Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Mionrudaí a Chuireann Soir Thú

2»

Comments

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Mo dhuine Nigel Owens, an réiteoir rugbaí, agus an moladh a fhaigheann sé lena ráitis mar "ní peil í seo" agus a thuilleadh truflaise. Is léir nach bhfuil muinín aige ina spórt féin, má tá sé ag úsáid a stádais chun dímheas a chur ar spórt eile. Níl ann ach fear suarach.


  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf


    Áá, ceart go leor, sin pointe maith, go háirithe mar is duine beag mé :P Ach déanann go leor leor daoine beaga nó de mheán-ard é, ar traeinacha plódaithe ag a cúig a chlog, agus cuireann sé isteach go mór orm :/
    Cuireann siad as domsa freisin, ach ansin cuireann mé isteach orthu in aonturas.
    "Gabh mo leithscéal ach teastaíonn an suíochán sin uaim".

    In amanna, déanaim seo fiú má tá suíochán eile ar fáil!


  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana


    Lucht leanúna sacair a bhaineann úsáid as an chéad phearsa iolra sa Bhéarla agus iad ag caint faoin bhfoireann Sasanach (nó Albanach!) a leanann siad. Msh. We played badly today, we need to get rid of Moyes. Cé an 'we' seo? Is breá liom sacar ach ní thuigim an meon sin ar chor ar bith, ach tá sé chomh forleathan sin. Ní úsáidfainn féin an chéad phearsa iolra le cur síos ar an bhfoireann peile áitiúl fiú, ach amháin sa chás go mbéinnse ag imirt leo.


  • Registered Users Posts: 169 ✭✭lfqnic


    Stoirm geallta do lá mór na gaeilge amárach :(

    Bheith i ngrá le duine nach maith leat.

    Nó, le bheith níos cruinne fá dtaobh de, bheith i ngrá éagmais le duine nach maith leat le cúig bliana anuas. Ochón.


  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Daoine a deireann "like","yknow",agus "oh my gawd" tar éis gach cúpla focail nuair a bhíonn siad ag labhairt,agus daoine a thosnaíonn ceist a fhreagairt le "Yeah,no,......"


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Míshásta wrote: »
    Na mná san a pháircealann an tralaí taobh le taobh le tralaí eile i lár an phasáiste san ollmhargadh is a chuireann bac ar shiopadóirí eile dul thart. Is cuma cé mhéid spás oscailte a bhíonn ann chaithfidís an bleidí cosán a bhlocáil don slua.

    Cuireann san le báiní mé. :mad:
    An rud céanna nuair atá triúir acu ag siúil gualainn ar ghualainn ar na cosáin agus tusa ag teacht ina dtreo, bhal, rachaidís go fíoríochtar ifrinn ná spás a dhéanamh duit.
    Seasan wrote: »
    Custaiméirí san ollmhargadh atá mímhúinte i gcónaí agus nach bhfuil aon béasa acu ar chor ar bith.

    Sea-táim ag obair in ollmhargadh,agus ó am go h-am bíonn custaiméirí cantalach agus droch-bhéasach,agus an chaoi a labhraíonn siad linn,cuireann sé fearg an domhan orainn ach ag an am céanna caithimíd fós a bheith macánta agus múinte leo.
    Agus de ghnáth bíonn na mná níos measa-chreid nó ná chreid.
    ^^^Aontaím le sin ó thaobh bheith ag obair leis an bpobal de. D'oibreas i dtithe tabharna ó am go ham ar feadh deich mbliana. Ní chreidfeá an sotal!

    Aontaím libh. Cuireann a leithéid soir mé. Níl múineadh ar bith ar duine amháin acu. Is féidir bheith cinnte nach bhfuil mórán sonas ag baint le saoil an dream seo.


  • Registered Users Posts: 542 ✭✭✭GaelMise


    Beirt daoine le Gaeilge ag caint i mBéarla le chéile. :mad:


  • Registered Users Posts: 1,406 ✭✭✭DyldeBrill


    Daoine nach glanann suas théis dóibh fhéin ach go háirithe sa chistin. Agus ansin bíonn orm an praiseach a ghlanadh suas. Salach amach is amach !


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    An áibhéil atá ann le Príomhshraith Shasana sa pheil. "An tsraith is fearr sa domhain". Sea, sin an chúis gur chaill trí fhoireann as ceithre, dhá cheann acu sa bhaile, i Sraith na gCuradh. Dá mbeadh foirne na hEorpa go léir i sraith amháin, ní bheadh foireann Shasanach thar an séú áit - b'fhéidir go mbeidís níos lú ná sin.


  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf


    An méid ama a chaitear ag léamh amach torthaí Sacair ó Shasana ar an raidió - chuile raidió se tír.
    Seán Bán Breathnach á léamh amach.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    Míshásta wrote: »
    Ní nach ionadh, an dtuigeann tú cad is "seasán ann???

    Dá mba mise tusa, d'athróinn an t-ainm san, a mhic.

    Tá an ceart agat.

    Táim bréan de dhaoine ag magadh faoi m'ainm agus daoine eile a bhíonn ag strácáil é a rá agus mar sin táim ag athrú....

    Íasón is ainm dom as Gaeilge as seo amach.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Ar chlár coire, nuair a bhíonn duine fé dhiancheistiú. Ar an gcéad dul síos, ní bhacann sé le dlíodóir – cén amadán nach bhfaigheadh nuair a bhféadfadh sé saol sa phríosún a fháil? Ansin, ag deireadh an chláir, faightear beagáinín fianaise air. Fianaise atá cabhrach don chás, b’fhéidir, ach i bhfad ón mhéad fianaise a chaithfear a thaispeáint sa chúirt le ciontú a dheimhniú. Agus, ansin, tugann mo dhuine admháil iomlán. A amadáin, coimeád do chlab dúnta agus fan le haghaidh dlíodóra!


  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,707 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo


    Ná fuil machnaimh atá ann ar na mothúchán neamhdhiongbháilteachta a maireann i meabhair an gcoirpigh nuair atá brú air? :D

    Ní féidir le scríobhnoirí sceáileáin clár coire cur síos cruinn (nó réalaíoch!) a dhéanamh ó thaobh gnéithe dlíúil de, de gnáth. Tá sé deacair dóibh gan iad a bheith ina ndlíodóirí.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Ná fuil machnaimh atá ann ar na mothúchán neamhdhiongbháilteachta a maireann i meabhair an gcoirpigh nuair atá brú air? :D

    Ní féidir le scríobhnoirí sceáileáin clár coire cur síos cruinn (nó réalaíoch!) a dhéanamh ó thaobh gnéithe dlíúil de, de gnáth. Tá sé deacair dóibh gan iad a bheith ina ndlíodóirí.

    Ar ndóigh, caithfear ligint dóibh a gcuid cumadóireachta a chur in iúl agus ba chomhair cealú an díchreidimh a thabhairt dos na cláir. Ach caithfidh na scríbhneoirí staidéar a dhéanamh ar an gcúlra agus fírinneach éigint a choimeád. Ní dhéantar é sin i gcónaí.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Nuair a mharcálann duine leabhar leabharlainne. Ní leatsa an leabhar, a amadáin, cuir ar ais mar a bhí sé. :mad:


  • Registered Users Posts: 169 ✭✭lfqnic


    ugh, agus de ghnáth ní bhíonn siad rómheabhrach ach an oiread, mar sin ní bhíonn nótaí fiúntacha scríofa acu fiú!


  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana


    Seo an tuiscint atá ag pleanálaí turas Iarnród Éireann ar 'Bhaile Átha Cliath'. Tá iontas orm gur aithnigh sé 'Cill Áirne'


    6AGrvh.png


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    lfqnic wrote: »
    ugh, agus de ghnáth ní bhíonn siad rómheabhrach ach an oiread, mar sin ní bhíonn nótaí fiúntacha scríofa acu fiú!

    Sin é díreach. Déarfainn go smaoiníonn siad "hmm, níl tuairim dá laghad faoin ábhar seo - b'fhéidir má chuirimse líne fé gach uile abairt, foghlaimeoidh mé rud".


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Sé bliana i ndiaidh tosach na snáithe seo agus tá an ghráin chéanna agam ar an nGeimhreadh fós. Is fuath liom Mí Eanáir!


Advertisement