Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Polataíocht na Gaeilge

  • 07-08-2008 4:51pm
    #1
    Registered Users Posts: 43

    Bíonn polataíocht i gceist i ngach treith don saol agus ní eisceacht é an Ghaeilge. Tá mé tar éis go leor fuinneamh a chaitheamh an Gaeilge a fhoghlaim agus tá a fhios agam nach bhfuil sé foirfe agam ach sílim féin go bhfuil Gaeilge sách maith agam. An lá faoi dheireadh bhí mé ag tabhairt cabhair do chara liom a eagraíonn ócáidí gaeilge nuair a tháinig duine thall cugham agus cur sé an ceist "Cén saghas gaeilge a labhrann tú?" Duirt mé ní thuigim an ceist. (Cén canúint a bhí i gceist aige is dócha) Ansin dúirt sé " Ó an caighdéan...ní fíor Gaeilge é sin" :eek: Ní hé mo chead theanga, ta brón orm ach déanaim iarracht mo chumas a fheabhsú i gconaí ach ní bheidh mé ríomh i mo chainteoir dúchais. Agus cuireann sé isteach orm cén fath go bfhiú dom an Ghaeilge a fhoghlaim más rud é go bhfuil daoine cun caithnemh anuas orm. Tá muid ag iarraidh daoine a spreagadh Gaeilge a fhoghlaim ach tá sé deacair nuair atá daoine leis an meon seo thart. Tuigim gur duine amháin é ach ní hé an céad ám a mhothigh mé seo. Rudaí eile ná daoine ó cheantar amháin ag rá nach é fíorghaeilge a labhraítear i gceantar eile srl. Táim cráite de.:(

Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    senape wrote: »

    Bhuel ná tabhair aon aird ar dhaoine mar sin! Tá daoine mar sin i ngach cuid den saol agus ní i saol na Gaeilge amháin. Déanfaidh siad caitheamh anuas ar rud a bith a dhéanfaidh tú. Dá mbeimis (Caighdeán!!!!) ag brath ar thuairimí na ndaoine sin an t-am go léir, ní tharlódh rud ar bith fiúntach sa saol. Ná bac leo!

  • Registered Users Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc

    Do fhreagra as seo amach: Ó, gabh mo leithscéal, rinne mé dearmad gurb í an Fhraincis a bhí á labhairt a'amsa...

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Ná bac le barraithe mar sin.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Nath cainte nua duit, senape:

    Bíodh an diabhal ag lucht an doichill!

    Feck the begrudgers!

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Tá an meon sin áfach, go minic a cloisim faoi mo Gaeilge lag ó daoine nach déanann puinn iarracht é a labhairt iad féin, cé go bhfuil caighdeáin níos airde acu.

    Cé nach bhfuil caighdeáin có ard sin déanaim iarracht é a spreag, agus ceapaim fhéin gur é sin an rud tábhachtach. Mar sin choinnigh ort ag cabhrú (Má tá fonn ort) agus cinntigh nach déanann tú an rud céanna nuair atá caighdeáin ard agat

  • Advertisement
Advertisement