Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all,
Vanilla are planning an update to the site on April 24th (next Wednesday). It is a major PHP8 update which is expected to boost performance across the site. The site will be down from 7pm and it is expected to take about an hour to complete. We appreciate your patience during the update.
Thanks all.

Tri bhliana nó trí bliana?!?

Options
  • 28-09-2008 2:16pm
    #1
    Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,480 Mod ✭✭✭✭


    Tá sé seo ag cur isteach orm. Cheapas i gcónaí gur trí bhliana a bhí ann.
    Ach tá siollabas agam anois don teastas eorpach na Gaeilge agus trí bliana atá acu. Argh. An bhfuil an freagra ceart ar eolas ag éinne?

    Chomh maith leis sin tá "An bhfuil tú gaol agat le Michéal" acu.
    That sound odd to anyone else?

    Go raibh míle!


Comments

  • Moderators, Education Moderators, Regional South East Moderators Posts: 12,475 Mod ✭✭✭✭byhookorbycrook


    trí bliana

    bhfuil gaol agat le x
    nó bhfuil tú gaolta le x


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    An gnáthriail a bhíonn ann maidir le comhaireamh ná:
    1 - 6 - séimhniú
    7 - 10 úrú
    agus ní dhéantar aon athrú eile ar litriú an fhocail.

    Ach tá grúpa áirithe ainmfhocal atá eisceachtúil sa chaoi seo agus a mbíonn a litriú speisialta féin acu ó 3 - 10. Ní chuirtear an riail thuas maidir le séimhiú i bhfeidhm i gcás na bhfocal seo, ach déantar urú go fóill. Níl ach líon beag de na hainmfhocail seo; ceann, bliain, uair, seachtaine, troigh, orlach, cloigeann srl.

    De réir an chaighdeáin:

    Bliain:

    Aon bhliain amháin
    Dhá bhliain
    Trí bliana
    Ceithre bliana
    Cúig bliana
    Sé bliana
    Seacht mbliana
    Ocht mbliana
    Naoi mbliana
    Deich mbliana
    Aon bhliain déag
    Dhá bhliain déag
    trí bliana déag srl.......

    Tabhair faoi deara go bhfuil leagan an fhocail díreach cosúil leis an tuiseal ginideach.


Advertisement