Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Joe McHugh - gan an teanga, gan an cumas?

Options
  • 17-07-2014 12:30pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,034 ✭✭✭


    An mbeidh sé in ann an jab a dhéanamh?

    É sin á phlé, 10. marc. ;)


Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá sé deacair a rá gan seans a tabhairt dó... ach é sin ráite tá an cuma ar nach bhfuil an Taoiseach ag tabhairt mórán aire don Gaeilge.

    Dá mbeadh sé ag iarraidh an phost, nó réigh don phost cén fáth nár thosaigh sé á foghlaim níos luaithe?


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Níl gean agam ar a phairtí ach chuala mé an t-aire úr faoi agallamh ar an chlár 'Barrscéalta' ar maidin ar R na G agus caithfidh mé a admháil nach raibh caill ar bith air. Is cinnte go bhfuil obair le déanamh aige ach ní thógfaidh sé an t-uafás le líofacht a bhaint amach ón méid a chuala mé uaidh.

    B'fhéidir go bhfuil an locht orthu siúd sa rialtas nár thug eolas cruinn dúinn ó thús.


  • Registered Users Posts: 1,034 ✭✭✭dalta5billion


    Caithfidh me an agallamh seo a chur ar eolas - http://nuacht1.com/pod.php?id=6ffecbb79a5d3c26e508ec45bcb88840&t=26

    Ní raibh an iomarca fadhbanna ann.


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Ní aithneofá gur an duine céanna a bhí ag caint sa Dáil anseo:

    http://www.thejournal.ie/joe-mchugh-questions-1573744-Jul2014/

    Bhí an t-agallamh ar RnaG réamhthaifeadta ach más amhlaigh nach raibh na freagraí á léamh aige bhí cuma i bhfad níos fearr ar ná an taispeántas a thug sé sa Dáil.


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ar an agallamh le RnaG léirigh sé go bhfuil roinnt Gaeilge aige. Níos mó ná a ceap mé go mbeadh, agus ceapaim níos mó ná Gerry Adams ar aon nós..

    É sin ráite tá Gaeilge lag aige, agus níor thuig sé gach ceist i gceart (i mo thuaraimse), ag an am céanna bíonn deacrachtaí agam Gaeilge Uladh a thuisceant! :pac:


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Seo an teachtaireacht is déanaí uaidh:
    Díospóireacht náisiúnta de dhíth faoinár gcur chuige agus ár ndearcadh
    i leith fhoghlaim na Gaeilge

    Iarrann an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., ar an bpobal teacht ar aistear leis agus é ag tabhairt faoin Ghaeilge a athfhoghlaim

    Thug an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., cuireadh inniu (18/7/14) don phobal bheith in éineacht leis agus é ag féachaint le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Ba mhaith leis an Aire McHugh tús a chur le díospóireacht náisiúnta faoin tábhacht atá leis an nGaeilge i súile an phobail agus conas ar féidir úsáid laethúil na Gaeilge a mhéadú.

    Dúirt an tAire McHugh: "Cáineadh mé le cúpla lá anuas as m'easpa inniúlachta sa Ghaeilge. Tuigim an imní seo go maith agus tá mé ag tabhairt faoin scéal a chur ina cheart agus feabhas a chur ar mo chuid inniúlachta. Ba mhaith liom pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur ar a shuaimhneas i ndáil leis seo ós rud é go bhfuil mé tiomanta go hiomlán d'ionadaíocht a dhéanamh ar a gcuid leasa.

    Léiríonn mó chás-sa an saol mar atá sé do go leor de mhuintir na tíre seo - duine a bhfuil grá aige don teanga ach nár bhain úsáid as na scileanna a d'fhoghlaim sé ar scoil lasmuigh den seomra ranga. Mar an tAire Stáit nuacheaptha do Ghnóthaí Gaeltachta, tá sé ar intinn agam úsáid a bhaint as mo phost leis an phobal a spreagadh chun an teanga a "athfhoghlaim" in éineacht liom, an méid Gaeilge atá acu cheana féin a úsáid agus feabhas a chur ar a gcuid scileanna chomh maith. Ar an dóigh seo, thig linn iarracht a dhéanamh an teanga a ghlacadh isteach inár ngnáthshaoil - sé sin, go mbeidh sí fite fuaite inár saol laethúil.”

    Tá súil ag an Aire McHugh go dtabharfaidh a thionscnamh spreagadh do dhaoine an teanga a labhairt, i gcomhréir leis an mbunaidhm atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030:

    "Tá mé ag súil go bhfeidhmeoidh mo chuid iarrachtaí mar ghríosadh do dhaoine leis an teanga a labhairt. Tá mé diongbháilte feabhas a chur ar mo chuid scileanna Gaeilge féin. Tá sé ar intinn agam daoine a choinneáil ar an eolas i ndáil leis an dul chun cinn atá á dhéanamh agam agus cuirfidh mé amach tvuíteanna le frásaí úsáideacha a thig le daoine a úsáid sa ghnáthshaol. Tá súil agam go dtacóidh muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta liom agus mé ag tabhairt faoin aistear foghlama seo sa dóigh is go bhféadfaidh muid oibriú le chéile le húsáid laethúil na teanga a mhéadú ar fud na tíre, mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. I dtaca leis sin, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí éagsúla, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, atá ag obair leis an teanga a chur chun cinn.

    Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine ann, idir óg is aosta, a bhfuil fonn orthu an teanga a ghlacadh chucu féin agus ba mhaith liom iad a spreagadh chun é sin a dhéanamh trí mo thaithí féin. Mar a deir an seanfhocal, beatha teanga í a labhairt. Tá súil agam go bhfaighidh mé tacaíocht ón phobal leis an tionscnamh seo."

    CRÍOCH


  • Registered Users Posts: 39 Stilla Mellis


    Maith thú. Molaim thú. Ba bhreá liomsa jab mór tábhachtach a fháil gan de cháilíocht agam ach go ndéanfainn mo dhícheall cibé cumas a bheadh riachtanach a bhaint amach "ar an jab".

    Is é dearcadh Joe atá ag marú labhairt na Gaeilge. Ós rud é go bhfuil dhá theanga ar a laghad ag lucht labhartha na Gaeilge ní labhróidh aon duine i dteanga nach dtuigfear.

    Cé a labhródh teanga nach dtuigfí le gárda síochána, le bainisteoir bainc, le ceannasaí oifige...

    Ar cheart go mbeadh Gaeilge ag státseirbhísigh? Ag Airí Rialtais?

    Dar lenár mBunreacht ba cheart. Dar le Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ba cheart. Dar leis an gcóras oideachais agus traidisiún an Stáit ó bunaíodh é ba cheart.

    Ah! but they're not to be taken seriously. They're only for show. Nobody cares. Nobody bothers. Wait a while till the last native speaker has passed away and Joe's position will improve immensely.

    Is é fírinne an scéil go bhfuil aithne ag lucht labhartha na Gaeilge ar a chéile. Ó cheantar go ceantar agus ó bhaile go baile aithnítear na "Gaeilgeoirí". Focal moltach é sin i nGaeilge ag lucht labhartha na teanga. Focal gránna tarcaisniúil é ag Béarlóirí.

    Tá súil agam go mbainfidh Joe McHugh céim Ghaeilgeora amach go luath, sa Dáil agus taobh amuigh de.


  • Registered Users Posts: 2,801 ✭✭✭CrabRevolution


    Ní dheanfaidh sé aon difríocht cén teanga atá aige. Cén fáth nach bhfuil aon feabhas tagtha ar cúrsaí Gaeltachta, nó an méid cainteoirí, cé go raibh líofacht sa ghaeilge ach gach Aire don Ghaeltacht eile?


Advertisement