Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Ag Déanamh Aistriúcháin de Ríomhchluichí

Options
  • 23-01-2012 11:48pm
    #1
    Registered Users Posts: 264 ✭✭


    Baill ó Dhia oraibh :P Táim ag iarraidh tosú cluichí éagsúla a aistriú go dtí teanga na Gaeilge. Ach cé nach bhfuil cúpla focail ar eolas agam ó am go h-am (nó an aistiúchán ceart b'fhéidir ;) ), caithfidh mé an cheist a chur oraibh.
    Sula dtosóidh mé, is dócha gur cheart dom beagáinín a labhairt fúm féin. Is mise Ed, Éamonn as Gaeilge. Rugadh mé i dtuaisceart Contae Chorcaí. D'fhoghlaim mé an Béarla ar dtús, ach thosaigh mo mháthair múineadh an Ghaeilge nuair a bhí mé thart ar 2 bhliain d'aois :P Foghlamaim teangacha mar chaitheamh aimsire ina theannta ^^ Faraor níor chónaigh mé i nGaeltacht, cé go dteastóidh uaim. Mar sin, (tar éis rá faoi rudaí amaideacha le tamall ;) ), éilim bhur gcabhair leis an dtionscadal seo dá bhfuil an t-am á thiomnú agam ^^

    B'fhíor a rá nach bhfuil na nithe le h-aistriú gnách ó SimCity 4... Rudaí de shaghas:

    "The insidious doctor has commandeered a bus and he wants you to drive it. Bring the stolen bus to an evil inventor's house where he will install a velocity-triggered stink bomb. Then drop the bus off at the agreed upon bus stop. Succeed and when the bus goes over 50 mph the stink bomb will trigger! Bwa ha ha ha ha!"
    "#Advisor# Signs On As Volunteer At Parent Teacher Conference"
    "Man addicted to licking stamps donates tongue to science"

    ...agus mar sin de :P

    Mar sin, is dócha chun tosú gur chóir dom aistriúchán a fháil d'fhocail seo ar dtús? "Sim", "Fluffy the Wondercat", "Hotspot", "U Drive It" (ar nós "you drive it" mar mhód cluiche") agus "Shows the up to the minute citywide average Mayor Rating.". Sin iad chun inniu ar aon nós ^^


Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Is tionscnamh fíor mhór é sin. An féidir Sim City a aistriú fiú!?

    Bain thriall as focal.ie, agus an bhfoclóir anseo: http://borel.slu.edu/corpas/index.html

    Beidh ort cúpla focal a cruthú. Tá "sim" gearr do "simulation" - b'fhéidir "samhail"?
    Bain taitneamh as an iarracht :)


  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Is féidir go deimhin! Sula scriosadh an méid do rinne mé seal ó shin, bhí tuairim is leath den chluiche aistraithe agam. Tá ~5,000 comhad le h-aistriú, ach is beag an obair maidir leis an bhformhór dóibh. Úsáidim ríomhchlár chun an cluiche a athrú agus mods a dhéanamh ^^ Má éiríonn le m'iarracht seo, tá seans ann go n-aistreoidh mé tuilleadh cluichí, b'fhéidir The Sims 3 nó cluiche de shaghas éigin eile :P

    Seo é pictiúr de cad atá á dhéanamh agam.

    Nasc

    Tógfaidh sé neart ama, ach is cuma liom ^^

    B'fhéidir go ngearrfaí é go "samh"? :P
    Okay, anois ó thaobh focal de, úsáidim focal.ie & Google Translator faoi láthair. Níor úsáid mé an ceann eile riamh ^^
    Tá go maith, mar a fheicimse anois é, caithfear dul i dteagmháil libh chun na focail a bheidh de dhíth uaim a chruthú.
    Mar shampla, caithfimid rian an fhocail a fháil agus é a aistriú i gcruth atá gan Béarlagas a bhfuil indéanta. Níl aistriúchan de dhíth uaim a bheadh líonta le tuilleadh Bearla ná le focail a bhfuil bríonna nádúrtha na Gaeilge acu. Fiú dá dtógfaí bliain nó níos mó chun é seo a chur i gcrích, beidh fiú é má tá cluiche ann ag deireadh a bhfuil céim focal cruthaithe agus aistriúcháin an-ard air.
    Is fearr cáilíocht ná cainníocht :D


  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Céard a bheadh "noogie" as Béarla? Nó fiú rian an fhocail?


  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Doink.

    gaeilge-2.jpg?t=1327787821


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tá tú ag frickin magadh! :)

    Tá sé sin thar bharr! An mbeidh tú ag chur an aistriúcháin ar fháil?


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Tá sé i ndáiríre :D

    Uaslódáilfear an t-athrú nuair a bheidh sé críochnaithe ar Simtropolis.com ^^
    Tá thart ar 700/5,000 comhad críochnaithe agam tar éis 4 lá ag aistriú; tá sé ar nós ifrinn xD
    Fan go bhfeice sibh ^^


  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Caithfear a admháil go mbrathnaíonn sé saghas greannmhar xD

    gaeilge1.jpg?t=1328051030

    Chaith mé 20 nóiméad ag aistriú, rinne mé beagáinín níos mó :P


  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Heh.

    gaeilge2.jpg?t=1328454533


  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf


    earwax_man wrote: »
    Heh.

    gaeilge2.jpg?t=1328454533
    An-obair go deo!
    Díreach mar eolas duit, más "Ford House" atá i gceist agat le "Teach an Átha", ba de shliocht Éireannach é Henry Ford, agus tugtar "Mac Giollarnáith" ar "Ford" sa gcomhthéacs seo.


  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Ááá, ní raibh 'fhios agam cén comhthéacs a bhí i gceist ag an ainm sin; déanann sé sin i bhfad níos mó ciall :o
    Tá i bhfad níos mó déanta agam nach bhfuil soiléir sna pictiúirí thuaschurtha in iúl; nuair a bheidh an mír seo aistrithe agam (táid scoilte de réir grúpa áisc), cuirfear an t-athrú le h-íoslódáil ar an idirlíon le h-aghaidh sórt béite-tastála :p


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Heya, mar pháirt den thionscadal Éireann [The Ireland Project ar Simtropolis], thóg mé sos beag dá bharr mo thriailscrúduithe. Táid go léir thart anois, mar sin bhain mé atriail as an t-Áiléir Ealaíon Crawford a chruthú. Thosaigh mé an foirgneamh a thógáil le linn Lúnasa, ach stad mé go dtí lá ó shin. Ach athosaigh mé inné agus tá beagnach leath den fhoirgneamh críochnaithe agam. Caithfidh mé fós níos mó a dhéanamh (soiléir cheanna féin), ach le cúnamh Dé go mbeidh sé níos gaire do bheith críochnaithe go luath. Beidh ormsa an mhír a chruthú atá réalaíoch; cuir i gcás na crainn um an áíléir, gluaisteáin, fálú miotal, fógraí agus msd. Bhíos ann seachtain ó shin, mar sin tá neart pictiúr agam den fhoirgneamh. Dá úsáid Google Maps, Google Earth agus pictiúirí atá liom féin, níl sé dodhéanta. :) Úsáidim 3ds Max 2012 chun é seo ^^

    Seo é nasc má 'tá suim agaibh breathnú ar an dtionscadal ar Simtropolis
    Gliogáil chun fairsingigh!

    th_1-23.jpg th_2-10.jpg th_3-3.jpg th_4-4.jpg

    GRMA :D


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Cúpla ceist beag agam duit, níor chuala mé focal nó dhó a úsáideann tú:

    Cad is brí le:
    fairsingigh

    (Caitheamh) Píoige

    Beidh orm an chluiche a ceannach má leannan tú ort :P


  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Fairsingigh -> To expand/maximise
    Píoige -> Píog -> Pie

    Ha, nuair a bheidh mé críochnaithe leis lean ort ^^ Um an dtaca seo táimse ag múnlú Áiléir Crawford Chorcaigh; tig leat/libh breathnú ar san anseo.

    ailear_chorcai.jpg?t=1329334592

    Fillfidh mé go luath don aistriúchán ^^


  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    Ritheadh liom graifítí Gaeilge a dhéanamh don fhoirgneamh; aon thuairimí faoinar chóir dom a chruthú maidir leis? Aon mholtaí díbh? :P

    sreabhadh_coip.jpg?t=1329402561


  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man




  • Registered Users Posts: 264 ✭✭earwax_man


    An bhfuil aon shuim ag éinne an t-athrú a chur ina c(h)luiche? Níl sé críochnaithe, ach tá tuilleadh aistrithe agam :)

    Nasc anseo más uaibh.
    Gliogáil orm!

    Chun an t-athrú a úsáid, dízipeáil an comhad, agus bog an fillteán iomlán go dtí an fillteán "Plugins" atá i "[My] Documents"/"[Mo] D[h]oiciméid" ar do ríomhaire chun SimCity 4 :)


Advertisement