Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Gaeilge: Cad tá i ndán di?

  • 15-10-2018 12:20am
    #1
    Registered Users Posts: 8,636 ✭✭✭


    Osclaítear snaidhm ó am go céile i mBoards.ie maidir le ceist ginearálta na Gaeilge. Cad is féidir a dhéanamh chun é a threisiü? Ní chreidim go bhfuil aom mhaitheas ag baint le díospóireacht le daoine nach bhfuil meas madra acu ar an Ghaeilge. Düirt aire rialtais na blianta ó shoin gurbh é an slí chun an Ghaeilge a athbheóchaint nà é a labhairt is gan a bheith ag labhairt füithí. Cad é do thuairm?


Comments

  • Registered Users Posts: 1,871 ✭✭✭deirdremf


    Bí á labhairt.
    Bí á léamh.
    Bí á scríobh.

    Déan do dhícheall chun an teanga a shealbhú chomh maith agus is féidir leat, i réimsí éagsúla den saol.

    Cur i gcás - an ndéanann tú obair láimhe ariamh? má dhéanann, an bhfuil an foclóir ar fad a bhaineann leis an obair sin ar eolas agat i nGaeilge?
    Mura bhfuil, cuardaigh an t-eolas agus beidh tú ag cur le do chuid Gaeilge - agus beidh tú in ann an t-eolas a chur ar aghaidh go dtí daoine eile, nó go dtí and chéad ghlún eile!

    Bí ag déanamh rudaí nua trí mheán na teanga gach uair a fhaigheann tú an deis.

    Ó thaobh a bheith ag díospóireacht le daoine atá ina coinne, tá fadhb ann muna mbíonn muid páirteach sa díospóireacht sin: go bhfágfar blár an chatha leo, agus tá seans ann go n-éistfear leo seachas linne.

    Is é sin le rá, ní hé go bhfuil mórán le buachtaint againn as gan cúrsaí a phlé leo, ach tá go leor le cailliúint mura nglacann muid páirt.

    Bí párteach i ngrúpaí chun dul i mbun rudaí éagsúla, do chuid caitheamh aimsire srl, nó bunaigh ghrúpa mura bhfuil a leithéid ann cheana.


  • Registered Users Posts: 8,636 ✭✭✭feargale


    deirdremf wrote: »

    Ó thaobh a bheith ag díospóireacht le daoine atá ina coinne, tá fadhb ann muna mbíonn muid páirteach sa díospóireacht sin: go bhfágfar blár an chatha leo, agus tá seans ann go n-éistfear leo seachas linne.

    Is é sin le rá, ní hé go bhfuil mórán le buachtaint againn as gan cúrsaí a phlé leo, ach tá go leor le cailliúint mura nglacann muid páirt.

    Mar is eol duit tá dhá snaidhm ar siül fé láthair, agus roinnt daoine ag argóint i bhfàbhar na Gaeilge i slí éigean. Seacas tú féin ainmnigh duine díobh a phostaigh riamh as Gaeilge


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,850 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Fanaimse féin amach desna hargóintí sin anois. Níl iontu ach cluiche seafóideach biongó. Cloistear na pointí céanna arís is arís eile, agus tagann troll nua isteach sa troid chomh luath is go mbréagnaíonn tú pointí ón gcéad ceann. Bíonn ainmneacha nua ar na cuntais, ach an dream céanna daoine taobh thiar den aighneas i gcónaí.


  • Registered Users Posts: 7,237 ✭✭✭mcmoustache


    Má thagann an cómhrá sin aníos agus mé amuigh ag ól, éalaím amach i gcomhar toit nó chun pionta úr a fháil.


Advertisement