Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Saol iar-Covid

  • 08-03-2021 12:47pm
    #1
    Registered Users Posts: 302 ✭✭

    Tá an saol iar-Covid le feiceáíl romhainn anois. An mbeidh tú ag déanamh na rudaí ceannann céanna a bhí tú ag déanamh roimh an bpandéim. Nó an bhfuil meas nua-aimsithe agat ar bheith beo agus beidh tú ag tapú an deis chun níos mó tairbhe a bhaint as do shaoirse amach anseo? 

Comments

  • Registered Users Posts: 789 ✭✭✭Beanntraigheach

    Is dócha go mbeadh breis imní orm nuair a chloisfinn go bhfuil galar tógálach nua tar éis tosaithe i dtír imigéin.
    Roimh an bpaindéim seo, tar éis SARS etc, ba dhóigh liom gur bheag an baol go sroichfeadh galar den chineál seo ár n-oileán. Ní raibh an ceart agam!

  • Registered Users Posts: 302 ✭✭Piollaire

    Níor thuig mé an baol go bhfaca mé na tuarascálacha ag teacht ón Iodáil. Anois bím ag tabhairt níos mó airde ar dhaoine a choinníonns súil ghéar ar eachtraí timpeall an domhan.

    Ó thaobh saol iar-Covid de, beidh mé ag déanamh níos mó iarracht le bheith sóisialta agus éalú ó mo theach agus scáiléáin. Rud amháin atá ar intinn agam ná filleadh ar ais go damhsa sóisialta. D'éirigh mé as na blianta ó shin nuair a chaill mo pháirtí suim ann ach anois beidh mé ag dul ar ais gan í.

  • Registered Users Posts: 302 ✭✭Piollaire

    ....agus ag baint triail as fleánna craicinn chomh maith.

  • Registered Users Posts: 302 ✭✭Piollaire

    ...ag scaoileadh broimeanna in ardaitheoirí plódaithe

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Bhíos saor ó gach freagracht ag tús na paindéime, ag obair go páirt-aimsire agus sásta ceachtanna príobháideacha a thabhairt ó am go ham freisin. Bhí tinneas nimhneach orm roimh an Nollaig (2019) agus theastaigh sos uaim san earrach ar aon nós. Chaith mé an chéad dhianghlasáil ag léamh, ag féachaint ar Netflix, ag imirt sean-chluichí ar mo PS2, agus ag traenáil faoin ngriain sa chúl-ghairdín.

    D'fhoghlaim mé i mí Lúnasa go raibh míorúilt againn le linn an tsamhraidh agus go mbeinn i mo dhaidí in 2021. :) Beidh an leanbh linn roimh dheireadh na míosa seo. Ní bheidh an saol mar an gcéanna arís go deo! :D

    Táim ag súil le cuairteanna chuig mo chairde taobh amuigh den chontae seo. Ní dóigh liom go n-imreoidh mé sacar nó peil arís ach neosfaidh ag aimsir. Beidh sé go deas dár gclann beag dul ar saoire cois na farraige, deireadh seachtaine éigin, b'fhéidir in óstán deas.

  • Advertisement

    Bhí mé ag smaoineamh faoi cóisir cúir in Ibiza seachas folcadán linbh. Beidh saol le leanbh óg cosúil le dianghlásáil ar feadh cúpla bliain. Ná caill teagmháil le do chairde agus spórt. Go n-éirí leat!

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Piollaire wrote: »
    Bhí mé ag smaoineamh faoi cóisir cúir in Ibiza seachas folcadán linbh. Beidh saol le leanbh óg cosúil le dianghlásáil ar feadh cúpla bliain. Ná caill teagmháil le do chairde agus spórt. Go n-éirí leat!

    Tá duine de mo chairde agus a bhean chéile ag tnúth le leanbh an tseachtain seo chugainn freisin. Tá cónaí orthu i gcontae eile, ach ceapaim go mbeimid i dteagmháil go minic. :) Agus tá "play-date" geallta againn do na páistí chomh luath is a atáid mór go leor dó. :D

  • Registered Users Posts: 302 ✭✭Piollaire

    Tá duine de mo chairde agus a bhean chéile ag tnúth le leanbh an tseachtain seo chugainn freisin. Tá cónaí orthu i gcontae eile, ach ceapaim go mbeimid i dteagmháil go minic. :) Agus tá "play-date" geallta againn do na páistí chomh luath is a atáid mór go leor dó. :D

    Go hiontach. Beidh an tacaíocht sin de dhíth ort. Ba chóir díbh bualadh le chéile le haghaidh gailf nó rud éigin mar sin chun spás análú a fháil anois is arís.

  • Posts: 13,712 ✭✭✭✭[Deleted User]

    Tá alán drochnósanna bailithe agam toisc go raibh muid faoi dianghlasáil chomh fada is abhí, tá achar airde níos giorra agam sílim, is annamh go gcríochnóinn leabhar atáim ag iarraidh a léamh mar shampla. Meascán idir leisciúlacht agus easpa struchtúir sin, bfhéidir.

    Ag an am céanna, tá athrú chun feabhais tagtha ar shaol mo theaghlaigh agus tá súil agam go gcoinneoimid na
    hathruithe sin as seo amach.

    Bhog mé ar ais, an bhliain seo caite, don bhaile ina thógadh mé le mo pháirtí agus ár n-iníon, agus bhíodh muid ag caitheamh í bhfad níos mó ama le chéile is abhíomar í mBAC. De bhrí sin, shocraigh muid ár dtí i mBAC a dhíoladh so beidh sé ar an margadh i gceann mhí, sin an t-athrú is tábhachtaí faoi noiméad.

    Anois go bhfuilimid ag teacht amach as an Great Unpleasantness, feicim go bhfuil an meas atá agam don álainneacht an cheantair atá cónaí orainn i bhfad níos láidre is abhí nuair a bhíos im' dhéagóir. Do shamhlaigh sé go h-an leadránach an tráth úd, níor bhfacas le siúlóireacht, agus ní thabharfainn aird ar an nádúr abhí thart timpeall. Táim cosúil le sórt... cén ghaeilge atá ar "hippy", anois, ag múinteoireacht ainmneacha na mbláthanna do m'iníon, jaysus, tá súil agam nach mbeidh mé í mo "yoga dad" riamh.

    So yeah déarfainn go bhfuil mé í bhfad níos buíche as saol níos simplí agus déanfaidh mé mo dhícheall an dearcadh sin a choimeád ar an dtaobh eile de Covid19

  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine

    Nuair a fhéachann tú ar chúrsaí that lear,nach raibh an saol i bhfad nios fearr nuar a bhí Covid i mbarr a réime.Is doigh gur cás "normal service resumed" é HA HA

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 53 ✭✭mo_dhuine

    B'fheidir go dtiocfaidh frídín eile amach as ceann de na margaidh fliucha sin?

Advertisement