Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

1789101113»

Comments

  • Registered Users Posts: 5,480 ✭✭✭Chancer3001

    Seomra don teaghlach

    Seomra don dteaghlach

    ??
    Mach bhfuil don .. do+an

    Mar an gcéanna le ar an, ag an etc

    Ar an Mbus....

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Seomra don teaghlach

    Seomra don dteaghlach

    ??
    Mach bhfuil don .. do+an

    Mar an gcéanna le ar an, ag an etc

    Ar an Mbus....

    Seomra don teaghlach.

    De ghnáth (sa Chaighdeán Oifigiúil) bíonn séimhiú i ndiaidh "don" agus "den", ach ní cuirtear séimhiú ar na DNTLS.

    Seans go mbeadh urú ann sna canúintí. Táim 99% cinnte go mbeadh urú ann sa chaint i gConamara.

  • Registered Users Posts: 5,480 ✭✭✭Chancer3001

    Cen fath seimhiu tar eis den agus don ach uru tar eis faoin??

    An-chasta!!

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Cen fath seimhiu tar eis den agus don ach uru tar eis faoin??

    An-chasta!!

    An-chasta at fad. B'shin a córas a réitíodh nuair a cuireadh an CO le chéile fadó. Séimhiú ar "den", "don", agus "sa", urú ar na cinn eile (ar an, as an, ag an, faoin, ón, chuig an, leis an, thar an, srl). Ach rialacha difriúla arís i gConamara, nó sa Tuaischeart, nó i gCiarraí agus Corcaigh. Ní thuigim an chiall nó an loighic taobh thiar de.

  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    "Is scoil ghlas é Coláiste Mhuire" (Iontas 3, lch. 47) - cén fáth nach bhfuil sé "Is scoil ghlas í"?

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    gaiscioch wrote: »
    "Is scoil ghlas é Coláiste Mhuire" (Iontas 3, lch. 47) - cén fáth nach bhfuil sé "Is scoil ghlas í"?

    Mar gheall ar ainm na scoile, is dócha. Is ainmfhocal firinscneach é "coláiste".

  • Registered Users Posts: 279 ✭✭Bricriu

    'Níl hann don saol gan cheol.' atá ceart.

    Is gá 'ann' a bheith san abairt.

    Tabhair faoi deara an úsáid nua mhícheart a bhíonn ag cuid de láithreoirí óga RnaG i gcás crannchuir: 'Ní raibh aon bhuaiteoir.' bunaithe ar an mBéarla: 'There was no winner.'

    'Ní raibh aon bhuaiteoir ann.' ba cheart dóibh a rá!

  • Registered Users Posts: 279 ✭✭Bricriu

    Múinteoir wrote: »
    Níl rud ar bith mícheart leis an struchtúr abairte Níl saol gan ceol, ós rud é go bhfuil seanfhocal cáiliúil ann atá mar an gcéanna leis; Níl saoi gan locht.

    Ach is gá séimhiú a dhéanamh ar c tar éis gan, más ainmfhocal é. Mar sin, Níl saol gan cheol.

    'Níl hann don saol gan cheol.' atá ceart.

    Is gá 'ann' a bheith san abairt.

    Tabhair faoi deara an úsáid nua mhícheart a bhíonn ag cuid de láithreoirí óga RnaG i gcás crannchuir: 'Ní raibh aon bhuaiteoir.' bunaithe ar an mBéarla: 'There was no winner.'

    'Ní raibh aon bhuaiteoir ann.' ba cheart dóibh a rá!

  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    Timpeall 14:15 tráthnóna inné bhí Máirtín Tom Sheáinín ag caint le duine áirithe ar RnaG. Roimh a d'imigh an fear uaidh, dúirt MTS "giolla, giolla" (litriú ??) chun rud éigin cosúil le "Tar ar ais chugam" a chur in iúl. Nó an raibh giorrúchán do "gabh mo leithscéal" i gceist? An bhfuil 'fhios ag éinne cén focal a bhí i gceist? Grma.

    Ardtráthnóna: 16 Bealtaine 2018

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Gabh i leith.....tar anseo....goitse

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 145 ✭✭flandabieduzie

    Dia dhaoibh,

    Tá mé ag déanamh iarracht snas a chur are mo chuid gaeilge.

    An mbíonn séimhiú tar éis "ar" nuair a leanann "siúl".

    Mar shampla sna habairtí seo a leanas:

    "Tá sé ar siúl chuig an gcluiche."

    "cad atá ar siúl are an teilifís?

    Go raibh maith agaibh.

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Braitheann sé ar an gcomhthéacs - má tá tú ag caint faoi rud atá imithe/áit éigin eile - bíonn séimhiú ann: Tá sé ar shiúl...

    Má tá rud atá ag tarlú/curtha ag imeacht - ní bhíonn séimhiú i gceist: cad atá ar siúl...

    Tuilleadh samplaí ó focloir.ie:

    ar shiúl: https://www.focloir.ie/en/dictionary/ei/ar+shi%C3%BAl
    ar siúl: https://www.focloir.ie/en/dictionary/ei/ar+si%C3%BAl

  • Registered Users Posts: 145 ✭✭flandabieduzie

    Tá cás agam freisin madir le "idir".
    Tá fios agam go leanann séimhiú tar éis idir nuair a chiallíonn sé I measc no ag comhaireamh agus nach leanann é nuair a bhíonn rud suite idir rudaí. Ach cad faoi chásann nuair a bhíonn caidreamh idir tíortha I gceist nó aontas nó socraithe I gceist.

    Go raibh maith agaibh arís.

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá cás agam freisin madir le "idir".
    Tá fios agam go leanann séimhiú tar éis idir nuair a chiallíonn sé I measc no ag comhaireamh agus nach leanann é nuair a bhíonn rud suite idir rudaí. Ach cad faoi chásann nuair a bhíonn caidreamh idir tíortha I gceist nó aontas nó socraithe I gceist.

    Go raibh maith agaibh arís.

    Ní chuirtear séimhiú ar ainmfhocal i ndiaidh idir nuair is eatarthu atá i gceist (An Caighdeán Oifigiúil (lth. 174): https://www.ranganna.com/media/pdfs/aiseanna_teicneolaiochta/caighdean_oifigiuil_2016.pdf

    Tuilleadh ag na Bráithre Críostaí (4.10):
    http://www.scriobh.ie/ScriobhIe/Media/Graimear%20Gaeilge%20na%20mBraithre%20Criostai_Eag1999.pdf

    Go n-éirí leat le do chuid staidéir

  • Registered Users Posts: 2 neimhniughadh

    Is dóigh go raibh a t-alt sa leagan uatha fadó ach d'imigh sé as. Is minic nach leanann logainmneacha gnáthrialacha gramadaí.
    Tabhair faoi deara go mbíonn an t-alt le feiceáil sa leagan uatha den ainm sin i nGaeilge na Mumhan ach go háirithe: An Ghaillimh, sa Ghaillimh (seachas i nGaillimh) srl.

    Táim an-déanach chuig an gcóisir seo, ach is ainm na habhann é 'an Ghaillimh', nach ea? B'fhéidir go dtugadh 'Gaillimh' ar an gcathair (Cathair NA GAILLMHE) ionas go n-aithneofaí thar a chéile iad (?)

  • Posts: 13,712 ✭✭✭✭[Deleted User]

    Cloisim daoine ar an raidió ag caint faoin gcéad "dállóg agus an dara dállóg Pfizer, céard is brí le sin? Ciallaíonn dallóg "a blind" (ainmfhocal) chomh fada le m'eolas, ach is dócha go "leagan" atá i gceist acu.

    Seans nach bhfuil an litriú ceart agam.

    Uasdátú: na bac, fuair mé amach agus mé ag féachaint ar an suíomh RTÉ gur 'dáileog' nó 'dosage' abhí á phlé.

  • Registered Users Posts: 1,525 ✭✭✭gaiscioch

    Conas a déarfá

    "Follow us on:"

    Twitter

    Facebook

    An bhféadfá in ann "Lean orainn ar:" a rá? Tá torthaí do "Lean muid" agus "Lean sinn" ar shuíomhanna gréasáin eile. Cad a bheadh an leagan is cruinne?

  • Registered Users Posts: 1,464 ✭✭✭PCeeeee

    Tá me ag feachaint ar an rubaí. An focal iompar age go minic. Cad é an ciall?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ag iompar na liathróide? Ag bogadh timpeall/ag rith ar an bpáirc agus an liathróid ina sheilbh ag imreoir (i.e. ag dul timpeall leis an liathróid)

  • Registered Users Posts: 1,464 ✭✭✭PCeeeee

  • Advertisement
Advertisement