Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Nathanna Cainte

Options
2

Comments

  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Tadhg an Mhargaidh* - gnáthdhuine, an gnáthfhear ar an tsráid.

    * Foclóir Uí Dhónaill, lth. 1191


  • Registered Users Posts: 49 Tulyar


    Ba bhuairt suain dom é. = Bhí sé ag goilliúint chomh mór sin ar m'aigne go raibh sé ag teacht idir mé agus codladh na hoíche.

    Do dhubhaigh is do ghormaigh air le feirg. = Chlaochlaigh a ghnúis le feirg.

    Sé a athair ina aithbhreith é. = Níl oighre ar a athair ach é.

    B'fhearr liom do chabhair ná do chealg. = B'fhearr liom mar charaid ná mar namhaid thú.


  • Registered Users Posts: 49 Tulyar


    Láidriú Cainte.

    Athuair = Arís.

    Ina dhiaidh sin is uile = mar sin féin.

    Sceimhle croí = scanradh.

    Is minic a bhí eagla ar dhuine agus níor bhaol dó = is minic a bhí imní ar dhuine gan chúis.

    Níl aon chaitheamh agam i ndiaidh leabhar = níl aon tóir ar leabhair agam = is beag é mo spéis i leabhair.


  • Closed Accounts Posts: 862 ✭✭✭cautioner


    Tulyar wrote: »
    Ba bhuairt suain dom é. = Bhí sé ag goilliúint chomh mór sin ar m'aigne go raibh sé ag teacht idir mé agus codladh na hoíche.

    Do dhubhaigh is do ghormaigh air le feirg. = Chlaochlaigh a ghnúis le feirg.

    Sé a athair ina aithbhreith é. = Níl oighre ar a athair ach é.

    B'fhearr liom do chabhair ná do chealg. = B'fhearr liom mar charaid ná mar namhaid thú.

    Is aoibhinn liom do chuid nathanna; faraor, níl mo Ghaeilge maith go leor chun na cinn seo a thuiscint :o
    An féidir leat iad a mhíniú le do thoil?


  • Registered Users Posts: 49 Tulyar


    cautioner wrote: »
    Is aoibhinn liom do chuid nathanna; faraor, níl mo Ghaeilge maith go leor chun na cinn seo a thuiscint :o
    An féidir leat iad a mhíniú le do thoil?

    A Chautioner,
    Déanfad mo dhícheall iad a mhíniú chomh maith agus is féidir liom.

    (1) Ba bhuairt suain dom é = bhíos chomh buartha agus chomh corraithe sin nach rabhas in ann dul a chodladh.

    (2) Do dhubhaigh is do ghormaigh air le feirg = tháinig riastra feirge air = bhií fearg an domhain air.

    (3) Sé a athair ina aithbhreith é = níl aon oidhre ar a athair ach é = tá ana-dhealramh aige lena Dheaid = tá sé ana-chosúil lena Dheaid.

    Go néirí ádh leat.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá Gaeilge chomh maith ag Tulyar go gcaithfidh sé a mhíniúcháin a mhíniú! Maith thú Tulyar as na míniúcháin breise a sholáthar, agus maith thú cautioner as ucht na míniúcháin a lorg mar ní fheicim mórán daoine ag déanamh sin.


  • Closed Accounts Posts: 34 gleannuirce


    Tháinig sé aniar aduaidh orm - tharla rud éigin go tobann, gan súil leis


  • Closed Accounts Posts: 862 ✭✭✭cautioner


    Tháinig sé aniar aduaidh orm - tharla rud éigin go tobann, gan súil leis

    D'fhoglaim an ceann sin i rith an tsamhraidh, bainim úsáid as go minic, is aoibhinn liom é!


  • Closed Accounts Posts: 25 Samildánach


    Is snáithín (mar a déarfadh sibhse!) iontach é seo!
    Tá na nathanna éagsúla a bhíonn go sonraíoch i caint na ndaoine go riachtanach chun líofacht na Ghaeilge/cruinneas an theanga a fháil agus den scríbhneoir díograiseach fiú!


    Tá cothrom na Féinne acu
    - Baineann an ceann seo le té macánta nó orónach. Is breá liom na cinn a bíonn ceangailte leis an bhéaloideas, nó a déanann tagairt ar.

    Faraor, táim in umar na haimléise Alas, táim go brónach ar fad.

    bhí siad ina dtost - Ní raibh focail nó fúm uathu.

    Tá cosc orm - Níl cead agam rud éigin a déanamh/Táim fé smacht duine eile.

    Cúpla cinn simplí, a mbíonn le feiceáil nó le cloisteáil go minic sa litríocht nó i mbéal na phobail. Píosa chomhairle daoibh, is rud iontach do foclóir a chomhaid ar do fhón! Tá áis "Nóta" ann i ngach fón, agus gach achair a chluinim focail nua scríobhann mé síos sa ghuthán iad!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    cautioner wrote: »
    D'fhoglaim an ceann sin i rith an tsamhraidh, bainim úsáid as go minic, is aoibhinn liom é!

    Is breá liom an nath cainte sin chomh maith. :)

    Chomh bródúil le cat a mbeadh póca air
    - Cur síos ar dhuine atá thar a bheith bródúil as féin.

    Foclóir Uí Dhónaill - lth. 143


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 49 Tulyar


    Is snáithín (mar a déarfadh sibhse!) iontach é seo!
    Tá na nathanna éagsúla a bhíonn go sonraíoch i caint na ndaoine go riachtanach chun líofacht na Ghaeilge/cruinneas an theanga a fháil agus den scríbhneoir díograiseach fiú!


    Tá cothrom na Féinne acu - Baineann an ceann seo le té macánta nó orónach. Is breá liom na cinn a bíonn ceangailte leis an bhéaloideas, nó a déanann tagairt ar.

    Faraor, táim in umar na haimléise Alas, táim go brónach ar fad.

    bhí siad ina dtost - Ní raibh focail nó fúm uathu.

    Tá cosc orm - Níl cead agam rud éigin a déanamh/Táim fé smacht duine eile.

    Cúpla cinn simplí, a mbíonn le feiceáil nó le cloisteáil go minic sa litríocht nó i mbéal na phobail. Píosa chomhairle daoibh, is rud iontach do foclóir a chomhaid ar do fhón! Tá áis "Nóta" ann i ngach fón, agus gach achair a chluinim focail nua scríobhann mé síos sa ghuthán iad!

    Ana-smaoineamh. Míle buíochas.


  • Registered Users Posts: 49 Tulyar


    Is minic abhí eagla ar dhuine agus níor bhaol dó = Is minic abhí imní ar dhuine gan chúis.

    Tháinig an tuar faoin dtairngreacht = tháinig gach rud chun críche faoi mar a dúradh.

    Níl aon chaitheamh agam i ndiaidh leabhar = níl aon tóir ar leabhair agam = is beag é mo spéis i leabhair.


  • Registered Users Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    N'fheadar an nath cainte é, ach léigh mé é seo in alt Uí Thithligh inniu:

    aghaidh na ndaoine = Popular/coitianta, popular opinion etc

    "Tharla le déanaí gur nochtadh aghaidh na ndaoine"


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    "Spré ar do ghaota." Deirtear sin le duine a bhíos ag ithe go minic nó ag caint go minic ar itheachán.


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte.
    Chun an dlaíóg mhullaigh a chur ar nath cainte a bhí ag An Múinteoir tamall ó shin. Crann do shláinte leat.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Gheall sé na hoirc is na hairc dom* - Gheall sé gach rud faoin spéir dom.

    * Foclóir Uí Dhónaill, lth. 933


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Casadh an chorcáin leis an gciteal* - Nuair a chuireann duine drochthréith a bhaineann leis féin i leith duine/daoine eile.

    * Foclóir Uí Dhónaill, lth 195


  • Registered Users Posts: 49 Tulyar


    Múinteoir wrote: »
    Casadh an chorcáin leis an gciteal* - Nuair a chuireann duine drochthréith a bhaineann leis féin i leith duine/daoine eile.

    * Foclóir Uí Dhónaill, lth 195

    Ceann eile atá ar aon bhrí leis an gceann thuas:

    Níl ann ach achasán na hóinsí don amaid.


  • Registered Users Posts: 35 Tenente


    Bhí dhá chroí uirthi = Bhí sí thar/os coinn an ghealach.

    Tá mé ag leamh úrsceal don fhoghlaimeoir fásta ag an t-am seo agus bhí an nath seo ann. Agus an minuí seo i an ghluis ag an deireadh an leabair. An bhfuil sé labhairt ag na daoine i gnath comrá? Níl a fhios agam


  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tenente wrote: »
    Bhí dhá chroí uirthi = Bhí sí thar/os coinn an ghealach.

    Tá mé ag leamh úrsceal don fhoghlaimeoir fásta ag an t-am seo agus bhí an nath seo ann. Agus an minuí seo i an ghluis ag an deireadh an leabair. An bhfuil sé labhairt ag na daoine i gnath comrá? Níl a fhios agam

    Níl a fhios agam an bhfuil sé i ngnáth comhrá ach an oiread. Rinne mé Googláil air ach ní bhfuair mé mórán torthaí dó. Tháinig mé trasna léirmheas leabhair agus de réir údar an léirmheasa níl 'uirthi' ceart - ba chóir 'aici' a bheith ann.

    "An locht is mó a bheadh agamsa ar an leabhar seo, más locht é, ná an Béarlachas atá ann, agus seo roinnt samplaí - ......bhí dhá chroí uirthi in áit bhí dhá chroí aici....Ach, is dóigh gurbh í seo Gaeilge an lae inniu, agus go bhfuil mo chuid Gaeilge sean-nósach."


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Sílim go bhfuil sé ceart "bhí dhá chroí uirthi" a rá sa chomhthéasc seo. Ní hionann é agus "bhí dhá chroí aici" ; an mairfeadh duine ar bith abhfad le dhá chroí !!
    Tá leagan cainte ó thuaidh fá choinne "póit" - "tá dhá chloigeann ORM".


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Téarma an lae ar focal.ie inniu: Dúirse Dáirse

    Chuala mé é dúirse dáirse


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    Múinteoir wrote: »
    Gheall sé na hoirc is na hairc dom* - Gheall sé gach rud faoin spéir dom.

    * Foclóir Uí Dhónaill, lth. 933

    cad is bhrí leis? ní thuigim go fóill :P

    ceann eile:
    tháinig smúit orm = d'éirigh mé dobrónach go tobann


  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf


    Gheall sé na hoirc is na hairc dom
    cad is bhrí leis? ní thuigim go fóill :P
    Dúirt sé go ndéanfadh gach rud dom.
    (ach is dócha gur loic sé orm ansin!).


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    go raibh míle maith agat, agus gabh mo leithscéal as an freagra déanach ^^"

    cad is bhrí le "is geall le préachán mé"? tá sé léite agam i leabhar, ar nós "níl nóta ceoil i mo chloigeann, dáiríre. Is geall le préachán mé".


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Ní bhíonn guth ceolmhar ag préachán.


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    go raibh míle maith agat, agus gabh mo leithscéal as an freagra déanach ^^"

    cad is bhrí le "is geall le préachán mé"? tá sé léite agam i leabhar, ar nós "níl nóta ceoil i mo chloigeann, dáiríre. Is geall le préachán mé".

    Ní bhíonn guth ceolmhar ag préachan...."tá (mo ghuth) cosúil le guth phreácháin"


  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    ahmm tuigim anois ^^ grma!

    nath cainte eile:
    ina fiche páirt timpeall an tí = go leor tasc éagsúla ar bun ar dhuine amháin


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Is cosúil go bhfuil duine amháin ag obair go dian.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa


    sin é, go díreach ^^

    agus mise atá ann dár ndóigh xD


Advertisement