Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gaeilge nó gibiris?

  • 27-01-2016 10:11am
    #1
    Registered Users Posts: 280 ✭✭


    Seo thíos cuid de ríomhphost a tháing chugam ó Leictreachas Éireann le déanaí; aon tuairim ag aon duine céard is brí leis an gcéad líne? Chuala mé faoi uaigh le corp duine nó ainmhí a chur inti, ach an bhfuiltear ag cur meaisíní níocháin in uaigheanna anois?

    UAIGH MEAISÍN
    NÍOCHÁIN HOTPOINT
    Bí sa chrannchur le meaisín níocháin Hotpoint ar fiú €799 é a bhuachan!

    Tá Foras lofa na Gaeilge ag bronnadh séalaí ar aistritheoirí le bruscar maslach dá leithéid seo a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí.


Comments

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Le bheith cothrom leis an chomhlacht seo níl ach meancóg amháin acu, an 'U' sin ag an tús in ionad 'B'.


  • Registered Users Posts: 280 ✭✭Bricriu


    'Le bheith "cothrom" leo'?

    Seo an saghas saontachta a chinntíonn nach bhfaigheann Gaeilgeoirí freastal cóir ina dteanga féin.

    Cén uair a chonaic tú botún chomh dona i mBéarla ag Leic. Éireann


  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Níor ghlan mé iad ón pheaca. Nuair a léann tú aistriúchán nár baineadh úsáid as Google Translate bíonn buíochas éigin ort dá laghad é.


  • Registered Users Posts: 5,455 ✭✭✭maudgonner


    Gibiris?

    An iarracht a bheith íorónta atá i gceist agat nuair a úsáideann tú an focal áraithe seo agus tú ag tabhairt amach faoi aistriúchán? Tá súil agam!


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 6,769 Mod ✭✭✭✭nuac


    Is dócha is fearr Gaeilge briste ná Béarla.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    maudgonner wrote: »
    Gibiris?

    An iarracht a bheith íorónta atá i gceist agat nuair a úsáideann tú an focal áraithe seo agus tú ag tabhairt amach faoi aistriúchán? Tá súil agam!


    Bhí Ó Dónaill sásta 'gibiris' a chur ina fhoclóir siar sna seachtóidí
    - http://www.teanglann.ie/en/fgb/gibiris


Advertisement