Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An tseanchló

  • 09-08-2015 10:02pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 895 ✭✭✭


    An dtaitníonn an seanchló libh? Tá cúpla leabhar á léamh agam faoi láithar sa sheanchló leis an séimhiú agus an sean "r" agus "s" ach an oiread. Is iontach iad!


Comments

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Ceann des na rudaí is measa gur deineadh den teanga, im'thuairimse, ná í a chaighdeánú. Is álainn é an seanchló. B'fhíor-thábhachtach de shainiúlacht na Gaoluinne é. Scriosadh é chun mheallacacht na teanga a mhéadú, ach ní dóigh liom gur éirigh le san go réasúnta. Níorbh'fhiú é don chailleadh a chuaigh leis.


  • Registered Users Posts: 789 ✭✭✭Beanntraigheach


    Is breá liom an seanchló. Tá cnuasach leabhar a clóbhualadh leis bailithe agam.
    B'fhearr de chóras chun séimhithe a léiriú an ponc ná an flúirse 'h'-eanna atá againn anois.
    De dheascaibh a chur ar ceal, agus athchóiriú an litrithe, is ar éigean is féidir lena lán daoine an lá atá inniu ann leabhair a clóbhualadh roimh na seascaidí a léamh. "Sean-Ghaeilge" a thugtar ar an nGaeilge iontu uaireanta! Is mór an trua é, dar liom.


  • Registered Users Posts: 186 ✭✭That username is already in use.


    B'fhearr liomsa an Ghaeilge a léamh sa seanchló (tá sé níos nádúrtha i mo thauirim) ach tá sé deacair leabhair a aimsiú sa seanchló na laethanta seo.

    Cheannaigh mé Kindle Voyager ón Amazon agus táim ag lorg e-leabhair sa seanchló - níl aon! Mar sin féin, is féidir libh an nuacht a léamh sa seanchló ar nuacht1.com

    http://nuacht1.com/lang.php?lang=sc


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 6,769 Mod ✭✭✭✭nuac


    Sea, ba deas an rud é an sean-cló.

    Bhí sé agam sa bunsgoil agus an mean-sgoil.

    Ach sílim gur ceart an athru chuig an litriu nua.

    I bhfad níos éascaí

    D'athruigh na Gearmánaigh a gclo-scríbhinn freisin i


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,831 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ní raibh fhios agam faoin athrú sin sa Ghearmáinis. An-suimiúil ar fad!

    Is maith liom an tseanchló agus uaireannta bím á scríobh i bhfoirm ealaínta, cosúil le graifítí ard-nósach. :D


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,672 ✭✭✭An Riabhach


    http://pic.twitter.com/vuspcZfqYP
    Mo chéad iarracht an cló Gaelach a scríobh.


Advertisement