Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Na Gaeil Óga's TXT as Gaeilge Campaign!

Options
  • 13-03-2006 4:03pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭


    Support the campaign by texting the word "GAEILGE " to 53033 in the 26 counties & 88122 in the 6 counties!



    Tacaigh leis an bhfeachtas tríd an focal "GAEILGE" a chur go dtí an uimhir 53033 sna 26 contae agus 88122 sna 6 chontae!





    ***English Version Follows***



    Tá Feachtas Gaelú na bhFón Póca Na Gaeil Óga faoi lán-sheol. Ba mhian leis Na Gaeil Óga úsáid a bhaint as deá-thoil na gcuideachtaí fón póca agus shochaí na hÉireann don Ghaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge chun seirbhís nua de théacs réamhaithriseach nó tuarthéacs a chur ar fáil d'úsáideoirí na bhfón póca in Éirinn, agus an Ghaeilge a bheith ar na teangacha gur féidir a roghnú le húsáid mar 'theanga' na bhfón póca i. Phonebook nó Eolaire Gutháin/fóin.



    Is éard atá i gceist leis an bhfeachtas seo ná feachtas téacsála ionas gur féidir le daoine a dtacaíocht a léiriú chun an tseirbhís a fhorbairt, tríd an focal " GAEILGE" a chur chuig an uimhir 53033 i ndeisceart na hÉireann agus an uimhir 88122 sa Tuaisceart. Mairfidh an feachtas ar feadh coicís Sheachtain na Gaeilge, 4-17 Márta.

    Rachaidh cibé airgid a bhailítear chuig na príomh-óg-eagrais Ghaeilge, Na Gaeil Óga, Cumann na bhFiann, Spleodar, Ógras agus Feachtas.



    Breis eolais:

    Déan teagmháil le Félim Borland (0872688539) nó Seán Ó hAdhmaill (0857395580) Na Gaeil Óga. Rphost: nagaeiloga@gmail.com

    Suíomh Idirlín an fheachtais: http://www.redbrick.dcu.ie/~wilburt







    ***ENGLISH VERSION***



    During Seachtain na Gaeilge, Na Gaeil Óga are organising a campaign to encourage mobile phone service providers to develop a new predictive text service on mobile phones in Irish. They also want an option to have Irish as a user language on mobile phones in Ireland, i.e. Phonebook or Eolaire Gutháin/fóin.



    It is a text campaign, through which people are asked to show their support by texting the word " GAEILGE" to the number 53033 in the south of Ireland and to the number 88122 in the north, especially during Seachtain na Gaeilge, 4-17 March (however the numbers will remain valid beyond St Patrick's Day). Texts cost 50p/60c and all proceeds go to Irish-language youth organisations, to provide social events for young people through Irish.





    For further information please contact Félim Borland (0872688539) or Seán Ó hAdhmaill (0857395580) Na Gaeil Óga. Email: nagaeiloga@gmail.com

    Related Link: http://www.redbrick.dcu.ie/~wilburt


Comments

  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Funny, bhí mé direch chun é sin a chuir suas!!

    Teacs mé féin isteach ar aon ós! Smaoineamh maith!


  • Registered Users Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Jesjes wrote:
    Funny, bhí mé direch chun é sin a chuir suas!!

    B'fhiú ríomhphost a chur thart faoin rud seo chuig do chairde chomh maith má tá suim ar bith sa Ghaeilge acu.


  • Moderators, Education Moderators, Music Moderators Posts: 4,436 Mod ✭✭✭✭Suaimhneach


    Tá mo chairde ar fad gníomhúil san coláiste agus san mbaile maidir leis an Gaeilge agus an feachtas seo. Ach smaoineamh maith doibh súid le chairde a labhríonn nó a bhfuil suim acu san Gaeilge. :)


  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Seolfaidh mé ríomhphost thart.. Bheadh Teasc i nGaeilge ar fheabhas. Maith thú a Gael


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,708 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Cuirfidh mé ríomhphost ar an bebo anois. Smaoineamh iontach atá ann. Conas go mbeadh an séirbhís ar fáil dúinn nuair atá sé réidh? An mbeidh sé orainn fón so-ghluaiste nua a fháil?


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 541 ✭✭✭GaryOR


    Tá comhrá le Seán Ó hAdhmaill agus Féilim Borland ó na Gaeil Óga ar an t-Imeall inniu faoi fheachtas tuarthéacs

    http://imeall.blogspot.com/


Advertisement