Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Na Ciarraígh - Mo léan

  • 11-09-2016 5:59pm
    #1
    Registered Users Posts: 49


    Ana chluiche caide abhí ann idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath tá coicís ó shin ann. Bhí sé ar an gcluiche caide ab fhearr a imríodh I gcríocha Fódhla i mbliana dar liomsa ach go háirithe.
    B’údar uchtaigh é diongbháilteacht agus crógacht na bpeileadóirí.
    Bhí an bua tuillte go maith ag peileadóirí na hardchathrach. Bhí said i bhfad Éireann níos fear ná muintir na Ríochta.
    Níl leathscéal dá laghad ag Eamonn Fitzmaurice agus a chomhleacaithe. Bhí an tádh dearg leo nach bhfuaireadar léasadh uafásach. Fuaireadar cúl bog – droch chic amach ó Cluxton agus an tarna chúl bhíodar ag iarraidh cúilín a chur amach. (Tagaim go huile is go hiomlán le hainilís Joe Brolly san Sunday Independent, 4ú Méan Fómhair)
    Tá seana rá sa Ghaoluinn a deir; “Is measa caill onóra ná gad an chrocdadóra” agus chaill an Ríocht gach onóir tar éis an chluiche leis an gcacamas abhí ar siúl ag cuid dis na roghnóirí agus ag an lucht leanúna – rud a chur olc ar ana chuid daoine. Bhíodar mór ar cháineadh.
    Sé an cheist abhí ag dó geirbe acu ná saothar an réiteora – nár thug sé cothrom na féinne dóibh. Deineadh iarracht an milleán a chur ar an réiteoir – bhí sár chluiche aige siúd. Cuireann an dearcadh seo mo sháith feirge orm. Níl aon fhoighne agam don tsórt sin geaitsíochta. Éirim cráite. corrthónach, míthuisceanach, cantalach agus feargach.
    Níl bua na cuimhne ag na Ciarraígh. Tá dearmad glan déanta acu ar an sunc sa leath cheann a thug Kenneally d’aon ghnó don Chorcaíoch Niochlas Murphy a bhain dá bhonnaibh é ins na noiméadaí tosacha de Chluiche Ceannais na hÉireann sa bhliain 2009.
    Feisin tá dearmad déanta acu ar an eagóir a deineadh ar Mhaigh Éo sa chluiche leathcheannais ná hÉireann a himríodh i Luimneach cúpla bliain ó shin.
    Filleann an feall ar an bhfeallaire.
    Chaill Ciarraí an cluiche mar ní raibh said maith a ndóthain – sin é bun is barr an scéil.


Comments

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    An codarsnacht idir an cluiche sin agus an cluiche ceannais inné, bhal, is lá eile cainte é.
    Ní fada go mbeidh Ciarraí ar ais, más comhartha é foireann bhuacach na mionúir inné. Beidh an ghrian is an ghealach i gcóir arís.


Advertisement