Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An modh thaistil is fearr leat

  • 30-08-2019 7:55pm
    #1
    Registered Users Posts: 53 ✭✭


    Domsa,an gluaisrothar.An bhfuil aon rud níos fearr san saol,bheith ag taisteal ar an líne bhán sin i lár an bhóthair,agus na daoine sna carranna sáite ins an tranglam tráchta.:DGan trácht ar an lána bhus:D


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Dúradh liom agus mé i mo pháiste nach mbeadh fáilte romham sa bhaile arís go deo dá dtiocfainn abhaile riamh le gluais-rothar. :pac:

    Is aoibhinn liom an rothaíocht tréimhsí dea-aimsire. :)


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    É sin ráite, téim beagnach gach áit sa charr. Bhí mé i bhfad níos aclaí sula bhfuair mé mo charr féin. Déarfainn go bhfuil 10kg breise orm ó thosaigh mé ag tiomáint go rialta.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    An traein, gan amhras. Compórdach, tapaidh, gan trácht. Tá sé go hiontach ag taistil ar a' dtraein go cluiche peile, le beoir nó dhó ar an slí.

    Ar lá grianmhar, is iontach dul ar rothar, leis an ngaoth i d'aghaidh agus tú ag rothaíocht. I ndáiríre, bíonn amhras orm rothaíocht sna cathracha leis an meoin a bhíonn ag roinnt tiománaí i gcoinne rothaithe. Sin ráite, tá infreastruchtúr maith go leor i gCorcaigh, leis na rothair poiblí agus na lánaí rothaíocht. Is aoibhinn liom nuair a bhíonn an seans an bóthar a fhágaint agus dul tríd an bpáirc.


Advertisement