Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ceisteanna faoi ghramadach agus litriú

1246713

Comments

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory

    Níor úsáid mé 'mar' le brí because riamh i ndáiríre. "Os rud é" a bhíodh againne.

    Ceann eile - an mbíonn séimhiú ar 'gach' riamh? Feicim 'do gach' ach cheapas go raibh séimhiú i ndiaidh 'gach'.

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Ní bhíonn séimhiú ar "gach". Is cuimhin liom an cheist ceannan chéanna a chuir ar mo mhúinteoir Gaeilge ar scoil!

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    I dtaobh an thuisil ginidigh, cad é an scéal nuair a thagann níos mó ná dhá ainmfhocal le chéile? An gcuireann tú gach uile ainmfhocal tar éis an chéad ceann isteach sa thuiseal ginideach, nó an bhfuil riail áirithe faoi cén cinn a chuireann tú isteach? Tá an Ghaeilge do UCC Coláiste na hOllscoile Corcaigh, ach an Ghaeilge do "Cork City Council" ná Comhaire Cathrach Chorcaí. Cén fáth gur úsáidtear an tuiseal ainmneach don chéad cheann agus an tuiseal ginideach don dara ceann?

    Cad é an Ghaeilge ar "Cork City Football Club"? An Cumann Peile Cathrach ChorcaíCumann Peile Cathair Chorcaí é?

    Gura míle.

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Ní samplaí iontacha iad sin, mar is ainmneacha institiúidí atá i gceist. Le haghaidh UCC, léim é mar "Coláiste na hOllscoile, atá lonnaithe i gCorcaigh". Níl nasc ginideach eatarthu. Ach le haghaidh Cork City Council, léim é mar "Comhairle Cathrach a bhaineann le Corcaigh".

    Caithfear an frása a bhriseadh síos i gceart. "Parsing" as Béarla.

    "Cork City Football Club":
    1. [cumann peile] de chuid [cathair Chorcaí]
    2. an chéad frása ná [cumann] -- cén cinneál chumann? -- [cumann] de chuid [peil]
    3. an dara frása ná [cathair] -- cén chathair? -- [cathair] de chuid [Corcaigh]
    4. cuir le chéile iad agus faightear: [cumann peile] de chuid [cathair Chorcaí]
    4a. Déaneann an dara frása ina iomlán cur síos ar an chéad ceann. Sin é an Tuiseal Ginideach: slí chun cur síos a dhéanamh ar ainmfhocal, ag úsáid ainmfhocail eile (in ionad aidiachta). Mar sin de, beidh an dara frása sa TG. An chaoi chun frása a chuir sa TG ná, go simplí, séimhiú a dhéanamh ar an gcéad litir.

    Cumann peile Chathair Chorcaí.

    Tá gnáth-TG ar "peil" agus "Corcaigh", agus tá TG simplí ar an bhfrása iomlán "Cathair Chorcaí".

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory

    Ceann eile duit! An bhfuil 'níba' ceart ó thaobh an chaighdeáin de? Abairt mar seo atá i gceist agam; ....a chuir dúshraith níba dhaingne faoin....

    Agus.....'ar cuairt fhada' nó 'ar cuairt fada'. Tuigim go bhfuil 'cuairt' baininscneach ach ní ainmfhocal é 'ar cuairt' ....ceapaim!

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dory wrote: »
    Ceann eile duit! An bhfuil 'níba' ceart ó thaobh an chaighdeáin de? Abairt mar seo atá i gceist agam; ....a chuir dúshraith níba dhaingne faoin....

    níba agus ní ba caighdeánach, b'fhearr liomsa ní ba mar tá sé níos soiléire.
    dory wrote: »
    Agus.....'ar cuairt fhada' nó 'ar cuairt fada'. Tuigim go bhfuil 'cuairt' baininscneach ach ní ainmfhocal é 'ar cuairt' ....ceapaim!

    Ar cuairt fhada.

    Is ainmfhocal é 'cuairt', is cuma céard a thaganns roimhe!

  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,475 Mod ✭✭✭✭dory

    GRMA!! Ceann deireanach d'inniu; cad é an scéal le beirt, tríúr, srl? Tuigim go mbíonn séimhiú tar éis 'beirt', agus deirtear liom go dtagann an Gineadach Iolra ina dhiaidh. An mbeadh 'cúigear Éireannach' i gceart mar sin?

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    :pac::pac::pac: Sin í an cheist!

    'Tá fonn orm a bheith' atá ceart ó thaobh na scríbhneoireachta de, ach is minic nach gcloisfeá é sa chaint.

    Féach ar an dá shampla seo, an bhfeiceann tú an difríocht ó thaobh céille de?

    Is mór an buntáiste é bheith ábalta seinm.
    Is mór an buntáiste í a bheith ábalta seinm.

    ar ais chuig an topaic "fonn orm", léigh mé "tá fonn imeachta orm" (in ionad "tá fonn orm imeacht") i leagan Gaeilge Harry Potter fadó fadó... an bhfuil sé sin i gceart, nó an ea gur bealach eile an rud céanna a rá atá ann?

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dory wrote: »
    GRMA!! Ceann deireanach d'inniu; cad é an scéal le beirt, tríúr, srl? Tuigim go mbíonn séimhiú tar éis 'beirt', agus deirtear liom go dtagann an Gineadach Iolra ina dhiaidh. An mbeadh 'cúigear Éireannach' i gceart mar sin?

    Tá sé sin ar fad i gceart de réir an Chaighdeáin.
    ar ais chuig an topaic "fonn orm", léigh mé "tá fonn imeachta orm" (in ionad "tá fonn orm imeacht") i leagan Gaeilge Harry Potter fadó fadó... an bhfuil sé sin i gceart, nó an ea gur bealach eile an rud céanna a rá atá ann?

    Déarfainn go bhfuil "Tá fonn imeachta orm" i gceart chomh maith, cé nach n-úsáidfinn féin é.

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Tá an dá rud i gceart, agus ciallaíonn siad an rud céanna.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    go raibh míle :D

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    dhá cheist eile (ná bí eagla oraibh mo chuid gaeilge a cheartú, táim a staidéar chun TEG a dhéanamh ^^' bheinn deas buíoch!)

    ar aon nós, seo hiad:

    1) conas mar a n-úsáidtear "annamh"? "is annamh go" nó "is annamh a"? nó an bhfuil an dhá acu i gceart?

    2) cad é an difríocht idir "fuaim" agus "uaim"? chualas an dhá acu dá bhrí "foghraíocht", ach níl mé fós cinnte an bhfuil an rud céanna i gceist ^^'

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    1) conas mar a n-úsáidtear "annamh"? "is annamh go" nó "is annamh a"? nó an bhfuil an dhá acu i gceart?

    Is annamh a bhíonn ceisteanna mar sin ar an scrúdú (Caighdeán Oifigiúil)
    Is annamh go mbíonn ceisteanna mar sin ar an scrúdú (Gaeilge na Mumhan).
    2) cad é an difríocht idir "fuaim" agus "uaim"? chualas an dhá acu dá bhrí "foghraíocht", ach níl mé fós cinnte an bhfuil an rud céanna i gceist ^^'

    Fuaim / an fhuaim = sound
    uaim / an uaim = alliteration

    Níl aon difríocht le cloisteáil idir "an fhuaim" agus "an uaim"!

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    Níl aon difríocht le cloisteáil idir "an fhuaim" agus "an uaim"!

    go raibh míle ^^ ach 's éard atá i gceist agam le "chuala", ná go raibh "fuaim" (gan séimhiú) cloiste agam :P thugas é faoi deara dá bharr xD

    só céard atá i gceist le "alliteration" dála an scéal? an é sin ar nós "aliteração" (portaingéilis) = athrá déanta ar chonsain amháin in abairt amháin go minic?

  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Foghraíonn roinnt daoine "uaim" (from me) mar "wem". Níl 'fhios agam cén chanúint áfach.

    Tá do chuid Gaeilge ar fheabhas! Níor chualathas ach faoi eachtrannach amháin eile ag foghlaim na teangan chomh maith sin. Ós rud é gur iarr tú orainn tú a cheartú, ná dearmad go ndeirtear "an dá" in ionad "an dhá". Níl ann ach botún fíor-bheag, ach is cuimhin liom é a chloisint go minic ar scoil.

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    go raibh míle maith agat as an moladh sin ^^' glacaim leis go bhfuil sé ag dul i bhfeabhas, ach ag an am céanna tá go leor leor le foghlaim fós :P

    thugas an rud sin faoi deara chomh mhaith, seans gur canúint BÁC atá i gceist ach nílim 100% cinnte (Baile Átha Cliath)

    grma arís as ucht an ceartúchán, chomh mhaith :D

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    cgl, tá rud éigin eile uaim: is léir go bhfuil dá foirm difriúil den "verb to be" i ngaeilge (chomh mhaith leis an phortaingéilis ^^), an briathar "bí" agus an chopail.

    Cibé ar bith, an bhfuil módh coinníollach ar an gcopail? lol

    chualas "b'shin go deas" in amhrán éigin, ach níl mé cinnte an nath cainte nó foirm saghas míchoitianta den chopail atá ann. Agus cén difríocht atá ann idir "b'shin go deas" agus "bheadh sé sin go deas"? bhfuil brí eile nó rud éigin?

  • Registered Users Posts: 1,854 ✭✭✭deirdremf

    Níl ach dhá aimsir ghramadaigh ag an gcopail:

    1. Aimsir láithreach/fháistineach: is, ní, an, nach
    2. Aimsir chaite/modh coinníollach: ba, níor, ar, nár

    Mar gheall ar sin, in amanna úsáidtear briathra agus foirmeacha éagsúla cainte chun an difríocht a thaispeáint:

    Ba mhaith liom uachtar reoite - modh coinníollach
    Thaitin an t-uachtar reoite liom - aimsir chaite

    Ar an taobh eile de, bíonn an comhthéacs tábhachtach.

    Ba bhreá an lá é: aimsir chaite
    Ba bhreá liom lá a chaitheamh ar an trá: modh coinníollach

    Nílim cinnte an bhfreagraíonn sin do cheist, ach ná bíodh leisce ort ceisteanna eile a chur.

  • Registered Users Posts: 161 ✭✭Irlandesaaa

    tá sé sin cabhrach go deimhin ^^ go raibh maith agat :)

  • Closed Accounts Posts: 25 FoxyTwinkles

    Níl mé in an teacht ar aon liosta faoi na rialacha a baineann leis an ainm briathar a cumadh. An rud is giorra dó a bhfuil agam ná http://nualeargais.ie/gnag/verbnom.htm, ach cé go bhfuil liosta ann, tá an chumadh air nach bhfuil fíor-rialacha a thagann leis an chuid is mó doibh. (Mar shampla, an chéad reimniú, foirm neamhríleach: "further verbal noun endings: -achtáil, -úint, -an, -int, -t, -im, -e, -áil, -ach, -acht, -achán, -áil, -aidh, etc." gan treo leoibh)

    An bhfuil bealach níos easca an ainm briathar a cumadh?

    Tá mé ag déanamh iarracht an teanga a fhoghlaim le haghaidh scruduithe ollmhóir i gceann cúpla seachtain. Má tá mó chuid litrithe/gramadaigh mícheart, bheadh grá mór agam duit dá gcuirfeá i gceart mé.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 4,905 ✭✭✭Aard

    Tá sé thar a bheith neamhrialta. Os rud é nár fhoghlaim mé ó leabhar na rialacha, níl 'fhios agam an bhuil modh casta éigin ann chun briathar a díchlaonadh mar sin, ach is dóigh liom gur gá gach ceann a fhoghlaim ina aonar.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,497 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Ceist eile:

    Deir sé anseo go gcuireann an réamhfhocal 'go' urú ar an ainmfhocal ina dhiaidh. Ach ní minic a déarfainn féin 'táim ag dul go nGaillimh'. Bhfuil miniú ag éinne anseo dom?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    dambarude wrote: »
    Ceist eile:

    Deir sé [EMAIL="http://www.nualeargais.ie/gnag/gram.htm"]anseo [/EMAIL] go gcuireann an réamhfhocal 'go' urú ar an ainmfhocal ina dhiaidh. Ach ní minic a déarfainn féin 'táim ag dul go nGaillimh'. Bhfuil miniú ag éinne anseo dom?

    Tógann 'go' urú sa Mhodh Fothuiteach ("subjunctive"), mar shampla,

    "Go n-éirí an bóthar leat",
    "Go ndéana sé maith duit",
    "Go bhfaighe mé sonas",
    7rl.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,497 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Tuigim sin, agus tógann briathra urú i ngach aimsir eile chomh maith (seachas an aimsir chaite) (go gcuireann sé, go gcuirfidh sé, go gcuirfeadh sé 7rl).

    Tá an cheist atá agamsa bunaithe ar ainmfhocail amháin, ní briathra, ach GRMA ar aon nós:)

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    dambarude wrote: »
    Tá an cheist atá agamsa bunaithe ar ainmfhocail amháin, ní briathra, ach GRMA ar aon nós:)

    Tá brón orm! Níor léigh mé do cheist i gceart. :o

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    Tógann go urú nuair atá briathar dar tús consan i gceist, agus ní athraíonn sé ainmfhocail dar tús consan.

    Mar shampla: Dúirt sé go gceannódh sé geansaí roimh dhul go Gaillimh.

    Maidir le focail dar tús guta, cuireann go 'h' roimh ainmfhocail agus urú (n-) roimh bhriathra.

    Mar shampla: Dúirt sé go n-osclódh sé an bronntanas roimh dhul go hArd Mhacha.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,497 Mod ✭✭✭✭dambarude

    ^^^ Sin na rialacha a bhí á leanúint agam. An gciallaíonn sé sin go bhfuil an méid thíos mícheart? Nó seans nach dtuigim i gceart é?
    go = with
    Initial Mutations:
    without article : eclipsis

  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc

    dambarude wrote: »
    ^^^ Sin na rialacha a bhí á leanúint agam. An gciallaíonn sé sin go bhfuil an méid thíos mícheart? Nó seans nach dtuigim i gceart é?

    Níl sé mínithe go han-mhaith ar an suíomh sin. Caithfear smaoineamh air seo:

    Tá 'go' an réamhfhocal ann, agus tá 'go' an mhír bhriathartha ann, focail éagsúla a bhfuil rialacha difriúla ag baint leo. Tháinig tú ar an eolas thú faoin gceannteideal Prepositions/Réamhfhocail. Tagann réamhfhocail roimh ainmfhocail agus tagann míreanna briathartha roimh bhriathra.

    Is comhainm nó homonym é an focal go sa Ghaeilge.

  • Registered Users Posts: 1,854 ✭✭✭deirdremf

    dambarude wrote: »
    ^^^ Sin na rialacha a bhí á leanúint agam. An gciallaíonn sé sin go bhfuil an méid thíos mícheart? Nó seans nach dtuigim i gceart é?
    Is eisceachtaí iad seo. Cé nach saineolaí mé ar an ngramadach, cheapfainn gur úsáid í seo atá imithe as an teanga, ach amháin i nathanna cailcthe.

    Deirim féin "go leith", "go bhfios dom" agus b'fhéidir corrcheann eile, ach creidim nach gcumtar abairtí nua ar an gcaoi seo níos mo.

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,832 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    deirdremf wrote: »
    cheapfainn gur úsáid í seo atá imithe as an teanga, ach amháin i nathanna cailcthe.

    Sin ceann nua dom! :p

Advertisement