Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Machnamh an lae

  • 19-03-2019 10:48am
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭

    Rith sé liom ar maidin nach n-úsáidim an fóram seo pioc chomh minic agus ba chóir dom. Cailim amach ar deiseanna mo Ghaeilge a feabhsú is a saibhriú, agus deiseanna teangmháil a dhéanamh le daoine suimiúla eile. Bíonn an teanga in úsáid agam chuile lá ag obair, ach ní leor sin dom. Mar sin, táim chun iarracht a dhéanamh rud éigin a scríobh anseo achan lá den tseachtain.

«1

Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Déanach anocht, ach do bhíos gnóthach don tráthnóna. Chuaigh mé ag traenáil leis an gclub sacair.

    Bheartaigh mé an gluaisteán a fhágáil ag an mbaile agus an rothar a thógáil amach ar an mbóthar. Bhain mé fíor-thaitneamh as, caithfidh mé a rá.

    Cúig míle slí ón teach go dtí an pháirc imeartha, uair a chloig ag imirt sacair, agus an bealach céanna abhaile ina dhiaidh. Oíche dheas gheal thirim a bhí inti. Foirfe don aclaíocht. 21 nóiméad ó thuaidh, 23 nóiméad ó dheas. Iontach don chroí agus don aigne.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 3,022 Mod ✭✭✭✭wiggle16

    Is dócha gur trua é nach n-úsáidítear an Ghaeilge níos minice ar Bhoards, nó nach bhfuil suíomh greasáin mhóir eile amuigh ann, cosúil le Boards, ar son chainteoirí Gaeilge - ach is ar an easpa éilimh atá an milleán, áfach, agus mar sin, orainn.

    Mar gheall ar an méid aclaíochta a bhí á dhéanamh agat níos luaithe, ní ionadh ar bith é go raibh tú déanach anocht ach is ionadh go bhfuil tú fós beo, i mo thuairim féin :P is cunús leisciúil mé ar aon nós, bheadh mé scriosta théis sin!

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    wiggle16 wrote: »
    Is dócha gur trua é nach n-úsáidítear an Ghaeilge níos minice ar Bhoards, nó nach bhfuil suíomh greasáin mhóir eile amuigh ann, cosúil le Boards, ar son chainteoirí Gaeilge - ach is ar an easpa éilimh atá an milleán, áfach, agus mar sin, orainn.

    Tarlaíonn gach uile rud anois ar Facebook. Tá slua millteach sa ghrúpa Gaeilge Amháin, agus neart eile sa ghrúpa Lucht Labhartha na Gaeilge. Níor mhair an suíomh Abair Leat ach tamailín gearr. Bhí mo shuíomh féin agam, Fóram na Gaeilge, ach ní raibh rath ar bith agam leis tar éis an chéid cupla mí! :o

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ar aon nós, meascán de smaointe anocht. Dhreap mé suas ar díon na scoile inniu. Bhí na liathróidí maithe sacair thuas ann, agus ní raibh siad le titim anuas gan cabhair ó dhuine éigin! Is fuath liom dul suas ar rudaí arda. Agus bhí slua beag daltaí ag féachaint orm sular imigh siad abhaile. Feckers. :pac:

    Ansin bhí droch-scéala maidir le duine de mo mhuintirse. Ailse fhoirceanta atá ag a duine bocht. Deacair a phroiséail anocht.

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    B'fhearr liom féin liathróidí nua a cheannach ná dul suas ar díon!
    bhí droch-scéala maidir le duine de mo mhuintirse. Ailse fhoirceanta atá ag a duine bocht. Deacair a phroiséail anocht.

    Is oth liom sin a chloisteáil :(

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Poll Dubh wrote: »
    B'fhearr liom féin liathróidí nua a cheannach ná dul suas ar díon!

    B'shin an fáth go ndeachaidh mé suas, liathróid úr-nua a bhí ann! :D

    Is oth liom sin a chloisteáil :(

    Go raibh maith agat.

    Dea-smaointe arís anocht. Táim ag fanacht in óstán deas don deireadh seachtaine. Leaba mhór chompórdach. Folcadh san en suite. Bialann thíos staighre le rogha mhaith fíona. Is fiú é, uaireannta, an baile a fhágáil taobh thiar díot agus sos a ghlacadh ón ngnáthshaol.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 6,769 Mod ✭✭✭✭nuac

    Is trua an nuacht sin .fé do ghaol.

    Tá súil agam go mbainfhidh tú sult agus sás as an ostán sin

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    nuac wrote: »
    Is trua an nuacht sin .fé do ghaol.

    Tá súil agam go mbainfhidh tú sult agus sás as an ostán sin

    Go raibh maith agat. An-sásta go dtí seo! Tá sauna acu, agus tobán te in aice leis. RTÉ ar an teilifís sa seomra don chluiche anocht freisin. :)

    Táim ag smaoineamh anois nach dtuigim pop-chultúir. Tá "2 Fast 2 Furious" ar an teilifís. Ní fhaca mé a leithéid de sheafóid riamh, ach fós féachann na milliúin daoine ar gach uile scannán sa tsraith. An bhfuil mé ró-dhifriúil ó lucht m'aois-ghrúpa? Níl a fhios agam...

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Táim ag smaoineamh anois nach dtuigim pop-chultúir. Tá "2 Fast 2 Furious" ar an teilifís. Ní fhaca mé a leithéid de sheafóid riamh, ach fós féachann na milliúin daoine ar gach uile scannán sa tsraith. An bhfuil mé ró-dhifriúil ó lucht m'aois-ghrúpa? Níl a fhios agam...

    Níl aon rud don aigne ann. Is iarracht é d'fhuil a chorraí le daoine dathúla agus gluaisteáin sciobtha.
    Go raibh maith agat. An-sásta go dtí seo! Tá sauna acu, agus tobán te in aice leis. RTÉ ar an teilifís sa seomra don chluiche anocht freisin. :)

    Nach saol an mhadra bháin atá agatsa! Níl ach éad orm i ndáiríre.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Poll Dubh wrote: »
    Nach saol an mhadra bháin atá agatsa! Níl ach éad orm i ndáiríre.

    Ní théim ar saoire go minic. Fiú an samhradh anuraidh, ní dhearna mé aon turas níos faide ná Gaillimh! Ach bhain mé fíor-thaitneamh as an deireadh seachtaine seo i gContae an Chláir.

    Thóg mé sos ó chúrsaí spóirt ar feadh cupla lá, seachas an méid a bhí le feiceáil ar an teilifís. D'éalaigh mé go hiomlán ón mbrú a bhaineann le himirt mar chúlbáire peile agus sacair. Thug mé deis do mo chorp, do mo spiorad, agus do m'aigne biseach a fháil. Idir an traenáil agus an obair táim leath-sriosta, agus trí mhí fós le dul roimh deireadh na scoil-bhliana. Déanfaidh mé rud eicínt deas eile timpeall briseadh na Cásca. Is fiú go mór é.

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ag tógáil ar phíosa beag den phostáil a scríobh mé aréir, táim beagnach traochta ag an bpost seo. Deirtear agus moltar sna meáin, go háirithe ar an teilifís, gan obair le páistí nó le hainmhithe.

    Tá duine nó beirt (nó triúr...) i mo rangsa agus scriosann siad rudaí do ghach duine eile. Táim braon den strus. Saicrimint le hullmhú chuici, trí seachtaine againn chun gach rud a chur le chéile, ach b'fhearr leo a bheith ciniciúil.

    Bím tuirseach an t-am ar fad anois. Níl sé go deas.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Níl an iomarca agam le cur leis an tsnáithe seo anocht, seachas an méid seo:

    tá sé fíor-dheacair pláta mór stéig agus scealóga (le pionta deas Guinness) a shárú. :)

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ghlac mé néal codlata idir deireadh an lae ag obair agus tús seisiún traenála anocht. Anois ní féidir liom titim i mo chodladh arís. Fós ag smaoineamh ar an rud céanna a dhéanamh arís amárach, áfach. :P

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 3,022 Mod ✭✭✭✭wiggle16

    Ansin bhí droch-scéala maidir le duine de mo mhuintirse. Ailse fhoirceanta atá ag a duine bocht. Deacair a phroiséail anocht.

    Tá an-bhrón orm chun é sin a chloisteáil, IO :( Ní mheasaim go bhfuil aon rud ar an domhan a bhfuil níos deacra a fhoghlaim ná an nuacht sin. Táim ag cur tusa faoi bhrí mo chuid smaointe anocht.

    Mar is dual dom, ní fhéadaim dul i mo chodail arís... b'aoibhinn liom néal codlata a fháil i rith an tráthnóna! Táim cráite le déanaí mar gheall ar eachma ar bhoinn mo chosa agus ar mo lámha freisin... níl aon fhreagra ag an nGP le haghaidh na cúise ar bith. Is cosúil le craiceann an éisc í mo chos bhocht.

    Aon phlean ar bith agat anois faoi bhriseadh na Cáisce?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    wiggle16 wrote: »
    Tá an-bhrón orm chun é sin a chloisteáil, IO :( Ní mheasaim go bhfuil aon rud ar an domhan a bhfuil níos deacra a fhoghlaim ná an nuacht sin. Táim ag cur tusa faoi bhrí mo chuid smaointe anocht.

    Míle buíochas.
    Aon phlean ar bith agat anois faoi bhriseadh na Cáisce?

    Tada anois! Bhí sé ar intinn againn dul go Dún Éidin, ach idir an eitilt agus an carrchlós agus na ticéidí bus go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath bhí an turas ag éirí ró-chostasach. Fanfaimid in Éirinn, ag b'fhéidir piocfaimid óstán nó dhó timpeall na tíre seo chun sos a ghlacadh. Céard fútsa?

    Mo smaoineamh anocht:
    Bíonn an t-earrach tagtha i gceart nuair a bhíonn tú in ann uair a'chloig a chaitheamh sa ghairdín ag baint an fhéir. :) Bhí iarnón álainn againn i Luimneach inniu. D'éirigh liom smacht éigin a chur ar an bplásóg. Caithfidh mé a rá gur bhain mé taitneamh as an iarracht.

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    wiggle16 wrote: »
    Táim cráite le déanaí mar gheall ar eachma ar bhoinn mo chosa agus ar mo lámha freisin... níl aon fhreagra ag an nGP le haghaidh na cúise ar bith. Is cosúil le craiceann an éisc í mo chos bhocht.

    Ar chuir an dochtúir ar aghaidh tú chuig speisialtóir?

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Mo smaoineamh anocht:
    Bíonn an t-earrach tagtha i gceart nuair a bhíonn tú in ann uair a'chloig a chaitheamh sa ghairdín ag baint an fhéir. :) Bhí iarnón álainn againn i Luimneach inniu. D'éirigh liom smacht éigin a chur ar an bplásóg. Caithfidh mé a rá gur bhain mé taitneamh as an iarracht.

    Caithfidh mise lomaire a cheannach - bhí me chun ceann peitril a cheannach ach anois tá mé ag smaoineamh faoi cheann a oibríonn ar chadhnra.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Sula bhfágaimíd an Mháirt inár ndiaidh, caithfidh mé a rá go raibh deireadh seachtaine iontach agam ag deireadh na míosa.

    Chuaigh mé ag rith maidin inné. 10 gciliméadar timpeall bhaile na hInse. Aimsir álainn. T-léine fíor-dheas agus bonn comórtha freisin. Níor bhain mé amach an sprioc a bhí agam roimh an rás (ó thaobh luais/ama de) ach bhain mé taitnemh as an rud ar fad.

    Bhuaigh foireann na Mumhan sa rugbaí. Bhuaigh Manchester United sa sacar. Bhuaigh Luimneach san iománaíocht. Agus bhuaigh m'fhoireann sacair féin cluiche craoibhe inniu tar éis am breise agus "sudden death" ciceanna pionóis. Shábháil mé trí chinn agus bhuamar 9-8. Agus bhí dinnéir blasta agam.

    Seachtain ó shin bhí mé in umar na haimiléise. Ach uaireannta oibríonn an saol ar fad é féin amach. Is fiú cuimhniú ar sin freisin, chomh maith le deacrachtaí an tsaoil.

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Do bhíos féin ag smaoineamh fé m'easpa úsáide an fhóraim seo le déanaí.

    Níor dhuine leis na mílte póstálacha riamh mé, ach do bhíodh mé anso cuíosach minic. B'é Teach na nGealt an fóram ba mhinic a d'úsáidinn. Ach, de réir mar a chuaigh am ar aghaidh, tagann rudaí eile sa tsaol chun tosaigh agus ní bhíonn an t-am agat.

    Im' thuairim, is fadhb iad na gutháin cliste, go pointe áirithe. Tá sé níos éasca rudaí a léamh, ach níos mí-oiriúnaí póstálacha fada a scríobh. Na saghas póstálacha a scríobhtar ar ghutháin, tá siad níos oiriúnaí de Twitter, Whatsapp agus a leithéid. I ndáiríre, ní hamháin sa Teach go bhfuil an fhadhb seo - tá ídiú le feiceáil ar formhór na bhfóram ar Boards.

    Déarfainn go ndéanfaidh mé a thuilleadh iarrachta úsáid a bhaint as a' dTeach. Ní minic go mbíonn an seans comhrá maith as Gaelainn a bheith agam ar an idirlíon.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ceann fánach inniu - tá ocras orm, agus fonn milteannach pizza agus doughnuts a cheannach, ach scriosfaidís an dea-iarracht a rinne mé a bheith sláintiúil le déanaí! >.<

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar fhadhbanna an domhain faoi láthair. Táim ag féachaint arís ar sraith a haon den chlár "Happy!" ar Netflix. Foréigin. Fuadach. Fuil. Drugaí. Dúnmharú. Droch-theanga. Mí-úsáid ghnéis. Gunnaí. Fós níos gille ná an fíor-shaol.

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    icon10.png

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Bhí fuinneamh sa stoirm a d'éalaigh aréir! :eek:

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Cé acu is measa - an feall, nó an córas nach n-aithníonn feall nuair a dhéantar é?

    Níos measa fós - an córas gur cuma leo nuair a dhéantar a leithéid toisc go n-aointíonn siad leis an bhfeallaire.

  • Registered Users Posts: 1,328 ✭✭✭Upforthematch

    Cé acu is measa - an feall, nó an córas nach n-aithníonn feall nuair a dhéantar é?

    Níos measa fós - an córas gur cuma leo nuair a dhéantar a leithéid toisc go n-aointíonn siad leis an bhfeallaire.

    ag caint faoi cursaí polaitíochta, ab ea?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar fhadhbanna an domhain faoi láthair. Táim ag féachaint arís ar sraith a haon den chlár "Happy!" ar Netflix. Foréigin. Fuadach. Fuil. Drugaí. Dúnmharú. Droch-theanga. Mí-úsáid ghnéis. Gunnaí. Fós níos gille ná an fíor-shaol.

    Eipeasód amháin fágtha. Ní chuimhin liom cathain go díreach a fógraíodh nach mbeadh an tríú sraith ag an seó seo, ach ceapaim go raibh a fhios acu sular chríochnaigh siad sraith a dó! :D Neart "digs" i leith stiúideonna teilifíse (i gcoitinne) ach greann acu faoin ealaín agus fúthu féin freisin.

    Bhí "Happy!" go hiomlán craiceáilte, ach rinne siad rudaí difriúla agus d'ardaigh siad ceisteanna tábhachtacha faoin saol sa 21ú haois. Ceisteanna deacra, suimiúla.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    ag caint faoi cursaí polaitíochta, ab ea?

    D'fhéadfaí an pholaitíocht a aithint sa ráiteas sin, cinnte. ;)

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Cé acu is measa - an feall, nó an córas nach n-aithníonn feall nuair a dhéantar é?

    Níos measa fós - an córas gur cuma leo nuair a dhéantar a leithéid toisc go n-aointíonn siad leis an bhfeallaire.

    Fealsúnaí de dhith le sin a fhreagairt.

  • Registered Users Posts: 171 ✭✭monara

    Cé acu is measa - an feall, nó an córas nach n-aithníonn feall nuair a dhéantar é?

    Níos measa fós - an córas gur cuma leo nuair a dhéantar a leithéid toisc go n-aointíonn siad leis an bhfeallaire.

    Agus an ceann is fearr? Filleann sé ar an bhfeallaire.:pac:

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Ceann simplí inniu - tá sé fuar! :eek:

    Lá don gheansaí is don bhlaincéad.

Advertisement