Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Mionrudaí a Chuireann Soir Thú

  • 20-01-2014 11:27pm
    #1
    Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭

    Is snáithe leantach ar an gceann Béarla atá ar After Hours é seo (Trivial things that annoy you) .

    An Geimhreadh agus gach rud atá bainteach leis. Na laethanta gearra: dorchadas ar maidin nuair a éiríonn tú agus fén am a chríochnaíonn tú leis an obair. An fuacht. An leac oighear. Do bhí leac oighear ar an gcoscán ag a aon déag ar maidin. Tá an ghrian amach ag an am san, imigh leat!

    Gan aon pheil go dtí Mí an Mhárta. Níl cluichí teilifíse maith go leor. Níl rud ar bith níos fearr ná a bheith ag féachaint ar Chathair Chorcaí, go mór mór nuair atá an lámh in uachtar fachta againn in aghaidh na mBleá Cliathach.

    Na fotheidil ar TG4. Is dóigh liom go ndúrt é seo cúpla uair ar an bhfóram so. Agus ansan, nuair atá daoine ag labhairt as Béarla, ní chuirtear fotheidil Gaelainne ar fáil. Sílim gur sheolas ríomhphost isteach agus níor freagraíodh dom. Tá cúpla ríomhphost seolta agam fé rudaí eile, gearáin agus ceisteanna ginearálta, agus níor tugadh ard ar bith dom. Tá sé díomách go leor.

    Cad a chuireann soir tusa?

«1

Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Daoine a bíonn ag gearán faoin geimhreadh agus báisteach go ginerálta.. :pac:

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Grudaire wrote: »
    Daoine a bíonn ag gearán faoin geimhreadh agus báisteach go ginerálta.. :pac:

    An rud fén bháisteach ná go mbíonn daoine ag dul thar fóir. Ní bhíonn sé chomh mhinic ná mar atá ar aigne ag roinnt daoine. Agus, ar an iomlán, níl sé chomh throm sin. Is beag an t-am ina mbíonn sé ró-fhliuch le siúl.

    Ach an Geimhreadh. Go maraí an Samhradh é! Ghlacfainn leis an bhfuacht go pointe áirithe - is féidir cóta agus lámhainní a chur ort agus uaireanta tá sé go deas siúlóid fén aer úr a bheith agat. Ach na laethanta gearra - is fuath liom iad go huile is go hiomlán. Buíochas le Dia ná fuilimid chomh thíos leis ná mar atáthar i dtuaisceart Alban nó sa Chríoch Lochlann. Níl 'fhios agam conas atáthar in ann maireachtaint nuair a bhíonn sé dorcha chomh luath sin.

    Ar a laghad, bíonn laethanta an tSamhraidh an-fhada againn, ach cheapfaí uaireanta ná beidh deireadh le Mí Eanáir. Go dtaga an tEarrach go tapaigh!

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir

    Paz-CCFC wrote: »
    An rud fén bháisteach ná go mbíonn daoine ag dul thar fóir. Ní bhíonn sé chomh mhinic ná mar atá ar aigne ag roinnt daoine. Agus, ar an iomlán, níl sé chomh throm sin. Is beag an t-am ina mbíonn sé ró-fhliuch le siúl.

    Go leor daoine ní bhíonn éadach oiriúneach acu chun fanacht tirim sa bháisteach. Mar sin ní bhíonn siad sásta!

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    craoltoir wrote: »
    Go leor daoine ní bhíonn éadach oiriúneach acu chun fanacht tirim sa bháisteach. Mar sin ní bhíonn siad sásta!

    Bhuel, sin mar a dheirtear, nach ea? Ní hé droch-aimsir atá ann, ach droch-éadach!

    Ní féidir teacht slán ar na laethanta gairid, áfach. Nó b'fhéidir go bhféadfaimis scatháin ollmhóra a chur i seasamh, chun a thuilleadh gathanna gréine a thabhairt dúinn!

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Na fotheidil ar RTÉ. Má thosaíonn duine ag labhairt as Gaeilge cuirtear 'speaking in Irish' ar an scáileán. Is cosúil nach bhfuil fadhbanna éisteachta ná páistí torannacha ag Gaeilgeoirí.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Aontaím libh faoi na fotheideal :(

    Is fuath liom nuair a tagann an bus/luas/traein go luath... Bhí an traein luath orm inniu agus bhí orm tacsaí a fháil :(

  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Na mná san a pháircealann an tralaí taobh le taobh le tralaí eile i lár an phasáiste san ollmhargadh is a chuireann bac ar shiopadóirí eile dul thart. Is cuma cé mhéid spás oscailte a bhíonn ann chaithfidís an bleidí cosán a bhlocáil don slua.

    Cuireann san le báiní mé. :mad:

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Míshásta wrote: »
    Na mná san a pháircealann an tralaí taobh le taobh le tralaí eile i lár an phasáiste san ollmhargadh is a chuireann bac ar shiopadóirí eile dul thart. Is cuma cé mhéid spás oscailte a bhíonn ann chaithfidís an bleidí cosán a bhlocáil don slua.

    Cuireann san le báiní mé. :mad:

    An rud céanna nuair atá triúir acu ag siúil gualainn ar ghualainn ar na cosáin agus tusa ag teacht ina dtreo, bhal, rachaidís go fíoríochtar ifrinn ná spás a dhéanamh duit.

  • Registered Users Posts: 2,222 ✭✭✭robman60

    Paz-CCFC wrote: »
    Na fotheidil ar TG4.
    Is fuath liom iad chomh maith! Táim ag déanamh na hardteistiméireachta i mbliana agus mar sin ba mhaith liom feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge, ach bím ag leamh na bhfotheidil i gconaí.

    Cad a dhéanaim chun an fhadhb a réiteach? Cuirim geansaí ar an scáileán!:P

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Níl na fotheideal le feiceáil ar chláir atá dírithe ar an óige... :pac:

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Na daoine san nach bhfuil faic le rá acu ar chláir phlé Gaeilge ach rudaí mar gheall ar an teanga. :P

    Agus níos measa fós an dream cantalach cancránach san a bhíonn ag síor-ghearáin mar gheall ar na daoine nach mbíonn aon rud le phlé acu i nGaeilge ach cúrsaí Gaeilge. :(

    ag imeacht liom go tapaidh......

    .

  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    An rud céanna nuair atá triúir acu ag siúil gualainn ar ghualainn ar na cosáin agus tusa ag teacht ina dtreo, bhal, rachaidís go fíoríochtar ifrinn ná spás a dhéanamh duit.

    Abair é, a bhuachaill. Agus gan amhras 'siad an triúr ceanann céanna a bhíonn ag cadráil is ag cúlchaint díreach ar thairseach dhoras an ollmhargadh is dom' bhlocáil.

  • Registered Users Posts: 428 ✭✭Acciaccatura

    Nuair nach bhfuil aon soicéaid leictreacha ann ar na traeinacha Commuter chun mo ríomhaire glúine a úsáid, táim greamaithe ar thuras ó Droichead Átha go mBÁC le battery beagnach folamh :(

  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Ná bí ag caint ar bhatairí ídithe. 'Sé an rud is measa nuair a theipeann ar an gcreathaire díreach roimh an gclímeacs. Bíonn teaspach an pháirtnéara ídithe freisin fad is a mbíonn tú ag ransú sa tarrachán ag cuardú batairí úra.

    Ná déan dearmad ar bhatairí do chreathaire a mhalartú go rialta.

    10753325-battery-duracell.jpg

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Daoine a athraíonn a n-ainmneacha ar Boards, nuair atá aithne an ainm sin agam orthu. Nílim ag tabhairt amach fé héinne go háirithe...

    (...Grudaire/Cliste, An File/Insect Overlord)

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    :P

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Bhí orm an ainm a athrú - nílim chomh suas mo thóin sin go ceapaim go bhfuil mé cliste... geallaim díobh! :)

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    An File wrote: »
    :P

    Ní dhéanann an fo-theideal fé bhun d'ainm ciall dá laghad, a thuilleadh. Cén saghas file atá feithidí fé smacht, aige?!
    Grudaire wrote: »
    Bhí orm an ainm a athrú - nílim chomh suas mo thóin sin go ceapaim go bhfuil mé cliste... geallaim díobh! :)

    Ar a laghad, is léir go bhfuil ceangal láidir go leor agat ar do chuid grúdaithe.

    Beidh mé ag súil le piont uait agus dán ón Fhile, agus ansin gheobhaidh sibh pardún agam!

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Is fuath liom daoine atá i ngrá leo fhéin agus a cheapann siad go bhfuil gach éinne eile i ngrá leo freisin....

    Daoine a cheapann go bhfuil an ceart acu i gcónaí.....

    Agus cuireann sé isteach orm go mór nuair nach bhfuil daoine ábalta m'ainm Gaeilge "Séasán" a rá i gceart.....

    :-(

  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Seasan wrote: »

    Ní nach ionadh, an dtuigeann tú cad is "seasán ann???

    Dá mba mise tusa, d'athróinn an t-ainm san, a mhic.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Ag filleadh ar ábhar na téide. Rud eile a chuireann as dom ná na daoine sin nach gclúdaíonn an tsrón agus an béal le tisiú i gcomhluadar agus iad ag casachtach. Níos measa fós iad siúd a chuireann bos na láimhe roimh an tsrón is iad ag ligint sraoth. Ansan cuimlíonn siad an lámh le cos an bhríste agus nóimeat ina dhiaidh bíonn an lámh thruaillithe chéanna sínte amach chun lámh a chroitheadh le duine eile. Íuc!

    Ní nach ionadh go mbíonn an slaghdán chomh tógálach san.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Míshásta wrote: »
    Ní nach ionadh, an dtuigeann tú cad is "seasán ann???

    Dá mba mise tusa, d'athróinn an t-ainm san, a mhic.

    Ááá!!:-( Ach is maith liom an t-ainm Séasán agus tá sè le húsaid agam go ceann tamaill an-mhaith-níl fadhb le roinnt mór le Gaeilgeoirí eile leis,ach bíonn daoine eile nach féidir leo,cinnte...
    Tá rogha eile-"Iasón".
    Ach ní maith liom é.

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Amhráin agus scannáin rómáinsúil-is mise fear singil,le buíochas-tá brón orm ach is fuath liom an cac mushy seo go léir!!

    Cúlchaint agus cúlchainteoirí-ar an drochuair tá siad mórthimpeall orainn i ngach áit....

  • Registered Users Posts: 428 ✭✭Acciaccatura

    Daoine ar traeinacha nach suíonn isteach in aice leis an bhfuinneog agus a chuireann a gcuid stuif ar an suíocháin in aice leo, go háirithe nuair a mbíonn na traeinacha chomh plódaithe, ní dheánann sé aon chiall :confused: Chonaic mé seanfhear ag tabhairt amach do dhéagóir inné ag déanamh é seo, is breá liom drámaíocht ar iompar phobail :P

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Daoine ar traeinacha nach suíonn isteach in aice leis an bhfuinneog agus a chuireann a gcuid stuif ar an suíocháin in aice leo, go háirithe nuair a mbíonn na traeinacha chomh plódaithe, ní dheánann sé aon chiall :confused: Chonaic mé seanfhear ag tabhairt amach do dhéagóir inné ag déanamh é seo, is breá liom drámaíocht ar iompar phobail :P

    Tá cuid againn ró-ard dos na suíocháin fuinneoige - níl aon rogha ach suíocháin an phasáiste a úsáid, le cos ag gobadh amach!

  • Closed Accounts Posts: 5,851 ✭✭✭Mountainlad

    An caighdeáin Gaeilge ar na fógraí a feictear ar seirbhísí pobal. Ní 'snob' mé ó thaobh Gaeilge de (ba chóir go mbeadh gach éinne a dhéanann iarracht é a labhairt moladh a fháil do sin) ach caithfidh go mbeadh Gaeilge deas, ceart nach mbeadh aon amhras faoi an mhíniú. Is cosúil go bhfuil cuid do na fógraí seo tógtha díreach ón mBéarla.

  • Registered Users Posts: 428 ✭✭Acciaccatura

    Paz-CCFC wrote: »
    Tá cuid againn ró-ard dos na suíocháin fuinneoige - níl aon rogha ach suíocháin an phasáiste a úsáid, le cos ag gobadh amach!

    Áá, ceart go leor, sin pointe maith, go háirithe mar is duine beag mé :P Ach déanann go leor leor daoine beaga nó de mheán-ard é, ar traeinacha plódaithe ag a cúig a chlog, agus cuireann sé isteach go mór orm :/

  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    Custaiméirí san ollmhargadh atá mímhúinte i gcónaí agus nach bhfuil aon béasa acu ar chor ar bith.

    Sea-táim ag obair in ollmhargadh,agus ó am go h-am bíonn custaiméirí cantalach agus droch-bhéasach,agus an chaoi a labhraíonn siad linn,cuireann sé fearg an domhan orainn ach ag an am céanna caithimíd fós a bheith macánta agus múinte leo.
    Agus de ghnáth bíonn na mná níos measa-chreid nó ná chreid.

  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,703 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo

    ^^^Aontaím le sin ó thaobh bheith ag obair leis an bpobal de. D'oibreas i dtithe tabharna ó am go ham ar feadh deich mbliana. Ní chreidfeá an sotal!

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach

    ^^^Aontaím le sin ó thaobh bheith ag obair leis an bpobal. D'oibreas i dtithe tabharna ó am go ham ar feadh deich mbliana. Ní chreidfeá an sotal!

    Ó creidim,cinnte.
    Custaiméirí atá cantalach-go holc.
    Custaiméirí atá cantalach agus ar meisce-ifrinn ar talamh!!!

Advertisement