Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gaeilge ar RTÉ

Options
  • 17-09-2014 2:27pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭


    Do chonac ar snaithín After Hours go bhfuill a thuilleadh seirbhísí Gaelainne ar fáil ar RTÉ anois. Ar an raidió is ar an teilifís.

    Níl sé fachta/cloiste agam ar an seó RTÉ fós. Cé chomh doimhinn is a bhfuil sé? Ag léamh na n-alt fé, níl ann ach cúpla focal curtha isteach ag tosach na nuachta agus tá cúpla rud sa bhreis le fáil ar an suíomh idirlín. Sin é, an ea? Ar an snaithín After Hours, cheapfaí go mbeidh orainn bailout eile a fháil, leis an bhfearg dearg atá ar roinnt daoine.


Comments

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Má théann tú go dtí leathanach nuachta RTÉ is féidir leat gliogáil ar Nuacht agus scéalta a fháil i ngaeilge. Tá na scéalta á chur suas ag foireann RnaG i gCasla. Is féidir scéalta áitiúla ó na ceantair ghaeltachta a léamh ar leathanach RTÉRnaG. Lena chois sin tá Rónán Mac an Iomaire ceaptha chun forbairt a dhéanamh ar sholáthar ábhar trí ghaeilge ar sheirbhísí uile an stáisiúin. Is de réir a chéile a fheicfear dul chun cinn ina thaobh.

    www.rte.ie/nuacht

    http://www.rte.ie/about/ie/press-office/press-releases/2014/0912/643371-ronan-mac-con-iomaire-ceaptha-ina-ghrupcheannasai-gaeilge-ag-rte/


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Is dul chun cinn é seo.

    Ní raibh mé ag tnúth leis ach an oiread.. cén fáth ar tharla seo!?


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    craoltoir wrote: »
    Má théann tú go dtí leathanach nuachta RTÉ is féidir leat gliogáil ar Nuacht agus scéalta a fháil i ngaeilge. Tá na scéalta á chur suas ag foireann RnaG i gCasla. Is féidir scéalta áitiúla ó na ceantair ghaeltachta a léamh ar leathanach RTÉRnaG. Lena chois sin tá Rónán Mac an Iomaire ceaptha chun forbairt a dhéanamh ar sholáthar ábhar trí ghaeilge ar sheirbhísí uile an stáisiúin. Is de réir a chéile a fheicfear dul chun cinn ina thaobh.

    www.rte.ie/nuacht

    http://www.rte.ie/about/ie/press-office/press-releases/2014/0912/643371-ronan-mac-con-iomaire-ceaptha-ina-ghrupcheannasai-gaeilge-ag-rte/

    Gura míle. Do bhíos á chuardach ar an suíomh, ach ní rabhas in ann teacht air. Cuirfidh mé leabharmharc idirlín ar an suíomh san gan dabht.


    Grudaire wrote: »
    Is dul chun cinn é seo.

    Ní raibh mé ag tnúth leis ach an oiread.. cén fáth ar tharla seo!?

    An tAire nua ag taispeáint, cé go raibh easpa na teangan aige i dtosach, go ndéanfar dul chun cinn sa Ghaelainn?


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭Seán MacSuibhne


    GRMA as an nuacht seo. Bhíos a lorg nuacht Gaeilge at RTÉ le déanaí agus bhí an méad a bhí ann blian as dáta. Sea dul chun cinn iontach.


  • Registered Users Posts: 542 ✭✭✭GaelMise


    Paz-CCFC wrote: »
    An tAire nua ag taispeáint, cé go raibh easpa na teangan aige i dtosach, go ndéanfar dul chun cinn sa Ghaelainn?

    Ní dóigh liom go bhfuil baint ar bith ag an Aire nua leis. Chur RTÉ tuarascáil le cheile siar i mí feabhra faoin Ghaeilge san eagraíocht agus bhí an seirbhís seo mar chuid de.
    Áthas orm go bhfuil sé ann, ach chun an fhirrine a rá, is gá feabhas a chur ar, bíonn na scéalta ro-gearr i gcompáiread leis an leagan Béarla den suíomh.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,880 ✭✭✭deirdremf


    Paz-CCFC wrote: »
    Do chonac ar snaithín After Hours go bhfuill a thuilleadh seirbhísí Gaelainne ar fáil ar RTÉ anois. Ar an raidió is ar an teilifís.

    Níl sé fachta/cloiste agam ar an seó RTÉ fós. Cé chomh doimhinn is a bhfuil sé? Ag léamh na n-alt fé, níl ann ach cúpla focal curtha isteach ag tosach na nuachta agus tá cúpla rud sa bhreis le fáil ar an suíomh idirlín. Sin é, an ea? Ar an snaithín After Hours, cheapfaí go mbeidh orainn bailout eile a fháil, leis an bhfearg dearg atá ar roinnt daoine.
    Hé, tar éis trí bliana de sceanairt, tá siad ag cur feabhas leis na seirbhísí?

    Bí cinnte go dtiocfaidh siad ag iarraidh do vóta go luath!

    Ar ábhar eile, an bhfuil sé i gceist ag TG4 tosú ag craoladh as Gaeilge go luath? Am ar bith a chuirim ar siúl é, bíonn clár Béarla air.


Advertisement