn béim mór agam ar polasaí nó partaí ach ar cumas an duine.

    Don Eoraip, beidh me ag tacú le Sinn Fein uimh 1, toisc go bhfuil Gaeilge líofa ag an iarrthóir atá acu, acus bhféidir an comhaontas glas uimh 2


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Mar threoir ghinearálta, ní chaithimse vóta ar son páirtí, ach pearsa. B’fhéidir go gcuirfeadh páirtí an iarrthóra isteach ar mo thuaraim, ach ní chuirimse éinne chun tosaigh (nó chun deiridh) de bharr a bpáirtí, pé saghas toghcháin atá i gceist. De gnáth, bíonn mion-iarrthóirí neamhspleácha chun tosaigh domsa, ós rud é nach aontaím teorann na bpáirtithe go ginearálta (an córas aoireachta go háirithe), agus ansan téann an vóta ar aghaidh go iarrthóirí níos móra is cáiliúla.

    Caithfid admháil, áfach, gur beag an taighde atá déanta agam ar na toghcháin seo, ós rud é go bhfuilim go dtí an dá shúil leis an obair fé láthair. Seans go staonfaidh mé ón toghchán áitiúil dá bharr, ach déarfainn go mbainfidh mé páirt i dtoghchán na hEorpa, ós rud é go bhfuil sé níos éasca an t-eolas fé na hiarrthóirí a fháil amach.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Do bhíos ag féachaint ar mo thoghcheantar féin. ‘Sé beagnach 22,000 an daonra. Is ceantar sé suíocháin atá ann agus níl ach naonúr mar iarrthóirí. Is lú an rogha é sin – níor chomhair go dtoghfaí dhá thrian de na hiarrthóirí. Nach mbeadh ceithre shuíochán nó mar sin de níos oiriúnaí le haghaidh 22,000 duine? Isteach is amach ar 5,000 an chomhairleoir.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá dearmad déanta acu orainn arís - ní feicim ach dhá iarracht craoladh páirtí poilaitiúla as Gaeilge ó Sinn Féin agus an Chomhaontas Ghlas


    D'athraigh siad líon na gcomhairleoirí i gach contae níos luaithe san bhliain. Bhí sé níos measa arís nuair a raibh gcomhairleoirí ag gach uile bhaile bheag!


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Laghdaíodh an líon, ar laghdaíodh? B'fhearr iad a scaipeadh amach tríd an toghcheantar, chomh maith. Is cosúil leis na dáilcheantair sé shuíocháin ("super constituencies" a chuirimse orthu), ina mbíonn formhór na daoine a thoghtar gar don áit céanna, ós rud é go bhfuileadar agus a gcomhghleacaithe cáiliúil san áit sin. B’fhearr dhá cheantar trí shuíocháin, agus bheadh an ionadaíocht níos cothrom ar fud an cheantair.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Deireann roinnt daoine soiniciúil gur iarracht é seo deis a tabhart do Páirtí an Lucht Oibre roinnt suíocháin a sábháil.. I bharda le 3 spotaí faigheann na cúpla páirtí is mó gach suíocháin. ach le 5-7 suíocháin bíonn rogha níos leathan tóghta.

    Nílim ag gearrán - níos fearr do na pháirtí beaga eile mar na Glasach!


    Laghdaíodh an líon i roinnt áiteanna (faoin tuatha) agus tá níos mó sna cathracha..
    http://en.wikipedia.org/wiki/Local_Government_Reform_Act_2014


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Grudaire wrote: »
    Deireann roinnt daoine soiniciúil gur iarracht é seo deis a tabhart do Páirtí an Lucht Oibre roinnt suíocháin a sábháil.. I bharda le 3 spotaí faigheann na cúpla páirtí is mó gach suíocháin. ach le 5-7 suíocháin bíonn rogha níos leathan tóghta.

    Nílim ag gearrán - níos fearr do na pháirtí beaga eile mar na Glasach!

    An fhadhb le toghcheantair chomh mór sin ná go dtoghtar polaiteoirí nó dhó lag, ós rud é go bhfuil an iomarca spásanna agus ná fuil go leor iarrthóirí. I Maigh Eo (atá mar cheantar sé shuíocháin), mar shampla, tá ceathrar ó Fhine Gael. Ní aontaím go bhfuil ceathrar ó pháirtí amháin in áit bheag mar Mhaigh Eo maith go leor. Ar a laghad, dá mba cheantar níos bige a bheadh i gceist, ní bheadh na strongholds dos na mórpháirtí chomh láidir sin.

    Laghdaíodh an líon i roinnt áiteanna (faoin tuatha) agus tá níos mó sna cathracha..
    http://en.wikipedia.org/wiki/Local_Government_Reform_Act_2014


    Jaysus, ní aontaím le san. Ba chomhair líon na n-ionadaí poiblí a dhéanamh ó thaobh suímh, i dteannta leis an dlús daonra. Beagnach 200 comhairleoir i mBleá Cliath.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Lá maith do Sinn Féin agus na glasach!


    Tá I bfad níos mó ná polaiteoir nó dhó lag I gach bharda. Uaireanta bíonn na comhleoirí ó na pháirtí bheaga na polaiteoirí is fearr.

    Tá an iomarca polaiteoirí, agus airgead churtha amú acu. Aontaím leat faoi sin!


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Grudaire wrote: »
    Lá maith do Sinn Féin agus na glasach!

    Agus na páirtí beaga agus na polaiteoirí neamhspleácha.

    Tá I bfad níos mó ná polaiteoir nó dhó lag I gach bharda. Uaireanta bíonn na comhleoirí ó na pháirtí bheaga na polaiteoirí is fearr.

    Aontaím. De gnáth, cuirimse na hiarrthóirí nach bhfuil chomh cháiliúil ag an mbarr, agus na hiarrthóirí níos cáiliúla ag an mbun. Is maith liom nuair a bhíonn an vóta scaipthe chomh maith, in ionad iad go léir ag dul go dtí páirtí amháin, a fhaigheann an mhonaplacht.
    Tá an iomarca polaiteoirí, agus airgead churtha amú acu. Aontaím leat faoi sin!

    Ar a laghad, cuireadh teorann tríocha míle ar thuarastal na méaraí. Do bhíodh ardmhéar Chorcaí ag tuilleadh thart ar céad míle!


  • Registered Users Posts: 979 ✭✭✭Seannew1


    Bhí mé i mo chónaí sa Ghearmáin ar feadh na bliana anuas agus bhí mé fíor-bhuíoch nach raibh mé sa tír nuair a tharla na toghcháin chun an fhírinne a rá a chairde. Níl meas ar bith agam do pholaiteoirí an lae inniu.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    I gComhairle Cathrach Chorcaí, do bhíodh bearta idir Fine Gael, Fianna Fáil agus an Lucht Oibre. Théidís go léir le chéile ar an vóta don Ard-Mhéar agus thoghadh duine amháin ón trí pháirtí gach trí bhliain. Choimeádtaí na páirtithe beaga agus neamhspleácha glan ó chumhacht sa chomhairle. Níl sé ró-dhaonlathach, i mo thuairimse – “jobs for the boys”, mar a dhéarfá. I mbliana, níl aon comhairleoir ón Luch Oibre ar an gcomhairle. Agus cé a thóg a áit? Sinn Féin. An páirtí a bhí i gcónaí ag gearán fén bhearta seo agus dheir siad go bhfuil glan i gcoinne Fhine Gael agus Fhianna Fáil. Dá mbeadh an seans acu a bheith sa rialtas mar mhion-pháirtí de cheachtar d’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil, an ndéanfaí é? Déarfainn é, agus dhéanfaí na rudaí ceanna céanna atá á dhéanamh ag an rialtas fé láthair.


Advertisement